Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 41
Deir sí ina cuntas féin gur thug Sir Joseph Glynn cuireadh chun Tuaim di agus gur fhostaigh Clochar na Toirbhirte í agus gur mar sin a tharla gur casadh an Dr Thomas Bodkin Costello uirthi ··· Ba í Eibhlín a bhronn na duaiseanna ar na buaiteoirí ag an bhFeis i dTuaim ar 15 Lúnasa 1902 ··· Costello of Tuam”. Thosaigh sí ag bailiú na n-amhrán i gceantar Thuama i 1904 ··· Ba mhinic ina suí i bhfuinneog an tí i dTuaim í ag faire go bhfeiceadh sí amhránaí dá cuid ag teacht isteach ón tuaith ··· Ar an Domhnach tháinig an chéad charr isteach i Sráid Uí Chonaill tar éis na troda agus ba iad an Dr Tomás agus Sir Joseph Glynn a bhí tagtha chun Eibhlín agus a hiníon Nuala a thabhairt abhaile. Le linn Chogadh na Saoirse bhí sí tamall ina Cathaoirleach ar Choimisinéirí Baile Thuama agus ina ball de Chomhairle Cheantar Tuaithe na Gaillimhe Thuaidh
Tháinig an buachaill isteach go Tuaim agus bhreatnaigh an tArdeaspag go grinn é ··· Deir Máirín Ní Mhuiríosa: ‘Ní miste a rá gur lárionad do lucht na Gaeilge, i gcéin agus i gcóngar, a bhí i dTuaim an fhad a bhí an páipéar seo á fhoilsiú’ ··· Fuair sé post ansin mar chléireach baile i dTuaim ach bhí ag teip ar a shláinte ··· Le daichead bliain bhí sé ag teagasc na Gaeilge saor in aisce sa bhaile agus bhí ina rúnaí ar an gcraobh de Chonradh na Gaeilge a chuir Tomás Ó Concheanainn [B2] ar bun i dTuaim ar 10 Márta 1899
Scoil neamhspleách de chuid Sheáin Mhic Héil a bhí i mBaile an Mhuilinn. Chuaigh sé ar ball go dtí Coláiste Iarlatha i dTuaim agus chuaigh isteach i Maigh Nuad ar 3 Meán Fómhair 1892 ··· Dhealródh sé gur Phoblachtach é agus insítear scéal air gur lean sé sagart paróiste i gceantar Thuama le gunna go gairid i ndiaidh do Státairí i dTuaim buachaillí poblachtacha a lámhach i 1922
D’fhill sé ar Thuaim chun bheith páirteach in éirí amach 1867 ··· Níor tharla aon éirí amach i dTuaim, ar ndóigh. Cé go raibh sé ina fhear fásta faoin am seo chuaigh sé ar scoil arís ar feadh dhá bhliain go leith chuig na Bráithre Críostaí i dTuaim
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Duine mór le rá san Irish Society ba ea an fear seo a bhí ina Ardeaspag ar Thuaim ··· Ceapadh é ina easpag ar Phort Láirge in 1802, ar Ailfinn in 1810, ina ardeaspag ar Thuaim in 1819 agus in 1834 cuireadh deoise Chill Ala agus Achadh Chonaire faoina chúram freisin ··· Ba é an duine deireanach é in ardeaspagóideacht Eaglais na hÉireann i dTuaim. Bhí baint an-mhór aige leis an Irish Society agus bhí beartaithe aige gan ach sagairt le Gaeilge a bheith i nDeoise Thuama
An bua a rug sí i gcomórtas amhránaíochta i dTuaim nuair a bhí sí deich mbliana d’aois an chéad uair a tugadh a hainm os comhair an phobail (An Claidheamh Soluis 16 Lúnasa 1902) ··· Bhí sí ar scoil i gClochar na Trócaire i dTuaim agus i gCaisleán an Bharraigh ··· Ghnóthaigh Mairéad Ní Oisín, Béal Chláir, Tuaim, an corn le cúig mharc déag
