Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 6
I Sliabh Rua i ndeisceart Chontae Chill Chainnigh a rugadh é 18 Deireadh Fómhair 1914 ··· Bhí sé ar scoil i Sliabh Rua sula ndeachaigh sé go bunscoil Chnoc Síon i gcathair Phort Láirge ··· D’fhreastail sé ar rang oíche Labhráis Uí Chadhla[B3] i Sliabh Rua; uaireanta is i dteach na mBreatnach a bhí sin ar siúl agus bhí de thoradh air go bhfuair sé scoláireacht chun cúrsa samhraidh i gColáiste na Rinne ··· D’éag sé 26 Deireadh Fómhair 1992 agus tá sé curtha i Sliabh Rua
Le bunmhúinteoireacht freisin a chuaigh a dheirfiúr agus a thriúr deartháireacha; fuair deartháir eile bás den fhliú mór agus é ag dul le sagartacht i Maigh Nuad. I scoil aon mhúinteora i Sliabh Rua, Co
Deimhníonn taifid pharóiste Chill Mhic Bhúith go raibh sagart darb ainm Francis Donovan ag obair i bparóistí an Ghleanna Mhóir agus Shliabh Rua idir 1768 agus 1786
‘Fear na Muintire’ ceann dá ainmneacha pinn ach d’úsáideadh sé freisin, de réir mar a d’oirfeadh do ábhar a aiste, Shel Martin, Sliabh Rua, Criadhaire, Hi Fiachra, Gleann an smóil, Knockseadon, Baltrasna, Feltrim, Ballinascorney, Killester. I Márta 1901 tholg sé slaghdán trom ach aire níor thug sé dó féin ach d’imigh leis go Maigh Eo chun labhairt ag cruinniú
Chorcaí. Bhí cáil ar leith ar an deartháir eile Pilib (‘Sliabh Rua’) de bharr na n-amhrán a chum sé agus na dtéarmaí Gaeilge a chuir sé ar fáil do lucht na gcluichí Gaelacha; bhuaigh na téarmaí duais Oireachtais i 1906—bhí cuid díobh i gcló in An Claidheamh Soluis chomh luath le 5 Deireadh Fómhair 1907
Bhí a chéad aiste léannta i gcló in Éigse, geimhreadh 1939, ‘Carraig Seac’, arb é atá ann cúlra stairiúil amhrán sin na ndeachúna, téacs an amhráin, leaganacha de véarsa a scríobh sé síos go foghrúil ó Shéamus Breatnach i Sliabh Rua in 1938 agus ó Mhaitiú Ó Broin in aice le Caisleán an Chomair, a aistriúchán Béarla den amhrán, agus nótaí ar an gcanúint agus ar logainmneacha