Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 140
Bhí 58 bliana d’aois ag a bhean ‘Marjory (Maebh) Nic Aodha’, arbh i nDún na nGall a rugadh í ··· Le linn d’Eithne agus dá deirfiúr bheith i nDún na nGall in éineacht le Tomás Bán agus Pádraig Ó Beirn[B3] in 1898 thug siad duaiseanna le bronnadh ag feiseanna. Phós sí Séamus Mac Maghnuis in earrach 1901 agus shocraigh siad síos i Ruibhlinn in aice leis an gcaladh i mbaile Dhún na nGall ··· In alt in United Irishman 28 Aibreán 1902 dúirt ‘Máire’ [Máire de Buitléar] [B1]: ‘At a time when most women would be absorbed in their own happiness, she with the rare unselfishness characteristic of her was dreaming, plotting, for the welfare of others and for the good she would do around her home in Donegal ··· I mBealach Féich, Co. Dhún na nGall, a rugadh an bhean sin (Donegal Annual, 1993) ··· Is trí Eithne a tháinig airgead uaidh le haghaidh Fheis na Mumhan uair (An Claidheamh Soluis 21 Iúil 1900 lch 297). Ar 31 Nollaig 1868 in aice le Tamhnach an tSalainn, Co. Dhún na nGall, a rugadh Séamus Mac Maghnuis
Ag tagairt do na haighnis idir an tEaspag Ó Domhnaill agus Conradh na Gaeilge dúirt sé: “Ba thrua gur tharla an t-easaontas idir an tEaspag agus gluaiseacht oifigiúil na Gaeilge, mar ní raibh easpag ar bith in Éirinn ba dhílse don teanga ná é”. I gCill Ráin i bparóiste Inis Caoil, Dún na nGall, a rugadh é ar 28 Samhain 1856 ··· Bhí Cogadh na Talún faoi lánseol i nDún na nGall ag an am agus go háirithe i gceantar Ghaoth Dobhair ··· I ndiaidh 1905 shíl Conraitheoirí go raibh baint ró-dhlúth ag an ngluaiseacht i nDún na nGall leis na hÍbeirnigh ··· Féachann Ó Baoighill lena cheart a thabhairt don Easpag maidir leis an nGaeilge, lena thacaíocht don Ghaeilge i nDún na nGall féin agus, i ndiaidh 1922, sna Sé Chontae agus éiríonn leis sin a dhéanamh
In oirthear agus in oirthuaisceart Dhún na nGall a bhí cúraim an phoist le déanamh. I 1923 bhí sé ina bhall de Choimisiún Ghlenavy a dhréachtaigh rialacha na gcúirteanna dúiche ··· An t-ainm cleite ‘Cormac Mac Airt’ a úsáideadh sé. Luann Amelia Walsh go raibh sé beartaithe ag Coimisiún na Teorann go mbeadh Inis Eoghain agus píosa mór sin den Lagán i gContae Dhún na nGall ina gcoda de Thuaisceart Éireann agus gur sa Saorstát a bheadh coda bochta d’Fhear Manach agus d’Ard Mhacha, dhá chontae a raibh móramh ag Caitlicigh iontu ··· Cosgrave, head of the Irish Government at the time, travelled to London to discuss the subject, the British Premier, Baldwin, produced a letter that had been received from a magistrate concerned “with the peace and order of Co. Donegal” – Louis J ··· … Walsh had undoubtedly saved Donegal from dismemberment.’ D’éag sé ar 26 Nollaig 1942.
Dar le Cláraitheoir na mBreitheanna i Srath an Urláir, Co. Dhún na nGall, gur rugadh i gceantar Thamhnach an tSalainn é 1 Meitheamh 1864 ··· Bheadh trí rainse aige féin ar ball, talamh a bhí chomh fairsing, deirtear, le Co. Dhún na nGall. Cara mór le William Bulfin[q.v.] ba ea é ··· Tháinig sé ar ais go hÉirinn in 1896 agus thaistil i mbun sílteagaisc trí Chontae Dhún na nGall lena dheartháir Séamus, le heagarthóirí an Shan Van Vocht, Alice Milligan[B2] agus Anna Nic Sheáin [B4], agus le Tomás Ó Concheanainn[B2] (An Claidheamh Soluis 26 Meán Fómhair 1907) ··· Thagadh sé féin agus Ailsa ar ais go hÉirinn go minic agus dhéanadh cónaí i Rossylongan House i mbaile Dhún na nGall; bhí an t-eastát talún a bhain leis an teach ceannaithe aige
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Mín Doire Dhamh, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, a rugadh í ar 22 Aibreán 1895; ‘Doogan’ an leagan Béarla dá sloinne ··· Dhéanadh sí Dún na nGall agus Sligeach a thaisteal ar rothar ··· Bhí sí ina ball de Chonradh na Gaeilge ar feadh a saoil agus bhí sí ar choiste an Fháinne. Bhí sí i gCumann na mBan i nDún na nGall ··· Bhí maithe agus móruaisle na Gaeilge ar a sochraid i mBaile Átha Cliath agus i nDún na nGall
Sna Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 1 Nollaig 1929 ··· Bhí an imirce shéasúrach sin coitianta go maith i nDún na nGall ag an am ··· Téama an dráma an drochthoradh a bhí ag an imirce ar theaghlach feirme i gContae Dhún na nGall
Ar 9 Bealtaine 1921 a rugadh é sna hArdaí Beaga, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall ··· Bhí an chéad phost aige i gCúil Dabhcha, Co. Dhún na nGall, agus is ann a chuir sé aithne ar a bhean, Gertrude Ní Choigligh ··· Sna 1950idí bhí sé ar dhuine de chainteoirí dúchais Thír Chonaill a léadh an nuacht Ghaeilge gach tríú seachtain ar Radió Éireann
Aithníodh é féin mar shaineolaí ar sheanchas agus ar Ghaeilge a cheantair dúchais agus bhí sé ina chomhairleoir ag an scoláire Dr Heinrich Wagner agus é i mbun Gaeilge Theilinn: foghraidheacht, gramadach, téacsanna, 1959 a scríobh. I dTeileann, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 27 Lúnasa 1895 ··· Bhí post aige sna scoileanna seo i nDún na nGall: Leac Conaill, Ard an Rátha (1915-16); Málainn Bhig (1916-20); An Chaiseal, Gleann Cholm Cille (1920-31). I 1921 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Choláiste Gaeilge Aoidh Mhic Bricne i dTeileann agus bhí ina ollamh ann go 1931 ··· Ní Bheirn ón Dúinín, Cill Charthaigh, i 1933 agus bhí mac amháin acu. Ceapadh ina chigire bunscoile é i 1932 agus bhí ag obair sna ceantair seo: Béal an Átha, Maigh Eo (1932-39); Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall (1939-49); Dún Dealgan (1949-52); Ceantar Gaeltachta Thír Chonaill (1952-54); Baile Átha Cliath (1954-55)