Is léir ar Uilleog de Búrca: Athair na hAthbheochana, 1981 le Proinsias Ó Maolmhuaidh gurbh é ceapachán an Bhúrcaigh ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Iarlatha, Tuaim, agus ina rúnaí ag Mac Héil, ar chol ceathar leis é, a chuir tús le pairtnéireacht thorthúil agus a dheimhnigh go raibh Tuaim ina lárionad Gaeilge ar feadh na tréimhse 1851-76 ··· D’éag Mac Héil 7 Samhain 1881 agus cuireadh é i dTuaim. Is é a thugann Proinsias Ó Maolmhuaidh le tuiscint gur ar chúnamh Uilleog de Búrca a bhí sé ag brath chun a shaothar liteartha a scríobh, nár fhoghlaim sé scríobh na Gaeilge go raibh sé os cionn caoga
Shíl a chomhoibrí Proinsias Mac an Bheatha gur Ghaillimheach é ‘agus Gaeilge bhinn an chontae aige ó dhúchas nó sin a thuig mé, de réir mo chuimhne’ (An Earnáil agus an Ghaeilge,1985) Faoi 1907 bhí sé ag obair i dTuaim ··· Bhí sé pósta ar Alice Gannon ó Thuaim
Faoi 1595 bhí Ó Cearnaigh agus Bhailís marbh agus bhí Ó Domhnalláin ceaptha ina Ardeaspag ar Thuaim ··· He endeavours to keep as close to the English as possible, but he never allows himself to forget the rhythm of the language into which he is translating, so that he achieves phrasing which is at once the spirit of the original and truly and elegantly Irish.’ An luach saothair a fuair sé gur coisreachadh é mar Ardeaspag ar Thuaim 2 Lúnasa 1609
Nuair a fuair a athair bás chuaigh a mháthair go Meiriceá agus cuireadh Peadar ar aíocht i gColáiste Iarlatha i dTuaim ··· Deirtear go raibh Gaeilge aige óna mhuintir agus rinne sé staidéar uirthi i dTuaim faoin Athair Uileog de Búrca[q.v.]
B’fhéidir, ar an taobh eile den scéal, go raibh cuid den cheart ag an Urramach Jackson, Déan Thuama, nuair a scríobh sé in The Church Of Ireland Gazette (14 Lúnasa 1959): “He was a great Irish scholar and for that reason was most popular in all the western parishes where he served ··· I rith 50 bliain bhí ailt aige in The Church of Ireland Gazette. Oirníodh do dheoise Fhearna é i 1900 agus is i gCrois Phádraig a bhí sé ag obair go dtí 1902 nuair a d’aistrigh sé go deoise Thuama mar a raibh sé ina Reachtaire ar Shailearna go dtí 1919
Cuireadh meánoideachas air i gColáiste Iarlatha, Tuaim
Ach b’éigean dó Tuaim a fhágáil chun dul go dtí an Eilvéis arís
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I dTuaim a rugadh é ar 18 Nollaig 1878
Tháinig an t-amhránaí cáiliúil Áine Ní Oisín chun lámh chúnta a thabhairt dó - is le linn dá deirfiúr Mairéad, amhránaí cáiliúil eile cheantar Thuama, a bheith ar saoire i dteach an Athar Maitiú a casadh uirthi an Dr Seán Mac Cana, oibrí mór sa ghluaiseacht agus an fear a phósfadh sí ar ball. Bhíodh céilí ar siúl gach Domhnach i gceann de na scoileanna agus théadh an tAthair Maitiú ann chun clabhsúr a chur ar an oíche leis an bpaidrín páirteach
Ó 1910 go 1914 bhí sé ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Iarlatha, Tuaim
Bhí sé ina bhall de choiste Choláiste Chonnacht agus nuair a bhí Ardeaspag Thuama ag áitiú i 1909 gur aigesean amháin a bhí cearta chun príomhoide a cheapadh, tharla gur leis talamh an choláiste i bPartraí, bhí Conchubhar ar dhuine díobh sin a bhí ag seasamh go daingean ina aghaidh
Tar éis scolaíochta i gClochair na Trócaire i Roisín na Mainiach, sa Chlochán agus i dTuaim chuir sí fúithi i mBaile Átha Cliath
