Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 25
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Toisc go mbíodh filleadh beag air a bhaist muintir Dhún Chaoin ‘Seán a’ Chóta’ ar Sheán óg Caomhánach ··· Rugadh i mBaile na Rátha i nDún Chaoin é ar 7 Feabhra 1885 ··· Bhí eagarthóireacht déanta ag Seán ar Sailm Dháibhidh Bhedell in 1912 agus bhí seo le rá ag Pádraig Ó hÉalaí faoi Fánaí: ‘Cé gur údar mór ar Ghaelainn Dhún Chaoin ab ea Seán Ó Caomhánach féach nach í Gaelainn Dhún Chaoin atá againn sa leabhar seo cuid mhaith... ··· In 1937 d’fhill sé ar Dhún Chaoin agus lean air ag bailiú go dtí 1942 ··· Ar 27–29 Meán Fómhair 1985 bhí éigse ar siúl i nDún Chaoin mar chuimhne chéad bliain agus foilsíodh leabhrán le Seán Ó Lúing. Chuir Tadhg Ó Dúshláine eagar ar Éist le Dubh Dorcha: cnuasach d’aistí (1991) le Seán óg Caomhánach
Tá cur síos ag Máire Mhac an tSaoi, iníon deirféar Phádraig, ar chúlra na beirte sin i léacht a thug sí ag Éigse Dhún Chaoin 1989 agus a foilsíodh in Anois 22 agus 29 Deireadh Fómhair 1989, faoin teideal ‘Sagart na Cille’ ··· Roimh 1925 cheannaigh sé talamh agus thóg sé teach i nDún Chaoin ina gcónaíodh sé go ham a bháis. Bhí sé ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge i lár na 1920idí. Toghadh é ina bhall de choiste Chumann na scríbhneoirí (Misneach 25 Feabhra 1922) ··· Dánta eile a chum sé a bhfuil eolas go forleathan orthu is ea ‘Sráideanna naofa Átha Cliath’, a scríobh sé um Shamhain 1923, agus ‘Connor (1881–1944)’, marbhna ar Phádraig Ó Conchúir, cara cléibhe agus duine dá chomhghleacaithe agus dá oidí teanga i nDún Chaoin ··· Tá curtha síos ag Máire Mhac an tSaoi sa léacht úd i nDún Chaoin agus arís i Léachtaí Cholm Cille ar an gcaoi a raibh sé faoi chomaoin ag comharsana áirithe i nDún Chaoin agus é i mbun na n-aistriúchán sin. Bhí sé ar dhuine de shagairt Shinn Féin ó 1917 amach agus bhí ag cabhrú le hArt Ó Gríofa san fheachtas toghchánaíochta sa Chabhán Thoir d’ainneoin easpag na deoise ··· agus gurbh iad na cairde ba dhlúithe riamh aige Pádraig Ó Conchúir, Mártan Ó hUallacháin, agus Pádraig ac Síthigh, a chomharsana i nDún Chaoin. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Chiarraí, a bhí a muintir anuas go 1872 nuair a d’aistrigh siad go Baile an Bhiocáire i nDún Chaoin ··· Bhí sí ar scoil i nDún Chaoin, mar a raibh Seán Ó Dálaigh [B2] ar dhuine dá múinteoirí, ó bhí sí sé bliana d’aois ··· Tá sí curtha sa reilig nua i nDún Chaoin ··· Ach is fánach, dar liom, a casfaí feallsamh mar Pheig Sayers ort, fiú sa Ghaeltacht féin.’ Agus tá an cur síos seo ag Flower uirthi in The Western Island: ‘As Peig was telling this tale I watched her, in admiration of her fine, clean-cut face, with the dark expressive eyes that change with the changing humours of her talk, all framed in her shawl that kept falling back from her head as she moved her arms in sweeping gestures, only to be caught and replaced above her brow with a twitch of the hand.’ In Béaloideas 72, 2004 (‘The scholar and the storyteller: Heinrich Wagner’s collections from Peig Sayers’) tá cur síos ag Bo Almqvist ar an tréimhse a chaith an scoláire i nDún Chaoin in 1946