I Machaire na Coille, Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 12 Deireadh Fómhair 1868 ··· I gConamara agus i nDún na nGall a bhailigh sé na scéalta seo ··· B’as Dún na nGall dá bhean Annie, Pósadh iad tuairim 1895. Nuair a bhí ag teip ar a shláinte dúradh in Irish School Weekly 25 Lúnasa 1923: ‘Mr Deeney was a success as a teacher, as an organiser of Irish and as an inspector
Quiggin [q.v.] a chuaigh sé go Dún na nGall ··· Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 4 Márta 1916 go raibh Alf Sommerfelt ó Christiania ag cruinniú de Ard-ChraobhChonradh na Gaeilge agus go raibh ocht mí caite aige i nDún na nGall ··· Scríobh sé ailt ar ghnéithe den Ghaeilge agus de na teangacha Ceilteacha eile: gutaí na Mumhan; Gaeilge Ard Mhacha Theas; na Lochlannaigh i dtraidisiún Dhún na nGall
I Muine Mór, Baile an tSratha, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 6 Iúil 1908 ··· Tar éis bunscolaíochta i mbaile Dhún na nGall chaith sé an tréimhse 1920-27 i gColáiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn ··· Tá sé curtha i Reilig na Mainistreach i mbaile Dhún na nGall
Bhí cócaire agus garraíodóir (Francis Boyle a rugadh i nDún na nGall) sa teach in éineacht le Daniel, Hugh agus Mary ··· Dar le Donncha Ó Súilleabháin (Na Timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990) gur i gCabhán, Liatroim, Aontroim agus Dún na nGall a bhí sé ag obair ar dtús ··· Tuairiscíodh 4 Meán Fómhair 1917 é a bheith i gceannas ar Dhún na nGall, Tír Eoghain, Doire, agus Aontroim agus ar 17 Samhain gur faoi Shéamus Ó Glasáin a bheadh an chuid eile den chúige. In Fáinne an Lae 20 Iúil 1918 tá tuairisc gur pósadh é 9 Iúil 1918 ar Eibhlís Nic Con Uladh, iníon le Francis McCullough, feirmeoir sa Chaisleán Glas
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I dTeileann, Co. Dhún na nGall, a rugadh é agus ba iad Patrick McShane agus Kate Hegarty a thuismitheoirí ··· Tar éis a cháilithe i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, bhí sé ag múineadh i Latharnach ar dtús go dtí gur ceapadh é ina phríomhoide i Scoil na Cóguise, Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall ··· Nuair a foilsíodh An cnota glas is é a shíl cúpla nuachtán i nDún na nGall féin gurbh é Pádraig (1895-1981) an t-aistritheoir ach níor chuir sin isteach beag ná mór ar an bPádraig sinsearach, rud a chabhraigh, is dóigh, chun an botún a chur i bhfad
I gCill Bharrainn, Co. Dhún na nGall, a rugadh Michél ··· Is ar an Drobhaois, Co. Dhún na nGall, a bhí mainistir Phroinsiasach Dhún na nGall ag an bpointe seo agus b’in é ceanncheathrú Mhichéil
D’éag sé 9 Feabhra 1563 agus cuireadh i mainistir na bhFroinsiasach i nDún na nGall é. Ba é údar Betha Cholaim Cille é; is faoina threoir a scríobhadh é, i gCaisleán Phort na dTrí Namhad, Leifear, Co. Dhún na nGall in 1532 ··· That implausible mixture of irreverence and piety, of rectitude and hard-headed realism is a great part of the man’s fascination – as it is, dare one add, of those famous contemporaries of his who personify the humanist tradition, Desiderius Erasmus and Thomas More.’ Ag tagairt do Mhaghnas, dá athair agus dá sheanathair atá Mac Eiteagáin: ‘In summary therefore the lords of Tír Chonaill were innovative, sophisticated and receptive to outside influences, while at the same time having a political and cultural self-confidence which enabled them to become the dominant force in Gaelic Ireland for three generations.’ Is mar seo a cuireadh síos air in Annála Ríoghachta Éireann; ‘Fear nár lig a fhorbhrí ná a iomarca leis na tiarnaí a bhí ina chomharsanacht agus ina chomhfhogas go haimsir a fhochaidhe agus a éinirt; fear adhgharbh ainmhin, aindiúideach, amhnas le naimhde agus biobhaí go dtabharfadh go fomhámaithe dá réir; fear min muinteartha, ceanúil, cairdiúil, dearlaiceach, deaoinigh do dhámha, do dheoraithe, d’éigse agus d’ollúna, d’oird agus d’eaglaisigh amhail is léir ag seanóirí agus seanchaithe; fear eargnaí, ilcheardach go mbua intleachta agus aithne ar gach ealaín ar cheana d’éag 9, february ina longphort féin i Leifear sa bhaile a rinneadh leis in ainneoin Uí Néill agus Chineál Eoghain, agus a adhnacal in otharluí a shean agus a shinsear i nDún na nGall i mainistir S
68) Ar an mBealtaine, Gort an Choirce, Dún na nGall, a rugadh Niall ar 9 Aibreán 1874 ··· Fidléir maith ba ea é ach thar aon ní eile ba shampla an-mhaith é ar a fheabhas a bhí an dá theanga ag an nglún ar díobh é i nGaeltacht Dhún na nGall ··· D’éag Aodh ar 27 Feabhra 1937 ach mhair Niall anuas go dtí 29 Bealtaine 1961, é ina chónaí lena dheirfiúr ar an mBealtaine. Cuireadh aistí le Niall i gcló ar Béaloideas, ceann díobh ar bhuailteachas i nDún na nGall agus ceann eile ar laethanta na seachtaine
Bheadh John Gwynn ina ollamh le diagacht i gColáiste na Trionóide ar ball ach ó 1864 amach bhí post aige i Ráth Mealtain, Dún na nGall, agus is ann a chaith Stephen a óige ··· In Experiences of a literary man, 1926 dúirt sé: 'My life has been spent in an effort to understand and interpret Ireland and that corner of Donegal is the key to all my studies' ··· Ba é Cogadh na mBórach a spreag a dhán ' A Song of Defeat'. Ag Ardfheis 1905 bhí sé féin agus a bhean ina n-ionadaithe thar ceann chraobhacha Dhún na nGall agus toghadh ina bhall den Choiste Gnó é
