Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 38
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I gCarraig an Choill, Rann na Feirste, Co ··· Ba ghnách leis tosú lena gharmhac féin agus dul siar deich gcinn de ghlúine go dtí an chéad duine a chuir faoi i Rann na Feirste: John Ghráinne John Phadaí Hiúdaí Phadaí Eibhlín Aoidh Róise Sheáin Mhic Grianna ··· Ainneoin go raibh sé glúin níos óige ná iad, bhí aithne mhaith aige ar na scríbhneoirí iomráiteacha Séamus agus Seosamh Mac Grianna, clann Fheidhlimí (Dhomhnaill Phroinsias) Mhic Grianna, agus go háirithe ar Sheán Bhán, an mac ab óige sa teaghlach. Bhíodh muintir Choláiste Bhríde, ina measc Seán Ó Baoill agus Jerry Hicks as Ard Mhacha, agus Séamas Ó Mealláin as Béal Feirste, ag stopadh i dtigh a mhuintire áit ar chuala siad mórán d’amhráin dhúchasacha Rann na Feirste ··· Chuaigh siad a chónaí in 27 Sráid Surrey i nGlaschú ar feadh tréimhse de bhlianta ach ba é mian na beirte go dtógfaí an teaghlach sa bhaile i dTír Chonaill agus cheannaigh siad feirm bheag i Mín na Leice, cúpla míle soir ó Rann na Feirste. Seachtar de theaghlach ar fad a bhí ag John agus Gracie: Gráinne, Maighréad, Eilín, Síle, Méabh, Máire agus Róisín ··· Bhí John an-ghníomhach ar an choiste troda a bhí ag Rann na Feirste leis an scoil náisiúnta a athoscailt in 1972
I Rann na Feirste in aice le hAnagaire a rugadh Seosamh ··· Ba é Féilimí Dhónaill Phroinsiais a athair, a ndúirt Séamus faoi (Rann na Feirste, 1942) gurbh é an scéalaí agus an cainteoir Gaeilge ab fhearr a chuala sé riamh ··· Chaith sé tamall in aontíos lena dheartháir Séamus ach ní raibh siad ag réiteach le chéile agus ba chorrach cibé caidreamh a bhí eatarthu ina dhiaidh sin. Cuireadh bunoideachas air i Rann na Feirste agus bhí sé ina mhonatóir ann ··· Seachas cúrsaí samhraidh in Ó Méith agus i Rann na Feirste, sheachain sé an cheird as sin amach ··· Tá cuid de na haistí Gaeilge i gcló ag Mac Congáil in Ailt (1977) agus tá a thuilleadh den ábhar, aistí, léirmheasanna, litreacha, corrdhán, idir Bhéarla agus Ghaeilge, bailithe le chéile ag an scoláire sin in Filí agus felons (1987) teideal a bhí ag Mac Grianna ar shraith aistí Béarla in An Phoblacht in 1926; sa chnuasach sin freisin tá aiste, ‘An Aisling’, a scríobh sé in 1953 agus a bhí i gcló in Inniu 7 Iúil 1972. Is iad na leabhair bhunaidh a scríobh sé nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa: Dochartach Dhuibhlionna agus sgéaltaí eile (1925) (eagrán nua ag Anraí Mac Giolla Chomhaill in 1976); Filí gan iomrádh (1926) (cuntas ar Dhálaigh Rann na Feirste sa tseanaimsir); An grádh agus an ghruaim (1929) (gearrscéalta); Eoghan Ruadh Ó Néill (1931) (úrscéal stairiúil); Pádraic Ó Conaire agus aistí eile (1936) (eagrán nua 1986); An Bhreatain Bheag (1937); Na Lochlannaigh (1938); Mo bhealach féin agus Dá mbíodh ruball ar an éan (1940) (an dá leabhar faoin aon chlúdach); An droma mór (1969)
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Duine de scéalaithe móra Rann na Feirste, Co ··· Bhí triúr deartháir aige (Peadar, Seán agus Domhnall-an fear a bhí ina Chláraitheoir ó 1940 amach i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath) agus triúr deirfiúracha (Bidí, Máire, Sally). I ndiaidh bunscolaíochta i Rann na Feirste chuaigh sé a sclábhaíocht 'ar an Lagáin': i nGleann Lairc, i nDroichead Lios na Caoraíochta agus i nDroim Cuinn ··· Nuair a phós sé Treasa Ní Chonaill ó na Cnoic, Leitir Chatha, chuaigh sé chun cónaithe i dteach a mhuintire i Rann na Feirste ··· Bhí sé ina bhall de chomplacht aisteoirí Rann na Feirste
