Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Faraor, ar theorainn na Spáinne agus na Portaingéile, ag béal abhainn an Minho, Lá Fhéile Colm Cille 2017, d’iompaigh tonn an Naomh Gobnait béal fúithi agus, cé gur éirigh leis an gcriú greim a choinneáil uirthi gur scuabadh isteach ar thrá iad, bhásaigh Domhnall le hais an tsáile a raibh an oiread sin geana aige dó. Ba í Máire Ní Chéilleachair, iriseoir de chuid Raidió na Gaeltachta, a spreag chun pinn ar dtús é de bharr bhreáthacht na bpíosaí a chraol sé agus ba mhór an cúnamh freisin dó cúrsa béaloidis a d’eagraigh Mícheál Ó Dúshláine