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In oileán Ghabhla, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 24 Márta 1910 ··· Tar éis tamaill i scoil phríobháideach i mbaile Dhún na nGall fuair sé scoláireacht go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, agus cháiligh mar mhúinteoir náisiúnta i 1930
Sa Chlochán Liath, Co. Dhún na nGall, a rugadh í 12 Márta 1899 agus ba í an tríú duine í den chlann cheathrar buachaillíí agus cúigear cailíní a bhí ag John McMackin, ball den Chonstáblacht Ríoga arbh as Bearach, Co.Thír Eoghain, dó ó cheart, agus Margaret McNamee ··· Nuair a thug sí an dara cuairt i 1935 phós sí Patrick Breslin, fear a rugadh i Londain ar 16 Meitheamh 1907 (ach arbh as na Gleannta, Dún na nGall, dá athair), agus a d’imigh chun na Rúise i 1928
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ag Croich Uí Bhaoill tuairim dhá mhíle ón gClóchan Liath, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 12 Deireadh Fómhair 1909 ach is i gCúl a’ Chnoic gar do Anagaire a tógadh é ··· Smithson; Stair Éirí Amach na nÉireannach i 1798, 1941, saothar le Séarlas Hamilton Taoiling. Ar an gClochán Liath i nDún na nGall a bhí cónaí air nuair a d’éag sé 7 Iúil 1982
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá sé ar dhuine den bheagán cainteoirí dúchais a chuaigh le hardléann na Gaeilge i mblianta tosaigh an chéid agus ba é an duine ba mhó díobh, b’fhéidir, a chaith a dhúthracht le gramadach agus le foghraíocht na teanga. Sa Chruit in aice le Cionn Caslach, Dún na nGall, a rugadh é 21 Meán Fómhair 1886, dar leis féin san iontráil in Celtic who’s who (1921) ··· Bhí sé pósta le Mary Agnes Cassidy ó Dhroim Bairr in aice le baile Dhún na nGall agus bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu. Is iad na leabhair eile a scríobh sé: Cloich Cheannfhaolaidh (1908) agus eagrán nua dar teideal Cloich Cheannfhaolaidh agus scéaltaí eile in 1911; Faire Phaidí Mhóir (1914); Cú na gcleas agus sgéalta eile (1914) (scéalta Rúraíochta i bpáirt le Íde Nic Néill); Ceol na n-éan agus scéaltaí eile (1919) (scéalta a scríobh sé féin agus Íde Nic Néill síos); Fios feasa I-IV (1931); Nua-sgríbhneoirí na Gaedhilge (1933); Pádraig Mac Piarais (1938); Comhréir Ghaedhilg an Tuaiscirt (1939); Buaidh na tuigse (1940); Scéaltaí as an tsean-litridheacht (1945); Beatha Cholm Cille (1967)
Cill Leacht Aodha, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ach is leis na Cealla Beaga atá a ainm snaidhmthe ó ceapadh é ina mháistir i Scoil an Choímin ann in 1866 ··· Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na Múinteoirí Náisiúnta i nDún na nGall agus ina chathaoirleach ar chraobh an chontae sin ar feadh tamaill
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 B’as Ailt an Chorráin, Dún na nGall, dá athair Niall (d’éag 1 Iúil 1926 in aois 86 bliana dó) ach chuaigh sé go Toraigh i bhfeighil an tí solais ··· Bliain roimhe sin rinne sé rince ag an ‘Glasgow Exhibition’. Is iomaí uair a bhain sé feidhm as an mbua rince a bhí aige nuair a ceapadh é mar thimire Gaeltachta i nDún na nGall, i nDoire agus i dTír Eoghain
Fiú i 1918 bhí Seán Ó hÓgáin[B2] ag cur na ceiste ‘An file is fearr: an é “Pádraic” é?’ (Fáinne an Lae 9 Feabhra 1918). I Málainn Bhig i nDún na nGall a rugadh é ··· Cláraíodh Craobh an Athar Dáibhí Ó Maolchatha, Béal Feirste, ag cruinniu de Choiste Gnó an Chonartha 18 Márta 1902. In 1879 thug Pádraig a aghaidh ar Nua-Eabhrac agus fuair post cuntasóra/rúnaí i siopa línéadaitheora ar le beirt as Cill Charthaigh, Dún na nGall, é
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I nDroim na Saileach sna Gleannta, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ··· Bhí sin á mhúineadh i mbunscoileanna Dhún na nGall ar feadh na tréimhse 1925–40 agus bhí go leor daoine a shíl gurbh amhrán bunaidh é. Bhí baint ag Séamus Ó Creag le bunú Chrann Eithne, eagras Gaeilge an Easpaig Pádraig Ó Domhnaill [B2], i 1908 agus ba é an chéad eagarthóir é ar An Crann (1908–24). Tá aiste ina thaobh ag an Athair E
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I bhFaiche Mhór ar an gCraosloch i nDún na nGall a rugadh é Oíche Shamhna 1861 ··· D’aistrigh sé ‘There came to the beach a poor exile of Erin’ agus ba é a chum na hamhráin ‘The Hills of Donegal’ (‘O Donegal, the pride of all ...’) agus ‘Mo chró beag ag bun Chnoc an Tí ’. Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge ó bunaíodh i nDún na nGall é i 1901
As Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall, dá athair Francis, línitheoir meicniúil ··· McDowell chuir sé eagar ar Irish Historical Documents, 1172-1922, 1943. Bhí sé pósta leis an scríbhneoir Margaret Barrington as Málainn, Co. Dhún na nGall (rugadh 1896; d’éag 10 Márta 1982) ach scaoileadh an pósadh agus i 1926 phós sí Liam Ó Flaithearta. D’éag Éamon Cuirtéis ar 25 Márta 1943 (a 62 breithlá)
Deir Leon Ó Broin (Just like yesterday, 1985): ‘I had been to Donegal in 1938 to learn something about the local Irish dialect, and found myself sharing a room in a cottage with a German, a Professor Ludwig Mülhausen ··· ‘The Garda surveillance on Ó hEochaidh was only lifted when Professor Delargy [Ó Duilearga B5] intervened to explain to the Department of Justice the innocent relationship between Mulhausen and the Donegal man’ (O’Donoghue)
I scioból mór in Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall, a rugadh é tuairim 1895 ··· In Ospidéal bhaile Dhún na nGall a chaith sé na blianta deiridh dá shaol
