Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Bhí dualgas dleathach air bliain de sheirbhís airm a thabhairt don tSualainn ina dhiaidh sin agus chaith sé cuid mhaith dá thréimhse mar chúntóir leabharlainne sa chartlann mhíleata i Stócólm. Ar chríochnú na bliana sin dó, d’fhill sé arís ar an Íoslainn ··· Ba é an t-ábhar a bhí aige don staidéar sin an aoir agus an draíocht a bhain léi i seandúchas na hÍoslainne ··· Foilsíodh alt leis ar bhéaloideas na hÍoslainne agus nóta báis faoin iarthaidhleoir agus scoláire Brian Earls in Béaloideas 81 (2013)
D’fhág sin ar a compord í le linn na dturas a thug sí ar mhórán chuile thír san Eoraip, ar Chúba, an Túinéis, Maracó, na Stáit Aontaithe, an Éigipt, an Íoslainn agus Barbadós
Bhain siad Santander i dtuaisceart na Spáinne amach in 1981, agus in 2003 chuaigh siad chomh fada leis an Meánmhuir gur thugadar cuairt ar an ardeaglais in Otranto i ndeisceart na hIodáile mar a bhfuil Naomh Bréanainn i gcurach le feiceáil i mósáic urláir. Sa bhliain 2011 bhí Danny freisin ar luamh de chuid Barry, Ar Seachrán, nuair a sheol an criú as an Daingean chun na hÍoslainne, aithris ar aistear a rinne Naomh Bréanainn agus manaigh Éireannacha eile dhá chéad déag bliain roimhe sin, de réir an tseanchais