Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 5
Bhí sé ar dhuine den toscaireacht a bhuail le hÉamonn de Valera 11 Samhain 1932 nuair a thug seisean geallúint go dtabharfaí talamh a bhí ag Coimisiún na Talún do mhuintir na Gaeltachta agus lean sé air ag agóid go dtí go raibh scéim Ráth Chairn curtha i gcrích. Bhí sé ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge sna 1920idí agus é ina rúnaí ag Craobh Chamais go fóill i 1959 nuair a bhíothas ag cur in aghaidh banaltra gan Ghaeilge a bheith ceaptha sa cheantar; ó 1962 amach bhí sé ina bhall de Chraobh an Athar Micheál Ó hIceadha ··· Ba bhall de Misneach é i 1966 agus bhí sé gníomhach i bpéire feachtas eile ar éirigh leo: aitheantas mar Ghaeltacht a bheith ag Ráth Chairn agus aifreann Gaeilge a bheith ar fáil san áit
Thacaigh sí chomh maith le múinteoirí na Gaeltachta nua seo – leithéidí Sheáin Uí Choisdealbha, Ráth Chairn, agus Uinsionn Uí Ghairbhe, Baile Ghib
Bhí baint aige le hagóid Misneach i dtaobh cearta teanga i Ráth Chairn
Ba lena linn san aireacht deireanach sin a cuireadh scéim Ráth Chairn i gcrích. D’éag Donnchadh ar 6 Lúnasa 1950
Sna teangacha labhartha a bhí a spéis agus chaith sé tamall de mhíonna i gConamara agus i Ráth Chairn d’fhonn eolas a chur ar an bhfoghraíocht