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí se ina theachta Dála ag Cumann na nGaedheal agus ag Fine Gael i gContae Dhún na nGall ó 1927 go 1951, cé is moite de bhliain amháin ··· I gCill Charthaigh, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 31 Deireadh Fómhair 1884
Ba ghnách léi dul chun na Gaeltachta i Rann na Feirste agus i nGort an Choirce, Co. Dhún na nGall, ó Bhéal Feirste agus í ar scoil ··· Bhuaigh sé an ‘Sir Samuel Ferguson Memorial Award’ don chéad dráma Gaeilge ar raidió BBC in 1990 chomh maith. Théadh Caitlín agus Brian go Rann na Feirste agus go Ros Goill, Co. Dhún na nGall, sular pósadh iad
I dTamhnach an tSalainn, Co. Dhún na nGall, a rugadh í ar 31 Nollaig 1941 ··· Chuir ar éirigh léi a shealbhú go mór le bailiúchán an Ard-Mhúsaeim den déantús fíodóireachta, ach go háirithe i gcás fhíodóireacht phoiplín Bhaile Átha Cliath, brait urláir Dhún na nGall agus déantús góiséireachta Bhaile Brigín, Co
B’as ceantar Ghartáin i nDún na nGall dá athair Feardorcha agus dá mháthair Elizabeth Logue ··· Bhí sé ar scoil i dTaobh na hAbhann ar dtús agus ansin i mBun an Phobail, Dún na nGall, nuair ab éigean don teaghlach aistriú ann i rith na dTrioblóidí
Tá tagairtí dó (nó di) go minic in The Irish Folklore Commission 1935-1970: History, ideology, methodology, 2008 le Mícheál Briody. I gCruachlann, Teileann, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 9 Feabhra 1913 ··· Thug seisean cuairt ar Dhún na nGall 31 Iúil agus faoi cheann seachtaine bhí sé cinnte go raibh an duine ceart aimsithe aige
Ní raibh aon amhras ar Helen ná ar a hathair ach gurbh é Diarmuid an duine a rugadh ar 2 Bealtaine 1875. Mar oifigeach custaim is máil bhí sé lonnaithe in Ard an Rátha, Dún na nGall, roimh thús an chéid—faoi Nollaig 1899 tuairiscíodh é bheith i láthair ag feis sna Frasa ··· Cuireadh síos freisin gur i gContae Dhún na nGall a rugadh é
Ach ba ghairid gur aistríodh é go Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall ··· Chuidigh sé freisin le hamharclann a thógáil ar an mBun Beag, Co. Dhún na nGall. I ndeireadh mhí an Mheithimh 1947, agus é i mBéal Átha Seanaidh go fóill, scríobh Earnán de Blaghd chuige le rá go mbeadh folúntas á líonadh in Amharclann na Mainistreach go luath dá mba mhian leis teacht chun go ndéanfadh sé comhrá leis
Sa bhliain 2007 bhí sé mar pháirt den chúirt a bhronn dúbailt damáistí ar an tábhairneoir as Dún na nGall, Frank Shortt, ar gearradh téarma príosúnachta san éagóir air tar éis do bheirt Ghardaí fianaise bhréige a chur chun cinn ··· Ba é McDowell a sheas leis in 1974 nuair a phós Hardiman abhcóide eile, Yvonne Murphy, ar de bhunadh Dhún na nGall í, áit a raibh teach saoire aici féin agus ag a fear céile i ndeireadh a shaoil
Bhí poist aige i Lú agus sa Mhí ach ó 1957 go 1986 is i Scoil Adhamhnáin sa Luinneach, Dún na nGall, a bhí sé, é ina phríomhoide ann ó 1978. ‘Peileadóir den scoth a bhí ann a bhí ar fhoireann Ghaoth Dobhair a bhain Craobh an Chontae i 1944, 1945 agus 1953 ··· Sheinneadh a mháthair an consairtín ach deir Ó Laoire gurbh i gColáiste Éinde a d’fhoghlaim sé an veidhlín agus gurbh é go háirithe ba chúis leis an mbláth a tháinig in athuair ar an bhfidléireacht agus ar an gceol ionstraime i gcoitinne in iarthuaisceart Dhún na nGall
Dhún na nGall, a rugadh an t-amhránaí aitheanta seo 18 Nollaig 1920 ··· Tá sí curtha i Machaire Gathláin, Co. Dhún na nGall
I Mín Doire Dhamh i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 8 Meán Fómhair 1930 ··· Bhí baint mhór aige le Club Ghaoth Dobhair de Chumann Lúthchleas Gael agus bhí ina ionadaí ag Coiste Dhún na nGall ar Chomhairle Uladh den Chumann
I litir in Irish Times 11 Meán Fómhair 2002 deir an t-údar sin: ‘In fact, secret messages were broadcast later in the war, from January 1942, to pro-German elements in Ireland, mainly using a code hidden in Dr Hartmann’s on-air extracts from an Irish translation of Wolfe Tone’s diaries.’ Deirtear gur mó a bhítí ag éisteacht le craoltaí Mühlhausen agus Hartmann i nDún na nGall ná i gceantair eile Ghaeltachta ··· D’fhill sé ar Éirinn sna 1960idí agus chruinnigh ábhar i gConamara, i gCiarraí agus i gCo. Dhún na nGall
Deir Gréagóir Ó Dúill in Comhar, Iúil 1990: ‘Seasann leabhair dár aistrigh sé mar chuid de litríocht na Gaeilge—Eadarbhaile ar Adrigoole le Peadar O’Donnell agus Séideán bruithne ar Typhoon le Joseph Conrad le dhá shampla a lua.’ Gheofar cuntas beacht ar thuairimí Mhic Grianna i dtaobh an Ghúim agus na sclábhaíochta a bhain leis na haistriúcháin in Feasta, Aibreán 2002 (‘Scríbhneoirí Gaeilge Dhún na nGall agus scéim Aistriúcháin an Ghúim’ le Nollaig Mac Congáil) ··· Scitsifréine a bhí air, ach níor fhág sin nach bhféadfadh sé a bheith páirteach in éigsí agus i bhféiltí i nDún na nGall ar ball
D’fhill sé ar Dhún na nGall i 1957 agus bhí ag múineadh in Ardscoil Mhuire, Gaoth Dobhair, anuas go 1973, agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair go ndeachaigh sé ar pinsean i 1988 ··· Saineolaí ar dhinnseanchas Dhún na nGall a bhí ann freisin
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí an fonnadóir seo ina Uachtarán ar Oireachtas 1980 i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, agus bhí sé ina chathaoirleach ar an gcoiste a d’eagraigh an fhéile ansiúd sna blianta 1977, 1980 agus 1984 ··· I Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 16 Iúil 1911