Ba é príomhscrúdaitheoir Gaeilge Bhord Oideachais Thuaisceart na hÉireann é. Chuaigh sé go Rann na Feirste den chéad uair timpeall 1921 ··· Nuair a tógadh Coláiste Bhríde i Rann na Feirste chabhraigh sé go mór leis an Athair Lorcán Ó Muireadhaigh [q.v.]: ba é a ghríosaigh muintir na háite chun caoi a chur ar a gcuid tithe d’fhonn lóistín a bheith ar fáil ··· In An tUltach, Meitheamh 1975, tá aiste dar teideal ‘Pádraig Mac Con Midhe agus Coláiste Bhríde’ ag Joseph Ó Searcaigh, agus, ag Dónall (Dhonnchaidh) Ó Dónaill, Rann na Feirste, tá ‘M’eolas-sa ar Phádraig Mac Con Midhe’. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chomhaltas Uladh agus bheadh ina rúnaí, ina chisteoir ar ball agus ina uachtarán sa deireadh ··· Tuairiscíodh in Inniu 18 Meitheamh 1976 gur nocht Tomás Ó Fiaich leacht i gcuimhne air i Rann na Feirste. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Agus é ag fás aníos in Uphall, chuir Seán aithne ar chainteoirí Gaeilge as Rann na Feirste a bhí ag obair sa cheantar. Fuair an t-athair bás sa bhliain 1899 agus rinne clann den sloinne Murray uchtáil air féin agus ar a dheartháir Patrick ··· De réir mar a bhí na seanGhaeilgeoirí i Móin na nIonadh ag fáil bháis, ba mhó de Ghaeilge Neidí Frainc Mhic Grianna [B4] i Rann na Feirste a bhreac Seán sna nótaí. Bhí sé ar dhuine de bheirt chomhfhreagróirí a bhí ag an Choimisiún Béaloideasa i gContae Dhoire agus, i measc na seod atá ar thaifead uaidh, tá cur síos ar ghnó an phoitín agus ar dhéantús an innealra chuige, tionscal a raibh scil ag gaibhne Bhaile na Scríne ann ··· Ba é Pádraig Ó Baoighill a thug ar a thuras deireanach ar Neidí Frainc i Rann na Feirste é
Ba dhuine an bailitheoir béaloidis seo den ochtar a rugadh do Mhicí Ó Domhnaill agus Maggie Ní Dhuibheannaigh (Maggie Chonaill) agus i Rann na Feirste 19 Lúnasa 1913 a rugadh é ··· Tar éis oideachais i Rann na Feirste agus in Ardscoil Mhic Dhaibhéid sna Gleannta, chaith sé a shaol ag teagasc i gContae na Mí ··· Bhailigh sé ceolta freisin i Rann na Feirste, Bun Cranncha, Teileann, Gleann Cholm Cille, Gaoth Dobhair, Machaire (Doire) agus Toraigh
D’éirigh leis agus chaith sé mí i Rann na Feirste, Co ··· In 1934, tar éis na hArdteistiméireachta, chaith sé mí ar an gCeathrú Rua, i nGaeltacht na Gaillimhe, ach in 1935 bhí sé ar ais arís i Rann na Feirste ··· Théidís níos faide ó bhaile freisin, go Rann na Feirste, Baile an Sceilg, Múscraí, Carna agus, ó 1972, go hIorras, Co
Saolaíodh an seanchaí cáiliúil seo i Rann na Feirste, Co ··· Cé is moite de obair shéasúrach in Albain i rith 40 bliain is i Rann na Feirste a chaith sé a shaol ar fad ··· Bhí Johnny Shéimisín ina sheanchaí ag Coláiste Phádraig, Béal Feirste, i 1924–5 agus ag Coláiste Bhríde, Rann na Feirste, ó 1926 go 1941
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ba iad Micí Sheáin Néill, Seán Bán Mac Grianna[q.v.] agus Neidí Frainc Mac Grianna[q.v.] na scéalaithe ba mhó i Rann na Feirste sa dara leath den 20ú haois ··· Tá cuntas iomlán ar shaol, ar shaothar is ar mhuintir Mhicí, mar aon lena nginealach, ag Cathal Póirtéir in Micí Sheáin Néill: scéalaí agus scéalta (1993). I Rann na Feirste, Co ··· Ar scoil i Rann na Feirste ag an am céanna leis bhí Seosamh Mac Grianna
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Rann na Feirste, Dún na nGall, a rugadh é ar 6 Feabhra 1894 ··· Tá cuntas ag Cathal Mac Criostail ar a shaol in An tUltach, Deireadh Fómhair 1962, agus cuireann sé síos ann ar chúlra na clainne: ‘Ba í clann Mhic Ghrianna an chéad teaghlach a chuaigh i mbun tí i Rann na Feirste tuairim ar dhá chéad bliain ó shin
