Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chomórtas Peile na Gaeltachta agus chaith tamall ina chathaoirleach ar an gcoiste náisiúnta. Tar éis don Aire Poist agus Teileagrafa, Gearóid Ó Coileáin, a fhógairt sa Dáil i mí Feabhra 1971 go raibh Raidió na Gaeltachta le bunú, faoi scáth RTÉ, bhí Feardorcha ar dhuine de sheachtar clár-reachtairí a ceapadh agus é le cloisteáil ar Tiomchuairt na nGaeltachtaí, an chéad chlár a craoladh tar éis d’Uachtarán na hÉireann, Éamon de Valera, an stáisiún a oscailt Domhnach Cásca, 31 Márta 1972. Níorbh fhada go raibh aithne mhaith ar ghlór Fheardorcha laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht agus é i mbun clár spóirt, nuachta, ceoil, polaitíochta, cláir don aos óg, cláir díospóireachta, drámaí agus irischláir. Ceapadh é mar Oifigeach Réigiúnach Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga in 1974 agus ba le linn a réimis a d’aistrigh stiúideonna an stáisiúin as Sraith na Corcrach go dtí an Screabán agus a cuireadh, de réir a chéile, le huaireanta craolta an stáisiúin in 1975, 1979 agus 1986