I Scoil Chaitríona, Sráid Eccles, Baile Átha Cliath, a bhí sí ag obair ó 1968 go 1971 agus ó 1971 go 1974 bhí sí i Scoil Chuimsitheach Cholm Cille, na Gleannta, Co. Dhún na nGall
I Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 18 Eanáir 1914
Bhí an dá phost sin aige go 1984 nuair a aistríodh é go Ros Neamhlach, Co. Dhún na nGall, mar bhiocáire. Is leabhair a scríobh sé ar théamaí cráifeacha iad seo: Froinsias, 1965; Duitse na soiscéil, 1959; Páis an Tiarna, 1976; An Eaglais Óg, 1980; Turas na Croise: A Stair, 1986
I Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, a rugadh í 29 Meán Fómhair 1907
In Ailt an Eidhinn in aice le Loch an Iúir, paróiste Anagaire, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 27 Lúnasa 1908; ba é an duine ba shine de sheisear é
Bhí sé ina chigire bunscoile ó 1944, i nDún na nGall an chuid is mó den am, go dtí go ndearnadh cigire meánscoile de i 1947
Sa Sruthán, gar don Fhál Carrach i gContae Dhún na nGall, a rugadh é ar 12 Meitheamh 1905
I nDoire na Corradh sa Dúchoraidh, paróiste Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 25 Eanáir 1913
An tuairisc sin, agus í a mhéadú faoi sheacht, ní bheadh inti ach tús tráchta chun leac an laoich seo a líonadh.’ Tá cuntas iarbháis air ag a chara Aodh Ó Canainn in Comhar, Aibreán 1996 agus in Donegal Annual, 1994 tá cuntas ag an údar céanna agus béim á cur aige ann ar ar bhailigh Ó Cuinn d’ábhar in áiteanna i nDún na nGall inar shíothlaigh an Ghaeilge ó shin
Agus deir sé faoin tréimhse a chaith sé i nDún na nGall gur ‘phronn muintir Rann na Feirste an t-ainm “Gerrí Mhicí” air, mar a bheadh gur dhuine díobh féin é, i ndiaidh conablach dhá bhliain a chaitheamh ansin, ar fhágáil na státseirbhíse dó’ (idem). Chuir Seán Beaumont[B1] tús leis an bpáipéar An t-Éireannach i 1934
Liatroma, a athair; luaitear in Burke ceithre heastáit a bheith ag Henry John agus go raibh sé ina ghiúistís agus ina Ardsirriam san dá chontae agus go raibh gaol gairid aige leis an tríú hIarla Liatroma (a feallmharaíodh 2 Aibreán 1878 in aice le Baile na nGallóglach, Co. Dhún na nGall)
I Móinín na hEasrach, i gceantar Ghleann Fhinne, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 9 Lúnasa 1913 do William McMenamin, feirmeoir, agus Catherine Diver (taifead beireatais)
Is ann a casadh an Dr Rex Cathcart air agus mheall seisean ó thuaidh é go dtí an Scoil Ríoga i Ráth Bhoth, Co. Dhún na nGall; sé bliana a chaith sé ann ach bhí fonn air sa deireadh filleadh ar Bhaile Átha Cliath
I nGlaschú a rugadh é ar 28 Eanáir 1921 ach is in aice le Béal Leice, Ard Mhacha, i bhFear Manach agus i gceantar Phaiteagó, Co. Dhún na nGall, a d’fhás sé suas
I Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, a rugadh í agus is ann a bhí sí ar scoil
I gceantar Bhaile na Finne, Co. Dhún na nGall, a rugadh é
I gCill Riáin i bparóiste Inis Caoil, Dún na nGall, a rugadh é 14 Meán Fómhair 1911
Bhí Jack fostaithe i ngnó síoladóireachta agus soláthair earraí feirmeoireachta sula ndeachaigh sé isteach in Arm na Breataine 1914-18; chuaigh sé isteach sna hÓglaigh ina dhiaidh sin agus bhí ag troid i gCogadh na Saoirse; bhí seisean agus a dheartháir Daniel in aghaidh an tSaorstáit sa Chogadh Cathartha agus cuireadh Daniel chun báis i nDroim Bó, Co. Dhún na nGall, 14 Márta 1923. Bhí Bryan McMahon mar mhúinteoir ag Tim i Lios Tuathail agus cuireadh meánoideachas air i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne
Ba as ceantar na gCruach Gorm, Co. Dhún na nGall, di agus rugadh í 22 Deireadh Fómhair 1906
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Duine tábhachtach é i gcúrsaí logainmníochta agus teangeolaíochta, i gCúige Uladh go háirithe, agus, i gcás chanúintí an Bhéarla, sa Chabhán, i Liatroim, Dún na nGall, Muineachán agus Lú
Ba í Catherine Bryson ó cheantar Bhealach Féich, Co. Dhún na nGall, a mháthair
Mar Phreispitéireach a tógadh Robert ach bhí sé iompaithe ina Chaitliceach sular casadh Teresa air agus é ag obair in St Andrews, Fife, Alba, mar a raibh sise fostaithe mar orgánaí san eaglais Chaitliceach; ba as na Frosa, Dún na nGall, dá hathairsean agus b’as Baile Átha Cliath dá máthair
Sé a chuir coincheap na réamh-mhonarchana agus na n-eastát tionscail chun cinn, agus ceann de na nithe ba shuntasaí a léirigh a fhís agus a fhadbhreathnaitheacht ná forbairt aerstráicí féir ar thrí oileán Árann agus ar an gCarraig Fhinn i nDún na nGall agus ceannach aerstráicí (nár forbraíodh) i mBaile an Sceilg agus sa Charn, Béal an Mhuirthead
Bhailíodh sé amhráin Ghaeilge i nDún na nGall; luaitear go háirithe na hamhráin a thug Róise Mhic Grianna[B2] dó
Tá cuntas air in Irish Times 15 Iúil 2006 faoin teideal ‘Musical visionary who pushed the boundaries’ agus deirtear ann: ‘Although steeped in the tradition, primarily through his father’s Donegal roots and through Aodh’s role as a music collector, Skara Brae took some of the oldest songs in the tradition and breathed fresh life into them, with their peerless sibling harmonies and sympathetic yet startling arrangements.’ In Béaloideas 74, 2006 tugann Ríonach Uí Ógáin cuntas ar a shaol agus cuireann béim ar leith ar ar bhailigh sé d’amhráin idir Ghaeilge agus Bhéarla i nDún na nGall le linn dó a bheith fostaithe ag Rannóg an Cheoil Tíre, Roinn Béaloideas Éireann (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) ó Aibreán go Lúnasa 1974
D’éag Annie san Ospidéal Ceantair sa Chlochán Liath, Co. Dhún na nGall, 20 Feabhra 1963.