Tá aiste fhada ina thaobh ag an Athair Seán Ó Gallchóir in Scríbhneoireacht na gConallach (1990), in eagar ag Nollaig Mac Congáil. Rugadh Séamus i dTóin an Bhaile, Rann na Feirste, Co ··· Faoi Fhéilimí dúirt Séamus Ó Grianna in Rann na Feirste (1942): “M’athair an scéalaí is fearr a chuala mé riamh ··· Bunleabhair leis is ea: Micheál Ruadh (1925); Sraith na Craobhruaidhe (1927-c.1930); Feara Fáil (1933); Thiar i dTír Chonaill (1940); Rann na Feirste (1942); An aibidil a rinne Cadmus (1944); Saoghal corrach (1945); Scéal úr agus sean-scéal (1946); An teach nár tógadh (1948); Ó neamh go h-Árainn (1953); An clár is an fhoireann (1955); Fód a’ bháis (1955); Tráigh is tuile (1955); Fallaing shíoda (1956); Tarngaireacht Mhiseóige (1958); An draoidín (1959); An bratach (1959); Ó mhuir go sliabh (1961); Úna Bhán (1962); Suipín an iolair (1963); Cúl le muir (1963); Bean Rua de Dhálach (1966); Le clap-sholus (1967); An sean-teach (1969); Oidhche shamhraidh agus scéalta eile (1968); Cora cinniúna 1 (1993); Cora cinniúna 2 (1993) ··· I Samhain 1989, céad bliain i ndiaidh a bhreithe, bhí Féile “Mháire” ar siúl i Rann na Feirste agus bhí aistí beathaisnéise i gcló in Anois (19 Samhain) ag Risteárd Ó Glaisne agus an Dr Damien Ó Muirí, agus in Feasta ag Risteárd Ó Glaisne
I Rann na Feirste, Co ··· D’fhill sé ar Rann na Feirste ó Bhaile Átha Cliath tuairim 1974
I Rann na Feirste, Co ··· ‘Sa bhliain 1974, faoi scéim a bhí eagraithe ag Breandán Breathnach [q.v.] sa Rannóg Cheoil Tuaithe, tháinig mac dearthára do Neilí, Mícheál Ó Domhnaill, go Rann na Feirste ag bailiú amhrán agus taobh istigh d’achar an-ghearr, bhailigh sé 159 amhrán idir Bhéarla agus Ghaeilge ó Neilí.’ Agus cuireann Goan leis an méid sin go raibh saibhreas ollmhór seanchais aici
Seán Mac Maoláin [B1] a mhol dó dul go Rann na Feirste agus ba é Seán Ó Domhnaill (Johnny Shéamuisín) [B1] a thug suíomh dó ansiúd ··· Tá aiste 'Lorcán Ó Muireadhaigh agus traidisiún na hamhránaíochta i Rann na Feirste' i gcló ag Rose Ní Bhaoill in Nua-Aois, 1986. 'Chuir sé an pheil ar a bhonnaí i gContae Lú'
Ba ghnách léi dul chun na Gaeltachta i Rann na Feirste agus i nGort an Choirce, Co ··· Bhuaigh sé an ‘Sir Samuel Ferguson Memorial Award’ don chéad dráma Gaeilge ar raidió BBC in 1990 chomh maith. Théadh Caitlín agus Brian go Rann na Feirste agus go Ros Goill, Co
Thosaigh a spéis sa Ghaeilge go luath nuair a cuireadh go Rann na Feirste í agus gan ach naoi mbliana d’aois aici
Ach aon chomhrá a bhí agam riamh le Hedley is le rang Gaeilge nó le drámaíocht amaitéarach a bhain sé nó le Roddy Connolly nó leis an gCaptaen Jack White nó le fiche toipic eile i dtaobh pholaitíocht na heite clé nó i dtaobh údair Rann na Feirste nó faoi Jimí Fhéilimí Dhónaill agus an chéad phíosa a scríobh sé riamh nuair a rinne an ceathrú rang mitseáil ón scoil. Bhí spéis ar leith aige i nGaeltacht Thír Chonaill agus ghlacadh sé le gach seans ar chuairt a thabhairt ann
Faoin am a d’fhág sé an mheánscoil bhí an Ghaeilge ar a thoil aige sa tslí gur ghnóthaigh sé scoláireacht Ghael-Linn chun dhá mhí a chaitheamh i Rann na Feirste
Bhí post aige i Leabharlann Lár na Cathrach faoin am seo ach bheartaigh sé ar imeacht leis chun na Gaeltachta le Gaeilge a fhoghlaim, seal tigh Nóra Frainc Chonaill i Rann na Feirste ar dtús agus ansin i gceantar Bhaile na Finne le teaghlach Choilm Mhic Gaoithín