In Béaloideas 72, 2004 (‘The scholar and the storyteller: Heinrich Wagner’s collections from Peig Sayers’) tá cur síos ag Bo Almqvist ar an tréimhse a chaith an scoláire i nDún Chaoin in 1946. Ba é an duine ba cháiliúla é de scoláirí Gaeilge na Mór-roinne sa dara leath den 20ú haois ··· In 1945 mhol Pokorny dó dul go Dún Chaoin ··· Chaith sé cúig mhí i nDún Chaoin ag foghlaim Gaeilge agus bhailigh ábhar ann ó dhaoine, Peig Sayers[B5] ina measc ··· Toradh eile is ea ‘Phonetische aus Dunquin, Co
D’aistrigh sé féin agus Peig go Baile an Bhiocáire, Dún Chaoin, in 1942. Is roimh 1942 a tharla na heachtraí go léir ina dhírbheathaisnéis Is Trua ná fanann an óige (1953) (A Pity youth does not last, 1982 aistrithe ag Tim Enright), cé go sílfeadh duine gur leabhar le seanduine é ··· Scríobh Micheál de Mórdha in Inniu 3 Bealtaine 1974: ‘Thuas cois cnoic, i mBaile Bhiocáire, Dún Chaoin, a bhí a phluais scríbhneoireachta—bothán beag le ceann peilte ··· Gan amhras ní raibh sé marbh nuair a bhí an colún á scríobh ag an Ríordánach. Duine ar leith ba ea é i measc a chomhaimsearach i nDún Chaoin
Bhí sí sa Daingean agus i bhFionntrá sular thug sí aghaidh ar Dhún Chaoin ··· Bhí sé socair gurbh i dteach mhuintir Chíobháin a d’fhanfadh sí i nDún Chaoin ··· Bhí rud ní ba thromchúisí ná sin ar siúl ag Gretta Cousins ag séipéal Dhún Chaoin
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 ‘Tá Cáit Feiritéar – nó An Bhab mar is fearr aithne uirthi, nó go deimhin Bab – ó Bhaile na hAbha, Dún Chaoin i nGaeltacht Chiarraí, ar dhuine de na scéalaithe traidisiúnta deireanacha sa tsaol Gaelach.’ Sin í an chéad abairt sa réamhrá in Ó bhéal an Bhab: Cnuas-scéalta Bhab Feiritéar (2002) in eagar ag Bo Almqvist agus Roibeard Ó Cathasaigh (a bhfuil péire dlúthdhiosca in éineacht leis) ··· Foilsíodh Coiglímis an tine: cnuasach seanchais agus scéalta Bhab Feiritéar (2010), é cóirithe agus curtha in eagar ag Bo Almqvist agus Roibeard Ó Cathasaigh. I mBaile na hAbha, Dún Chaoin, Co ··· Scéalaithe leis ba ea a hathair, a dheartháirsean Tadhg, agus a seanmháthair agus a seanaintín ar thaobh na máthar, Cáit, Bean Uí Shé (1861-1941) agus Máire Ruiséal, Bean Uí Lúing (1856-1946). Agus í ar Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin, idir 1923 agus 1931, d’insíodh nó léadh na múinteoirí, Bríd Ní Lúing, ar gheall í le máthair aici, agus Muiris Ó Dálaigh, scéalta dóibh
Thugadh sé cuairt ar Dhún Chaoin go minic ··· Cara leis ba ea Muiris Caomhánach (‘Kruger’) [B1] agus nuair a d’éirigh idir Muiris agus Paddy Kavanagh, cara eile aige, i ngeall ar alt a bhí i gcló ag an bhfile i dtaobh an tí tábhairne i nDún Chaoin, bhí sé ina idirghabhálaí eatarthu, obair gan bhuíochas. Bhí sé pósta ar Mollie McLoughry (d’éag 1980) agus bhí mac agus iníon acu
Gan amhras ba é an tábhairneoir ba cháiliúla in Éirinn a linne féin é. Rugadh Muiris Caomhánach (nó Muiris Ó Caomháin mar a scríobhadh sé a ainm go minic) i mBaile na Rátha i nDún Chaoin ar 28 Márta 1894 ··· Bhí sé ar scoil i nDún Chaoin mar a raibh a athair baistí Seán Ó Dálaigh ('Common Noun’) ag múineadh