Deir Nollaig Mac Congáil faoi: ‘Sin leabhar, dá mbeadh sé scríofa as Gaeilge ar an chéad dul síos, a chuirfeadh an dlaíóg mhullaigh ar scríbhneoireacht Ghaeilge Dhún na nGall dá bhfoilseofaí é nuair a bhí lagtrá ag teacht ar scríbhneoireacht Ghaeilge Dhún na nGall sna 1940idí agus sna 1950idí.’ I gCluain Maine, Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall, a bhí cónaí ar an bhfíodóir seo agus sna 1940idí deireanacha thosaigh múinteoir sa cheantar, Patrick Kavanagh, ag breacadh a scéil síos óna bhéal féin
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Duine de scéalaithe móra Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Bhí teach saoire acu i gCnoc Fola i nGaeltacht Dhún na nGall agus thacaigh sé, dar le tuairisc an Irish Times, le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta
Bhí ‘Músa’, leagan de ghearrscéal Gearmánach, i gcló aici in An tUltach, Márta 1931 agus bhí ‘Páidigh ’s a mhuc,’ scéal a scríobh sí síos ó Biddy Coyne, Bun Beag, Co. Dhún na nGall, i gcló san iris chéanna Feabhra 1932
Cuireadh í sa Charraig i nGaeltacht Dhún na nGall mar a raibh teach saoire acu
An 30 Nollaig 1927 ar an Choitín, i nDoirí Beaga, Co. Dhún na nGall, a rugadh é
Mar chigire réigiúnach de chuid Roinn an Oideachais bhíodh air a theaghlach a aistriú anseo nó ansiúd gach cúigiú bliain. Bhailigh Pádraig amhráin, paidreacha agus scéalta i nDún na nGall agus bhailigh ábhar Gaeilge freisin sa Chabhán agus ar theorainn Ard Mhacha agus Lú
Chuir an Roinn Talmhaíochta go Dún na nGall é chun cigireacht a dhéanamh ar phrátaí
Cainteoir dúchais Gaeilge ó Fhánaid, Co. Dhún na nGall, ba ea Úna
Is in Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall, a cuireadh tús lena bhunscolaíocht
Ina dhiaidh sin, bhí sé tamall leis an bhFórsa Cosanta Áitiúil i gContae Mhaigh Eo, tamall i gCampa Finner i nDún na nGall agus ansin sa Churrach mar ar thit air rialacha, treoracha agus orduithe an Airm a aistriú go Gaeilge
Bhí sé ina uachtarán ar Choláiste Aoidh Mhic Bricne, coláiste samhraidh i dTeileann, Co. Dhún na nGall
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I gCarraig an Choill, Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, a rugadh Seán Ó Duibheannaigh (John Phadaí Hiúdaí nó John Ghráinne) ar 20 Deireadh Fómhair 1920
Sa bhliain 1989 bhain sé an dara háit amach sa chomórtas scéalaíochta ag Oireachtas na Gaeilge i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall, agus fuair an chéad áit an bhliain dár gcionn in Inis, Co
Ba é an bainisteoir, Caoimhín Ó Marcaigh, a chuir fios air. B’fhéidir gurbh é an cor ba mhó a cuireadh ina chinniúint sna blianta sin é bualadh le hAngela (Aingeal) Callaghan as an Chlochán Liath, Co. Dhún na nGall
Léachtóir spreagúil le Sean-Ghaeilge a mbíodh mic léinn faoi gheasa aici, bean chúise a thug dúshlán an stáit faoi scrios suíomhanna stairiúla i dTeamhair na Rí agus Scrín Cholm Cille, gníomhaí pobail i gceantar Mhaigh Nuad agus scríbhneoir ficsin do dhéagóirí. I mBóthar na Trá, Gaillimh, a rugadh Muireann Ní Bhrolcháin ar an 15 Bealtaine 1955, iníon le Cillian Ó Brolcháin, ollamh le fisic i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, Baile Átha Cliathach a raibh ceangal aige le Co. Dhún na nGall, agus a bhean, Máiréad Ní Chochláin, cainteoir dúchais Gaeilge ó Co
B’as Conmhaigh agus Bun an Phobail, Co. Dhún na nGall, do sheanmhuintir Pearse ar thaobh a mháthar, Caitlin Sara McElhinney, arbh i nGlaschú a rugadh agus a tógadh í agus a bhí freisin ina ball de Shinn Féin ann
na Gaillimhe, ach d’aistrigh an teaghlach go Co. Dhún na nGall agus gan ach cúpla bliain caite aige ar scoil
In 1952 in éineacht le Ciarán Mac Mathúna [q.v.] agus Conchubhar Ó Cuileanáin [q.v.] fostaíodh í ar bhonn sealadach ar fhoireann Choimisiún na Logainmneacha agus bhí Co. Dhún na nGall faoina cúram ann
Ba as Ros Goill, Dún na nGall, a athair agus a mháthair
Sa Chloigeann in aice le Carraig Airt, Co. Dhún na nGall, a rugadh é Nollaig 1842
Ar an gCruit Uachtarach in Oileán na Cruite i nDún na nGall a rugadh é ar 20 Lúnasa 1895
Dúradh ann gur chónaigh sé tamaill i gConnachta agus i nDún na nGall, gur chaith sé téarma ag múineadh i gColáiste na Mumhan, gur chara ar leith é leis an Athair Peadar Ó Laoghaire[B2] (‘Nobody knows an tAthair Peadar better than he’) agus go scríobhadh sé na nótaí ar chúrsaí reatha in Cork Examiner
Níl ach an t-aon iontráil amháin faoin sloinne in Eolaí Telefóin na hÉireann 07/09 (Cúige Chonnacht agus Dún na nGall) anois. Seo í an fhianaise i dtaobh cér dhíobh Seán Mac Éinrigh