Bhí curtha aige lena eolas ar an nGaeilge sna coláistí samhraidh in Ó Méith agus i Rann na Feirste
‘Ó Bhéaladúin’ an sloinne Gaeilge a bhí air nuair a roghnaigh an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh[B4] i 1926 é mar dhuine díobh sin a bhfóinfeadh tamall i Rann na Feirste dóibh
Is mar seo atá tuairisc ar an teaghlach seo Rann na Feirste i nDaonáireamh 1901: Francis (45), feirmeoir a raibh Gaeilge agus Béarla aige; Rose (36) nach raibh léamh aici; Daniel (7), dalta scoile; Peter, (5); Bridget (4); Mary 3; Edward (1). Phós Daniel Greene, Bóthar Lindsay, Glas Naíon, Catherine Darcy, 36 Bóthar Addison, in Eaglais Naomh Pól, Cé Árann, Baile Átha Cliath, 31 Lúnasa 1921
Thug sé féin agus fiche eile ón deoise cuairt ar Rann na Feirste i 1943
Bhíodh sé ag múineadh i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste, sa samhradh. An stair an t-ábhar a mhúineadh sé i gColáiste Éinde
Ó 1926 go 1974 bhí sé ag teagasc i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste
Deir Mac an Rí: ‘Ach ní dhearna sé scrúduithe an tríú bliain toisc go raibh sé tar éis an samhradh a chaitheamh ag obair sna tolláin thall in Albain.’ Le linn dó a bheith ina mhac léinn chaitheadh sé an samhradh ag teagasc i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste
Ba é an duine ab fhearr Gaeilge sa rang é agus thuill sin saoire i Rann na Feirste dó; ba mhinic ann é sna déaga agus i rith a shaoil
Bhí sé ina rúnaí ar Chumann Cosanta na Gaeltachta, agus ar dhuine de bhunaitheoirí an chumainn sin, agus ina ollamh i Coláiste Bhríde in Ó Méith i 1925 agus i Rann na Feirste 1926-38
Agus deir sé faoin tréimhse a chaith sé i nDún na nGall gur ‘phronn muintir Rann na Feirste an t-ainm “Gerrí Mhicí” air, mar a bheadh gur dhuine díobh féin é, i ndiaidh conablach dhá bhliain a chaitheamh ansin, ar fhágáil na státseirbhíse dó’ (idem). Chuir Seán Beaumont[B1] tús leis an bpáipéar An t-Éireannach i 1934
I Rann na Feirste, Co
Dónall Ó Baoill a bhí mar mhúinteoir aige i scoil Rann na Feirste go raibh sé 17 bliain d’aois
Nuair a dúnadh Coláiste Bhríde in Ó Méith, b’é Seán a thug ar an Athair Ó Muireadhaigh é a athbhunú i Rann na Feirste
Ó 1912 bhí sé ina ollamh i gColáiste Bhríde, Ó Méith, agus nuair a aistríodh an coláiste go Rann na Feirste bhí bunrang aige ann
Deir Ó Baoighill go raibh oidhreacht cheoil ag a mhuintir a chuaigh siar go dtí an 18ú haois agus go raibh sárcheoltóirí i ngach glún i rith na tréimhse fada sin. Tugadh fothain don teaghlach i mbóitheach sna hAcraí i Rann na Feirste i rith geimhridh fheanntaigh i dtús an chéid
Mhúineadh sé rang Gaeilge sa chathair i rith an gheimhridh agus chaitheadh sé an samhradh ag múineadh ceoil in éineacht le hAodh Ó Duibheannaigh i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste
Cuireadh in Anagaire é. Bhí cáil air mar shaor báid agus d’eagraigh sé ranganna i Rann na Feirste agus i mBaile na Finne
Bhí sé tamall ina eagarthóir ar An tUltach, ina uachtarán ar Chomhaltas Uladh ó 1948 go 1952, ina ardmháistir ar Choláiste Bhríde, Rann na Feirste, agus ina uachtarán ar Choláiste Theilinn
Deir Ó Murchú: ‘In 1989 thug Acadamh Ríoga na hÉireann cuireadh dó dhá thionscnamh a ghlacadh idir lámha agus a bhfoilsiú.Concordancear fhoclóir Anna Nic Grianna, Rann na Feirste, a bhfuil 3,000 leathanach de lámhscríbhinn bhéaloideasa dá cuid ar fáil, agus bailiúcháin a dhéanamh de fhocail agus nathanna ón fhoinse chéanna nach bhfuil sna gnáthfhoclóirí.’ Bhuail an galar multiple myeloma é sé bliana sular cailleadh i gCeanada é 18 Eanáir 1992