Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Sholáthraigh sí tuairiscí agus gné-altanna do na nuachtáin náisiúnta agus d’fhreastail ar chúirteanna agus ar chruinnithe rialtas áitiúil ar a son sna Déise agus in oirthear Chorcaí. Bhí an-suim sa stair aici agus scríobh mórchuid alt i nGaeilge agus i mBéarla d’irisí agus d’fhoilseacháin éagsúla: Decies, a fhoilsíonn Cumann Seandálaíochta agus Staire Phort Láirge; Ireland’s Own; The Holly Bough i gCorcaigh; agus Treoir, an iris a fhoilsíonn Comhaltas Ceoltóirí Éireann. In 1994 d’fhoilsigh Coiscéim Bealach na Bó Finne, saothar taighde a scríobh Dóirín faoi oilithreacht na nGael go Santiago de Compostela na Gailíse