I gcomhfhreagras le Liam Ó Rinn[B1] in The Irish Statesman i 1925 bhí sé in aghaidh Gaeilge a mhúineadh do pháistí na mbocht agus chreid sé gur fimíneacht a bhí ar siúl ag cuid mhór de cheannairí na tíre; thug sé faoi deara gur i mBéarla a bhí feachtais an dá thaobh san olltoghchán i nGaeltacht Dhún na nGall agus as 34 fógra in Fáinne an Lae nach raibh ach trí cinn i nGaeilge ‘and the rest are in the much-abused but ever serviceable English’
Thaistil sé Maigh Eo, Dún na nGall, Ciarraí, iarthar Chorcaí agus oileáin iartharacha na hAlban
Phós sé Mairéad Máire Ní Chinnéide, bean as Srath an Urláir, Co. Dhún na nGall, a bhí i Meiriceá ó bhí sí trí bliana d’aois
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Chuir Énrí Ó Muirgheasa[B1] amhrán dá déantús, ‘Ceol Loch Aoidh’ (‘Seanfhocal a chuala mé is a chreidfeas mé i gcónaí’), i gcló in Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh, 1934 agus roghnaíodh é ina dhiaidh sin in An Uiseog agus in Filidheacht na nGaedheal [1940] in eagar ag Pádraig Ó Canainn[q.v.]. I dTaobh an Locha in aice leis an Éadan Anfa agus tuairim cúig mhíle ó bhaile na nGleanntach, Dún na nGall, a rugadh í
Bhí cáil na hóráidíochta air. Bhí sé ag feidhmiú mar shéiplíneach i mBeairic na Rinne Móire agus théadh leis an gCéad Chath ar na mairseálacha fada go dtí campaí traenála i nDún na nGall agus Corcaigh
Níor foilsíodh riamh leaganacha Gaeilge ná Béarla de na cinn a bhí scríofa aige ar Chorcaigh, Bhaile Átha Cliath, Dhún na nGall, Mhaigh Eo ná Loch Garman (tá siad i measc a chuid Iss sa Leabharlann Náisiúnta)
Rugadh é (Páidi Sheáin a’ Dubhaltaigh) i Machaire Chlochair, An Bun Beag, Co. Dhún na nGall, 27 Feabhra 1893
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Rann na Feirste, Dún na nGall, a rugadh é ar 6 Feabhra 1894
Thugadh sé misin do phobail Ghaeltachta Chiarraí agus Dhún na nGall
B’as Cill Bharrainn i gContae Dhún na nGall
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In Priestown, Magh, gar do Charn Domhnach, Co. Dhún na nGall, a rugadh an naomhsheanchaí iomráiteach seo
Bhí a mhac Aodh páirteach san éirí amach agus maraíodh é i Scairbh Sholais, Co. Dhún na nGall, ar 21 Meitheamh 1650 nuair a bhris Sir Charles Coote cath ar an Easpag Éimhear Mac Mathúna
Ag tagairt do Sir Thomas More deir Tadhg Ó Dúshláine in The Irish in Europe..., 2001 in eagar ag Thomas O’Connor (‘Devout humanism Irish-style...’): ‘[Thomas] More too is considered the originator and master of a school of historical writing, centred at Louvain, and his biography of Richard III is considered the possible exemplar for the life of Red Hugh O’Donnell, compiled by the professional historian, Lughaidh Ó Cléirighcirca 1630.’ Cibé dáta a bheadh ceart, déantar talamh slán de gurbh i ndiaidh bhás Aodha Uí Néill i 1616 a scríobh sé é. Rugadh an staraí agus an file seo i gContae Dhún na nGall agus ba é an duine ba shine é den chúigear mac a bhí ag Mac Con Ó Cléirigh (Maccon Ó Cléirigh) a d’éag in 1595, ollamh le stair ag Ó Domhnaill, fear eolach beartach (‘Historian and poet, was born in Co
Is é an cuntas is deireanaí a bhfuil ag Proinsias Mac Cana in Collège des Irlandais and Irish Studies (2001). Cheaptaí uair gurbh i bparóiste na nGleannta, Co. Dhún na nGall, in aice an tsráidbhaile féin, a rugadh é ach síltear anois gurbh é an Jacobus Gallagher é a fuair céim mháistir i bPáras 2 Lúnasa 1715 agus arbh as deoise na Cille Móire dó
Ba mhinic a thugadh sé cuairt ar an Rinn agus ar cheantair máguaird ar dhóigh seanchainteoirí Gaeilge a bheith iontu; chuirfeadh sé ardspéis ar ball i nGaeilge Dhún na nGall agus bheadh bá ar leith aige le Gaeilge Chorca Dhuibhne
I mBun Cranncha, Co. Dhún na nGall, a rugadh í ar 6 Bealtaine 1925
Dúirt Seán óg Ó Tuama[B2] in Inniu 12 Deireadh Fómhair 1962 go ndeachaigh sí go Dún na nGall le Miss Wyse Power i 1920 agus gur bhunaigh siad craobh de Chumann na mBan ann
B’as Co. Dhún na nGall di ach ní raibh Gaeilge aici. Le Gaeilge a tógadh na leanaí
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Scéalaí a rugadh in aice le Teileann, Co. Dhún na nGall
Tamall ag múineadh i mBaile Átha Cliath agus ansin i nDún na nGall, Sligeach agus Maigh Eo
Bhí plean acu chun scoileanna a bhunú i dTír Eoghain, Doire agus Dún na nGall, scoileanna nach gcuirfeadh isteach beag ná mór ar chreideamh na ndaltaí
Tá cuntas ag Breandán Ó Buachalla air in I mBéal Feirste Cois Cuain, 1968 (An Clóchomhar) agus, ag Roger Blaney in Presbyterians and the Irish Language, 1996, tá cuntas freisin ar a mhuintir siar go dtí saolú a sheanathar i nDún na nGall tuairim 1685
