Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 6
Chaith sé seacht mí i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh ag foghlaim na teanga agus ag múineadh na Gearmáinise sular thosaigh sé, i mBealtaine 1939, ar thaighde a dhéanamh ar bhéaloideas na mara i Ros an Mhíl. Bhí sé ar lóistín i dteach Pheadair Uí Fhaoláin sna Doiriú nuair a bhris an cogadh amach ··· Tuairim 1955 bhailigh sé scéilín i Ros an Mhíl i dtaobh fomhuireán Gearmánach i gCuan Chasla aimsir an chogaidh agus a ainm féin luaite san eachtra. Ní raibh aon ghléas taifeadta aige nuair a thosaigh sé ag bailiú scéalta agus bhíodh air ábhar a chlóscríobh faoi mar a chuala sé é ··· ‘Cuireadh fáilte chroíúil romham i gcónaí sna tithe airneáin agus bhain mé an-taitneamh as na scéalta agus as comhluadar lucht a n-inste.’ I measc a chuid faisnéiseoirí bhí gasúir scoile i Ros an Mhíl: ‘Chuir sé ríméad orm gur casadh an oiread de na seanghasúir scoile seo orm arís ag “Dúchas an Iarthair—Das Erbe des Westens”, taispeántas de mo chuid ealaíne a chuir Roinn na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, ar bun sa bhliain 1995 mar chuid de chomóradh 150 bliain an Choláiste.’ Péintéir agus grianghrafadóir ba ea é agus baineann draíocht ar leith leis na grianghrafanna in I mBéal na farraige
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ag fágáil beirt Árannach as an áireamh, den 322 Gaillimheach a cuireadh i bpríosún in Frongoch b'as iarthar na Gaillimhe do thriúr díobh: Micheál Ó Droighneáin seo, Pádraig Ó Máille agus Conchubhar Ó Laoghaire a rugadh i Ros an Mhíl (Frongoch: university of revolution, 1987 le Seán O’Mahony) ··· Feirmeoir beag ba ea a athair Seán agus b’as Ros an Mhíl dá mháthair, Bríd Ní Scanláin
Bhí sé ar bhunaitheoirí chumann peile Chois Fharraige agus cheannaigh sé buanchorn nuair a eagraíodh comórtas idir Ros an Mhíl agus Cois Fharraige
Rinne a fhear gaoil, Macdara Ó Conaola as Inis Oírr, cóiriú nua-aimseartha ar cheann díobh, ‘Slán leis an Dún Aengus’ – dán faoi dheireadh ré an bháid cháiliúil a théadh as Gaillimh go hÁrainn roimh ré an ‘Naomh Éanna’ agus na seirbhísí nua-aimseartha a théann anois as Ros an Mhíl, Co
Sa bhliain 2009, agus é ag seoladh ó Chinn Mhara go Ros an Mhíl chun páirt a ghlacadh i ngeallta báid, in éindí lena dheartháir Johnny, bhain tubaiste dóibh a chuir i bhfarraige iad nuair a d’iompaigh an bád orthu
‘Ní feicfear aoire, treoraí agus cosantóir na mbocht, lámh leis ag iarraidh an hata a choinneáil ar a cheann agus ag cosaint a chuid súl ar an mbáistigh shéidte agus clocha sneachta agus an lámh eile ag stiúradh a rothair agus é ag iarraidh a bhealach a bhaint amach siar in aghaidh gála ar na Mine nó Ros an Mhíl go léifeadh sé a chéad nó a dhara Aifreann don mhuintir úd aniar as na cnoic agus na portaigh ...’