Phós sé Marion Kelly as Tuaim 6 Márta 1894 agus bhí seachtar clainne acu, ar dhuine díobh P.D
Thuigfeá ó chuntas de Bhaldraithe gurbh i gColáiste Iarlatha i dTuaim a d’fhoghlaim sé Béarla
D’aimsigh sé an leac atá le huaigh Sheáin Uí Thuama agus ghlan í agus chuir a ghriangraf chugam i gcóir an leabhair
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Ráth Teis, Cill Chonla, Tuaim, Co
Ryan nach raibh puinn den teanga aige. Nuair a ceapadh an tEaspag Ó hÉalaí ina Ardeaspag ar Thuaim i 1903 ba é an Donnabhánach rogha na sagart mar chomharba i gCluain Fearta
Phós sé Mary Christina Fahy as Cill Fhear Odhráin in aice le Tuaim i 1944
Bhí sé ina dhiaidh sin ina chúntóir ag ardeaspag Thuama agus ceapadh é féin i gceannas na hard-deoise i 1595
1475-1700, 1997 deir Tony Sweeney go raibh sé ina bhiocáire ginearálta ar Thuaim agus níos deireanaí ina bhiocáire aspalda ar Chill Ala, agus cumhacht easpaig aige
Ba é Mathghamhain Ó hUiginn, file a d’éag 1585, athair Thaidhg Dhaill; mac eile leis ba ea Maol Muire (d’éag c.1590) a bhí ina ardeaspag ar Thuaim (tá dánta a leagtar air i gcló in Nua-Dhuanaire I, 1971, Measgra dánta II, 1927 agus in Aithdioghluim dána, 1939)
Is sa Róimh a bhí sé go fóill ar 30 Márta 1609 nuair a ceapadh é ina Ardeaspag ar Thuaim
Chabhraigh sé le Sinn Féin in Olltoghchán 1918 agus bhí ar aon ardán le Darrell Figgis, Larry Ginnell agus Pádraig Ó Máille [B3] i dTuaim oíche
Bhíodh na hamhráin le cloisteáil amuigh is istigh.’ Thaifead sí féin amhráin ó Shorcha nuair a bhí sise 82 bliain d’aois agus thóg Jean Ritchie, bailtheoir clúiteach as Meiriceá, amhráin uaithi agus gan amhras ó Mháire Áine féin. I mbunscoil Sailearna agus i gClochar na Trócaire, Tuaim, a cuireadh oideachas uirthi
Tar éis tamaill ina feighlí páistí ag dochtúir i dTuaim, Co
Bhí sé pósta ar dheirfiúr le hUilliam Ó Domhnaill[B7], a chomharba i dTuaim agus príomhaistritheoir an Nua-Thiomna
Sin a chuir ar a chumas scoláireacht a bhuachan go Coláiste Iarlatha, Tuaim, agus ina dhiaidh sin go Coláiste Sheosaimh, Béal Átha na Sluaighe (‘Garbally’)
Mac le Seán (Fear) Ó Tuama [B2] ba ea é agus deartháir le Seán Óg Ó Tuama [B2] agus le Máire Ní Thuama (d’éag 13 Iúil 1972), duine den bheagán ban a imtheorannaíodh i rith 1939-45
Bhí sé páirteach go minic i léiriúcháin na Taibhdheirce, ach go háirithe i rith na sé bliana sin a chaith sé mar mhúinteoir sa cheardscoil i dTuaim, Co
na Gaillimhe, ab ea a athair, Maitias, a phós oide eile as an Leathbhaile in aice Thuama darbh ainm Chris McHugh
Tuairiscíodh 10 Feabhra 1906 gur chuir sé agallamh ar an gCanónach Ó Maicín i dTuaim agus ar 31 Márta 1906 gur bhunaigh sé craobh ar an gCeathrú Rua
De mhuintir Thuama é
Ó 1820 go dtí gur fhill sé ar dheoise Thuama in 1826 a bhí sé ina ollamh
Bhí sé pósta ar Elizabeth Ann de la Poer Beresford, iníon le hArdeaspag Thuama, le hocht mbliana agus bhí a mbeirt iníonacha agus a dtriúr mac an-óg
Dúirt a bheathaisnéisí Proinsias Ó Maolmhuaidh: ‘Cuireadh tús le ré órga Thuama mar lárionad athbheochan na Gaeilge sa tír le nascadh na nGaeilgeoirí díograiseacha seo’