Bhí sé bliain go leith i nGaeltacht Dhún na nGall
In Ard Beag i gceantar Ghort an Choirce, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 18 Lúnasa 1917
Tá cuntas iomlán ar shaol, ar shaothar is ar mhuintir Mhicí, mar aon lena nginealach, ag Cathal Póirtéir in Micí Sheáin Néill: scéalaí agus scéalta, 1993. I Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 24 Eanáir 1901
Ceapadh é ina shagart cúnta i bPaiteagó, Dún na nGall, ar dtús agus ansin i mBaile an Scotaigh agus i gCluain Eois, mar a raibh dualgais séiplínigh i Loch Dearg le déanamh aige
B’as Bun an Phobail, Dún na nGall, di
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Leitir Catha sna Rosa, Dún na nGall, a rugadh é ar 23 Meitheamh 1885
Léiriú é ar an gcáil a bhí ar Chathal lena linn féin. I Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 3 Meitheamh 1866
A líonmhaire atá an sloinne i nDún na nGall, mar a raibh teach saoire aige i gCloich Chionnaola, b’fhéidir nó, rud is dealraithí ná é, gurbh ag aithris a bhí sé ar “Mhac Giolla Phádraig”. Tá cuntas cuimsitheach ag Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis (1975) ar an tréimhse cúig bliana a chaith sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge
Ba é an t-ábhar a bhailigh Ó Conluain uaithi i 1953 agus a chraol Radio Éireann a chuir in aithne í don saol Fódhlach. Ar 13 Márta 1879 i Seascann an Róin, míle ón gClochán Liath, Dún na nGall, a rugadh Róise Ní Cholla
Gan súil le cúiteamh, le gradam nó le onóir”. Ar 16 Nollaig 1887 a rugadh é i Málainn Bhig, Gleann Cholmcille, Co. Dhún na nGall
Nóiméad ard-drámata ba ea é i saolú an stáit dhúchais. I gCarn Domhnach, Co. Dhún na nGall a rugadh Pádraig ar 21 Aibreán 1876
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I bhFánaid, Dún na nGall, a rugadh í
Saolaíodh an seanchaí cáiliúil seo i Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, ar 1 Feabhra 1863
An dualgas a bhí air múineadh na Gaeilge a eagrú i scoileanna Dhún na nGall
Rugadh é ar 5 Deireadh Fómhair 1856 in Allt an Iarainn, Gleann tSúilí, Co. Dhún na nGall
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I nDoire Chonaire, Cloich Chionnaola, Co. Dhún na nGall a rugadh é ar 22 Samhain 1865
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Sa Chruit, Co. Dhún na nGall, mar a raibh feirm bheag ag a athair Séamus a rugadh é
Bhí sé broidiúil i rith 1915 ag fréamhú na heagraíochta Crann Déagláin mar ghléas le tacú le teaghlaigh Ghaelacha, aithris, b’fhéidir, ar Chrann Eithne a bhunaigh an tEaspag Pádraig Ó Domhnaill [B2] i nDún na nGall. Nuair a beartaíodh Oireachtas 1916 a bheith i gCathair Phort Láirge ceapadh é ina chomhrúnaí ach b’éigean é a chur ar siúl i mBaile Átha Cliath ag deireadh thiar
Deirtear sa chuntas sin freisin gur dornálaí fiúntach ab ea é agus é ‘ar fheabhas leis an meáchan a ardú’. In ainneoin na tagairte sin do chósta an oirthir is léir ar litreacha a bhí i gcló aige in An Claidheamh Soluis go mbíodh sé ag taisteal sna ceantair Ghaeltachta, i dToraigh, Dún na nGall, Maigh Eo, agus Corcaigh, go háirithe, agus é ar dualgas sna tithe solais, agus go gcuireadh sé an taisteal sin chun tairbhe dá eolas ar cheart na Gaeilge
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I nDumhaigh Mhór i bhFánaid, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 10 Samhain 1888
Tá aiste fhada ina thaobh ag an Athair Seán Ó Gallchóir in Scríbhneoireacht na gConallach (1990), in eagar ag Nollaig Mac Congáil. Rugadh Séamus i dTóin an Bhaile, Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, ar 17 Samhain 1889
Bhí leabhar ar ghnéithe den logainmníocht idir lámha aige, chomh maith le foclóir de Ghaeilge Uladh. Ba mhór an spéis a bhí aige sa Ghaeilge bheo agus théadh sé go minic go dtí Gaeltacht Dhún na nGall
Agus scríobh Stephen Gwynn[q.v.]: ‘There was never anywhere a more distinguished looking human being...’ (Reminiscences of a literary man, 1926). In Ard Leathan, Gleann Fhinne, Co. Dhún na nGall, a rugadh an Píobaire Mór, mar a thugtaí air
Agus dúirt Tarlach ina leabhar Faoi Ghlas, 1985: ‘Ba eisean an t-aon scríbhneoir eile Gaeilge a tháinig as measc na gcéadta Poblachtach a bhí imtheorannaithe idir 1938 agus Nollaig 1945 i dTuaisceart na hÉireann’. Nuair a ligeadh saor é i bhfómhar 1945 thosaigh sé ar shaol eachtrúil a chaitheamh; tamall ag obair do chomhlacht asfailt—tugadh bóthar dó nuair a fuarthas amach go raibh tréas curtha ina leith; ag feirmeoireacht sa bhaile; téarmaí múinteoireachta i gcoláistí samhraidh Dhún na nGall; ina mhúinteoir taistil i ngleannta Aontroma