Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
In 1984 mealladh é go Antigonish, Albain Nua, Ceanada, de bharr oidhreacht Ghaelach na bpobal ar an mhórthír thuaidh agus ar Oileán Cheap Bhreatainn, áit ar bronnadh Cathaoir Sister Saint Veronica i Léann na Gaeilge air in Ollscoil St Francis Xavier ··· Stiúir sé agus d’eagraigh sé Togra Digiteach Gaelach St Francis Xavier ó 2000 go 2001, inar cuireadh tríocha píosa ó Bhailiúchán Béaloidis Cheap Bhreatainn St Francis Xavier ann. Thug sé cainteanna ag iliomad comhdhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus ba mhinic a thug sé páipéir ag comhdhálacha CAIS [Canadian Association of Irish Studies] in Albain Nua, in Ollscoil Naomh Muire, Halifax, agus in Ollscoil Naomh Tomás in Fredericton, Brunswick Nua, go háirithe ··· Idir 1987 agus 1996 d’fhoilsigh sé sraith de sheachtó alt in The Casket bunaithe ar ábhar a bhailigh sé ó chainteoirí deireanacha Ghaeilge na hAlban in Albain Nua, agus idir 1995 agus 2002 d’fhoilsigh sé sraith alt ar ghramadach agus ar fhoghraíocht na Gaeilge san iris Halifax, Celtic Heritage ··· I dtreo dheireadh a shaoil bhí sé pósta ar Marty agus chuir siad fúthu in Antigonish go dtí gur cailleadh é ar an Aoine 13 Aibreán 2012 in Cape George, Contae Antigonish, Albain Nua, Ceanada. Foinsí (2012) ‘Obituary: Ken Nilsen’ Newsletter
Bhronn ollscoileanna sa tSualainn, Albain Nua agus sa Bhreatain Bheag, seacht gcinn díobh, dochtúireachtaí air