Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Sa Chorrbhaile, an Droim Mór, Co
Ar na daoine a rinne moltóireacht ag cuid de na feiseanna sin bhí Dubhghlas de hÍde agus Pádraig Mac Piarais, agus deir Monica Paton, iníon le Mártan Ó Gacháin, atá ag cur fúithi i Sasana anois, gurbh iadsan a mhol dá hathair freastal ar Choláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh, áit ar oileadh é mar mhúinteoir Gaeilge in 1905. Faoin tráth sin, bhí sé ag obair mar mhúinteoir taistil de chuid an Chonartha ar an Droim Mór i ndeisceart Thír Eoghain, áit a raibh ball de Choiste Gnó na heagraíochta, an tAthair Maitiú Maguidhir, thar a bheith gníomhach i gcur chun cinn na teanga