Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Phós sé Mairéad de Lappe, banaltra, i 1930 agus rugadh ceathrar clainne dóibh, ar duine díobh Proinsias Mac Aonghusa, iriseoir, scríbhneoir, craoltóir, a bhí ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge agus ina bhall den Chomhairle Ealaíon. Deir Proinsias faoina mháthair (Feasta, Bealtaine 2000): ‘B’as Anach Mheáin i gConamara mo mháthair ··· Bhí Gaeilge agus Gaeilge amháin aici nó go raibh sí ina gearrchaile, mar bhí ag gach duine dá sinsear.’ Seo é an tuairisc a tugadh ar a muintir i nDaonáireamh 1911: Eanach Mheáin: Bartley Delapp (53), a bhean Mary (50)
Ba i dTamhnach in Eanach Mheáin i gConamara a rugadh a seanathair, Tomás Ó Tuathail, freisin agus bhí gaol i bhfad amach idir é féin agus Sean-Phádraic Ó Conaire. Beirt deirfiúracha, Fionnuala agus Sheila a bhí ag Máire mar aon le ceathrar deartháireacha, Caoimhín, Peadar, Dónal agus Conor
Is ina theach saoire in Eanach Mheáin, Conamara, a d’éag sé ar 29 Meitheamh 1993. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »