Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Ba é Pádraig an dara mac agus ina dhiaidh sin tháinig Muiris (1892–19 Samhain 1979), Seán (1894–5 Iúil 1919), ar scríobh sé a mharbhna, agus Mairéad Bean Mhac an tSaoi, léachtóir sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, (d’éag 7 Meán Fómhair 1976). Fuair siad bunscolaíocht den scoth óna dtuismitheoirí: Laidin agus matamaitic ón athair, Fraincis agus Gearmáinis ón mháthair––bhí tamall caite aici i nGiobráltar ina nóibhíseach in Ord Loreto