Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 11
Agus é ar saoire sa bhaile bhí sé rannpháirteach sa bhfeachtas a bhain le hainmneacha i nGaeilge a bheith ar thrucailí. Chaith sé sé bliana ag múineadh i scoileanna pulctha i mBaile Átha Cliath agus i rith an ama sin phós sé Nóra Ní Allmhuráin (arís ní thugann sé fiú a hainm ná a sloinne agus b’éigean teacht ar thaifead beireatais a mhic Aodhán a rugadh i Ros Cré 20 Lúnasa 1922 chun teacht orthu) agus bhain céim mháistir amach sa Ghaeilge ··· Bhí sé ocht mbliana ag múineadh i gColáiste na gCistéirseach i Ros Cré agus i rith an ama sin a tharla imeachtaí 1916-23 ··· Bhí a bhean ina cisteoir ag Cumann na mBan i Ros Cré ··· I Ros Cré dó scríobhadh sé ar logainmneacha Thiobraid Árann Thuaidh in Tipperary Star
Laoise, 16 Samhain 1959 agus is in aice le Ros Cré, ag Mount Pleasant sa Phailís (Blueball) in Uíbh Fhailí, a bhí cónaí orthu ··· In Béaloideas 56, 1988 tá a ainm ar liosta bhaill oinigh an Chumainn le Béaloideas (liosta a foilsíodh den chéad uair san uimhir sin); ba é ‘Notre Dame’, Doire Mór, Ros Cré, a sheoladh ag an am
I Ros Cré a bhí sé, é ag obair ar phortráid d’Ab Mount St Joseph, nuair a bhuail stróc é
B’éigean dó a bheith ag saothrú a choda i rith 1926-32 trí mhúineadh na Gaeilge anseo is ansiúd i mBaile Átha Cliath (Coláiste Laighean, Scoil na Máisiúnach, scoil na mbuachaillí in Sandford, Coláiste Ráth Fearnáin, an Mhodhscoil Láir), agus i gColáiste na gCistéirseach i Ros Cré; ghlac sé páirt i gcúrsaí samhraidh choláiste Charraig an Chabhaltaigh, Co
Bhí sé ar scoil i nDún Chaoin go 1927, agus chaith bliain ina dhiaidh sin i gColáiste na gCistéirseach i Ros Cré, agus bliain eile in Beaufield (tá cuntas ag Patricia Lysaght ar an scoil ullmhúcháin sin in Western Folklore 57, earrach agus samhradh 1998, iris chumann béaloidis California; is ann a bhí Seán Ó Súilleabháin[q.v.] tamall freisin) i gContae Mhaigh Eo, agus cháiligh mar bhunmhúinteoir i gColáiste Oiliúna de La Salle i bPort Láirge in 1932; b’éigean dó cuid mhór de 1930 a chaitheamh sa bhaile de dheasca breoiteachta
Ghnóthaigh sé scoláireacht go Coláiste na gCistéirseach i Ros Cré
Ag Gort na Croise i mBéal Átha na mBó, Dún Cairin, in aice le Ros Cré a rugadh é 17 Eanáir 1872
Rinne sé misean i Ros Cré uair mar leigheas ar an alcólachas agus deirtear gur thosaigh ag cleachtadh deasghnátha an chreidimh Chaitlicigh arís
Tuairiscíodh in Sinn Féin 9 Samhain 1909 go raibh sé i gContae Laoise, i gContae Cheatharlach agus i gContae Chill Dara agus gur chuir sagart paróiste an Tulaigh ina aghaidh nuair a rinne sé iarracht ar chraobh a bhunú ansin. D’éirigh sé as an timireacht i 1910 agus bhí ina oide Gaeilge i gColáiste na gCistéirseach i Ros Cré ar dtús agus ansin, anuas go 1919, i Mungairit
I Ros Cré a bhí sé ó 1917 agus scríobh Éamon Ó Conchúir, sáirsint sa Gharda Síochana, a scéal síos uaidh agus d’fhoilsigh An Sagart é faoin teideal An Sléibhteánach, 1989
na Gaillimhe, síolraithe ó Ghuaire an Oinigh, mar shampla, ach dúirt Aonghus fúthu: ‘Do bhádhas oíche gan digh, / I dtigh an Ghiolla Dhuibh, is gan bhia, / Ní buíoch fear aon uaire, / I nGort Inse Guaire riamh.’ Ach ba mheasa fós an dara ceathrú: ‘Ní aoraimse ach mná maithe, / Clann rithe nó ró-fhlatha, / Atá sibhse saor, mar sin, / Níor aor mise bhur máthair.’ Tháinig sé ar deireadh go teach Uí Mheachair i nDroim Saileach in aice le Ros Cré