Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 7
‘Ar Treascradh in Eachdhruim’, deir sé sa chéad cheathrú: ‘A charaid dil, ná dearmad bheith sítheóilte, / Is go bhfacamar ar treascradh ar mhíchóthrom / In Eachdhruim dár marcraidh ’s dár bhfirthreonaibh, / Is dá n-aithle sin nach mairfeamna ach fiornóimeat’ ··· Bhain Tadhg Ó Donnchadha as sin go bhfaca Liam an t-ár in Eachroim agus cuireann leis go ndúirt Seán Ó Murchadha[q.v.] na Ráithineach an méid seo sa chaoineadh a chum sé ar Liam: ‘Marcach na ruag in Eachdhruim thuaidh, / Mar Aicil do bhuaigh an bárr leis’ (Gadelica, 1912–1913)
Bhí fear sa cheantar a raibh eolas aige ar Chath Eachroma; bhí triúr dá shinsir páirteach ann ar maraíodh beirt díobh ··· Tá cuntas taithneamhach ag Bairéad ar an lá a thug sé Micheál soir go hEachroim gur shiúil siad páirc an áir. Bhí de mhéid seanchais Mhichíl go raibh sé in ann a rá le Bairéad, lá dá raibh siad taobh le Cill Cholgáin, go mbeadh radharc acu ar Loch na bhFranncach in áit éigin ar thaobh na láimhe deise ··· Is amhlaidh a hionsaíodh dream Francach ann agus iad ag teicheadh ó bhriseadh Eachroma
An Móinteach, Ail Finn, an Chraobh agus Eachroim na ceantair a bhí faoi chúram an Ghachánaigh
Is dóigh go bhfaigheadh sé pátrúnacht ó na huaisle sin a mhol nó a chaoin sé: Somhairle Mac Domhnaill a cailleadh in Eachroim, an Cornal Brian Mac Naois, Murcha Crúis, Barún Sláine, Clann Mhic Dhiarmada, agus Tiarna Lú
Do Thadhg Ó Rodaighe[q.v.] a chum sé roinnt dá dhánta agus do Bhrian Mag Uidhir (d’éag Deireadh Fómhair 1712), ar mhac é le Cúchonnacht Mór Mag Uidhir a thit in Eachroim (an Brian ar scríobh Ó Cearbhallán [q.v.] amhrán dó), an dán ‘Faoilidh Fir-Mhanach anocht’
Rugadh é in Áit Tí Bhreasail in aice Eachroma, Co
Bhí a sheanathair i gceannas ar mharcshlua in arm Shéamuis II agus maraíodh é ag Eachroim