Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 34
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Péintéir ba ea é agus ball tábhachtach den Chumann Gaelach i nDroichead Átha ··· Deir Strickland in Dictionary of Irish Artists go raibh sé i scoileanna ealaíne an RDS in 1825 agus gur in 1827 a chuir sé faoi i nDroichead Átha ··· Thug sé cuireadh do Pheadar Ó Gealacáin[q.v.] teacht go Droichead Átha chun roinnt amhrán Gaeilge a scríobh síos dó agus thug scilling sa lá dó ··· Kohl, an taistealaí Gearmánach a thug cuairt ar an gcumann i nDroichead Átha ··· If I had the Irish class once organised in the Drogheda School exclusive of the usual rudimental classes practised at Colleges and seminaries I would at intervals sing and recite many of the choisest [sic] of our native minstrelsy and bardic remains on the principles which I have already explained to you.’ Is mar seo a thug Kohl suntas do scéalaí úd Chumann GaelachDhroichead Átha: ‘The first person who came forward was an Irish declaimer, a man from among the people—I know not whether a gardener, a ploughman or a “broken farmer” but I was told he knew a countless number of old Irish songs
Sé bliana d’aois a bhí sé nuair a d’aistrigh an teaghlach go Droichead Átha ··· Ba ar a chomhairle sin a chuaigh sé ar thóir na gcainteoirí dúchais deireanacha sa cheantar; thóg sé síos paidreacha ó bhean i dTulaigh Álainn, Droichead Átha, agus in aois 16 bliana thug sé cuairt ar Ó Méith agus labhair sé i nGaeilge le mná ar oilithreacht Lá Fhéile Muire Mór san Fhómhar ··· Is i gCoimisiún na Státseirbhíse a thosaigh sé, agus ar feadh ceithre bliana bhí sé ar thraein 8.20 gach maidin ó Dhroichead Átha, ach nuair a fuair a dheirfiúr post i gCoimisiún na Talún d’aistrigh an teaghlach go Cromghlinn ar imeall na cathrach
Ina dhiaidh sin chaith sé trí bliana i gColáiste Tráchtála Chorcaí, áit ar cháiligh sé mar mhúinteoir sna hábhair adhmadóireacht oideachasúil agus líníocht mheicniúil. Fuair sé post i Scoil Oilibhéir Naofa i nDroichead Átha in 1973 agus trí bliana dár gcionn phós sé Máire Ní Ghráda as Baile Átha Cliath ··· Orthu siúd ar bhailigh sé ábhar uathu bhí Pat Chanair Ó Conchúir as Baile Dháith mar aon le Seán agus Muiris Mhaidhc Leán Ó Guithín, beirt dhearthár as an mBlascaod a raibh seanchas mara go leor acu. Bhí Domhnall fós ag teagasc i nDroichead Átha nuair a thug sé féin agus Ger Ó Cíobháin as na Gorta Dubha faoi thuras rámhaíochta timpeall na hÉireann i naomhóg in 1975, aistear 1,800 míle a thóg os cionn seacht seachtaine orthu
Níl aon amhras ach gur ar son na hathbheochana a d’fhoghlaim sé ceird an chraoltóra chomh maith sin. I nDroichead Átha a rugadh Diarmuid ar 9 Bealtaine 1908 ··· Chuig a scoilsean, Scoil Phádraig i nDroichead Átha, a chuaigh Diarmuid agus ann a rinne sé an Ard-Teistiméireacht féin
D’aistrigh an chlann go Droichead Átha agus is ann, ó na Bráithre Críostaí, a fuair sé scolaíocht ··· D’éag sé 16 Meán Fómhair 1970 i nDroichead Átha agus adhlacadh é i reilig Rathúin i nGaillimh
Tá tagairt san uacht do chíosanna talún i nDroichead Átha agus seans go raibh baint ag a mhuintir leis an mbaile sin. Oirníodh é sa Róimh i ndiaidh dó a bheith i gColáiste Chluain Life agus i gColáiste an Phropaganda sa Róimh
Keawell, poitigéir, Baile Átha Cliath, agus le hIníon Keawell, oide scoile i nDroichead Átha
Chaith sé seal ag obair i gceardscoil i nDroichead Átha sula bhfuair sé post léachtóra in Ollscoil Nua Uladh i gCúil Rathain mar Léachtóir Sinsearach agus mar Cheann ar Roinn an Léinn Éireannaigh
B’in é The rural harp: poems and lyrics national, pathetic and humorous, 1861 a foilsíodh i nDroichead Átha
