Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Bhí Holden, a chomharsa agus a chomrádaí Ó Beaglaoich agus Breandán Pháid Ó Muircheartaigh leis ar an Naomh Gobnait (‘Naomhóg na Tinte’), a thóg sé féin agus Holden, nuair a thug siad faoi ‘Camino na Sáile’ chuig La Coruña ar dtús agus as sin go Santiago de Compostela na Spáinne, aistear ar chuireadar trí shamhradh i leataobh dó ··· Rinne Dónal Ó Céilleachair taifeadadh ar an aistear agus taispeánadh sraith clár darbh teideal Camino an tsáile ar TG4 agus rinneadh scannán faisnéise ina thaobh freisin. Ar thuras as La Coruña síos cósta na Portaingéile a thug criú an Naomh Gobnait in 2017 – Mac Síthigh, Ó Beaglaoich, Pádraig Ó Duinnín agus an ceoltóir Liam Ó Maonlaí ar bord an babhta seo – tá siad ann a déarfadh gurbh fhéidir go raibh Domhnall ag cuimhneamh ar eachtra eile a thabharfadh chomh fada le cósta na hAfraice iad i ndeireadh báire