Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 6
Bhí sé ar ais i nGaeltarra Éireann, a aistríodh ó Shráid na bhFíníní, Baile Átha Cliath go dtí Coismeig Móir sna Forbacha, Co ··· I bPreasráiteas an Údaráis 2 Nollaig 2005 dúradh faoi Chathal: ‘Ba é a ghlac an mháistreacht ar dhílárú Ghaeltarra Éireann ó Shráid na bhFíníní i mBaile Átha Cliath go dtí an Ghaeltacht sna Forbacha i 1969 agus ba é a chuir tús le ré Údarás na Gaeltachta mar Phríomhfheidhmeannach don chéad dá bhliain, 1980-1982’. Cuireadh Údarás na Gaeltachta in ionad Ghaeltarra faoi Acht 1979
Aistríodh an coláiste sin ar ball go Cill Éinne, Árainn, agus ansin go dtí na Forbacha (Fuaim na mara: irisleabhar Choláiste Mhic Phiarais Uimhir I 1925) ··· Múinteoir sna Forbacha ba ea í agus bhí triúr mac agus triúr iníonacha acu
Is dóigh lena mhuintir gur chaith sé tamall ag múineadh i gceantar Chorr na Móna agus go raibh sé ag múineadh Gaeilge ag na cúrsaí sna Forbacha
Chaith sé bliain amháin i scoil Bhaile Chláir agus bhí Gaeilge á múineadh ansin ag Seoirse Mac Artúir, cainteoir dúchais ó na Forbacha
Bhí campa acu sna Forbacha ar dtús ach nuair a bunaíodh Gaeltacht na Mí beartaíodh ar champa a bheith ansin
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In Aill an Phréacháin, na Forbacha, i gConamara, a saolaíodh Diarmaid Ó Gráinne ar 10 Bealtaine 1950 agus cé go mba i mBaile Átha Cliath agus ina dhiaidh sin i gContae Ros Comáin a chaith sé bunáite a shaoil mar dhuine fásta, d’fhág a thógáil agus an ceantar as ar fáisceadh é rian láidir ar a chuid scríbhneoireachta, a bhí breactha leis an gcaint shaibhir, nádúrtha a bhí cloiste aige óna mhuintir agus óna chuid comharsan. Ba é Diarmaid an dara duine ab óige de sheachtar clainne, ceathrar mac (Pádraig, Stiofán, Diarmaid, Máirtín) agus triúr iníonacha (Máire, Nuala, Sorcha), a bhí ag a thuismitheoirí – Diarmaid (Dairbe) Ó Gráinne, feirmeoir beag as Aill an Phréacháin agus ag a bhean, Siobhán (Júidín Steif) Breathnach as an mBaile Ard ar an Spidéal. D’fhreastail Diarmaid ar Scoil Náisiúnta na bhForbacha