Nuair a chuaigh an deartháir a mhúineadh ceoil i nDroichead Átha in 1782 bhí Edward in éineacht leis agus é ag foghlaim uaidh ar feadh dhá bhliain ann
Shíl Kohl gurbh é Droichead Átha an áit ba Ghaelaí ar chósta an Oirthir
O’Connell, Bishop of Kerry, who lived in the sixteenth Century, 1824 (athchló i nDroichead Átha in 1851) agus Ireland’s Dirge, an Historical Poem written in Irish by the Right Rev
Chaith sé seal sa chlochar i nDroichead Átha ach d’éirigh idir é agus na húdaráis; a ainriantacht a bhí sé ba chúis leis
Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Hibernian Gaelic Society i nDroichead Átha in 1842
Chaith sé tamall gairid i nDroichead Átha ina dhiaidh sin agus rinne cóipeáil do Bhernard Ó Tomaltaigh [q.v.] agus J.T
Thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge i 1608 nuair a bhí sé ag obair i gcalafort Dhroichead Átha
Ceapadh ina ghairdian ar Dhroichead Átha é agus ina definitor 23 Lúnasa 1675
Bhí pinsean aige ó Rí na Spáinne agus d’fhág sé sin chun go gcuirfí foireann den chló Gaelach ar fáil agus ’neithe do chur i gcló do rachas a nonóir do Dhia, a gclú dár nasion agus d’órd San Pronsias.’ Ag mainistir Fhroinsiasach Dhroichead Átha a d’fhág sé a leabhair
Bhí sé ina ghairdian i nDroichead Átha faoí 1689, an post céanna aige sa Chabhán i 1697 agus arís i 1702
I 1565 thabhaigh sé cáil sa chogadh in aghaidh Sheáin Uí Néill an Díomais, rinne Sir Henry Sidney ridire de i nDroichead Átha, agus fuair sé léasanna ar thailte breise
In Seanchas Ardmhacha, 1955 (‘The Franciscan First Order Friary at Dungannon’) tagraíonn Cainneach Ó Maonaigh [B2] do litreacha a scríobh sé sa Laidin Feabhra agus Bealtainc 1699: ‘These two letters complain about his having been dismissed unfairly from his post as lector and refers to his years of faithful service and the good work he had accomplished as a teacher and writer.’ Bhí sé ar ais i nDún Geanainn 1712–13 agus bhí ina ghairdian ann i 1714 agus i nDroichead Átha i 1716
Coisriceadh ina easpag ar Ráth Bhoth é i nDroichead Átha 14 Samhain 1725
Chaith sé tamall gairid i nDroichead Átha sular ceapadh é ina bhiocáire agus ina mháistir ar mhic léinn i Lováin i 1955
Ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha agus chaith tamall éigin i bpríosún i nDroichead Átha
Ba é an príomhcheiliúraí aifrinn é nuair a thug an Pápa Eoin Pól II cuairt ar Dhroichead Átha i 1979
Bhí sé ina phríomhoide i mBaile Átha Buí 1937-44 agus i Scoil Mhuire, Droichead Átha, 1944-48
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I nDroichead Átha, a rugadh an beathaisnéisí agus an t-ard-státseirbhíseach seo ar 21 Nollaig 1911
2, 1974). I nDroichead Átha a rugadh é
Ba as Droichead Átha don athair agus fuair sé bás nuair a bhí Seoirse an-óg
Fostaíodh é mar mhúinteoir taistil 1903 agus chaith sé tamaill i Machaire Rátha, i nDún Dealgan, i nDroichead Átha agus i mBaile Átha Fhirdhia
Tar éis cúig bliana sa bhaile sin d’aistrigh siad go Droichead Átha agus is i Scoil na mBráithre Críostaí ansiúd a bhí Éamonn
I 1920 bhí sí ina hardmháistreás ar Choláiste Gaelach na Leanaí i gCeann Chlochair, Droichead Átha (Misneach 21 Lúnasa 1920)
Bhí baint mhór aige le Coláiste Laighean: d’eagraigh sé ranganna i seacht gcinn de chlochair iata; bhunaigh sé craobhacha den Choláiste i nDroichead Átha, san Uaimh, i gCeanannas, sa Mhuileann gCearr, sa Tulach Mhór agus i bPort Laoise
Bhí sé rannpháirteach chomh maith i mórán féilte agus ócáidí eile, ina measc Féile na Bóinne i nDroichead Átha in 1977, ócáid a raibh pléaráca agus scléip faoi leith ag baint léi, ar mhéad agus a shnaidhm na rannpháirtithe dáimh agus muintearas le chéile lena linn