Tá cuntas iarbháis ag Seán Ó Coileáin in Feasta, Samhain 1989 agus deir sé gur ‘cailleadh a lán de shaibhreas na sean-mhuintire ina theannta’. Ba dhuine é den chúigear clainne a bhí ag Seán Dónaill Ó Cíobháin agus a bhean Máire de hÓra agus is i mBaile na Rátha, Dún Chaoin, Co ··· Bhí sé ar scoil i nDún Chaoin agus i mBaile an Fheirtéaraigh agus is mar dhalta scoile a chéadchuir Osborn Bergin[B2] aithne air
Ba ghnách a hainm ar an leathanach teidil faoi ainm an eagarthóra, Vendryes. Bhí sí tamall ag léachtóireacht i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath sular thug sí a haghaidh ar Dhún Chaoin ··· Tar éis ceithre mhí i nDún Chaoin thug sí cuairt ar an mBlascaod
Ba é an seachtú mac é a rugadh i mBaile an Bhiocáire, Dún Chaoin, Corca Dhuibhne, Co ··· Faoi 1975 bhí sé imithe amach ar pinsean agus ina chónaí arís i nDún Chaoin
‘Ar Cheann an Dúna i nDún Chaoin agus faoi scáth na mBlascaed’ (Iomairí críche) a rugadh é ar 28 Eanáir 1913 ··· Chaitheadh sé ceithre mhí den bhliain i nDún Chaoin, i dteach a chara Máire Ní Dhálaigh, agus is ann a d’éag sé ar 19 Deireadh Fómhair 2002
Bhí sé go mór chun tosaigh i bhfeachtas 1970-71 in aghaidh dhúnadh Scoil Dhún Chaoin agus sa mhórshiúl ó Dhún Chaoin go Roinn an Oideachais ar chuid é den troid sin
Níorbh fhada go raibh seilbh acu ar na Blascaodaí, ar pharóisti Dhún Chaoin agus Dhún Urlann agus ar thailte i Márthain agus Cill Maolchéadair: bhí caisleán acu i nDún Urlann a bhfuil beagán dá fhothrach ann go fóill
Chaith sé gach samhradh de 1926-31 i nDún Chaoin, d’fhreastalaíodh ar léachtaí an Aimhirgínigh san ollscoil, fuair ceachtanna Sanscraite ina theachsan, agus chuir eolas ar an Nua-Bhreatnais agus an Meán-Bhreatnais
‘Chaitheadh an tOllamh Breatnach agus a líon tí tréimhsí saoire i nDún Chaoin agus bhí spéis nach beag aige i muintir an Bhlascaoid agus is minic a thugadh sé cuairt orthu i rith na mblianta deireanacha a raibh daoine ina gcónaí ar an oileán sin’ (Micheál de Mórdha in Foinse 13 Bealtaine 2001)
I bhfómhar na bliana céanna fuair sé féin agus Seán Mac Réamoinn poist mar oifigigh sheachtracha craoltóireachta i Radio Éireann agus ceann dá gcéad turasanna ba ea cuairt ar theach Pheig Sayers [q.v.] i nDún Chaoin
D’éag sé 7 Márta 1937 san oileán agus tá sé curtha in aice an tséipéil i nDún Chaoin
Is uaidh gan amhras a d’fhoghlaim sé Gaeilge agus is leis a chuaigh sé siar agus é fós sna luathdhéaga go dtí Dún Chaoin
Deir Binchy: “Every summer, during our time together in Dunquin, we would read a series of Old and Middle Irish texts
D’éirigh le Risteárd cairdeas a shnaidhmeadh le hoileánaigh mar Mháire Ní Ghuithín [B8], cairdeas a d’fhorbair tar éis dóibh an t-oileán a fhágáil, agus le muintir Dhún Chaoin féin
As na deich gcluiche ceannais inar imir sé, níor cheadaigh sé dá chéilí comhraic ar fad eatarthu ach aon chúilín amháin as an imirt. In 1979 d’éirigh Páidí as na Gardaí agus fad agus a bhí sé ag fanacht le cead agus le ceadúnas teach ósta a thógáil ar ghiodán talún a bhí ceannaithe aige trasna ón áit ar tógadh é, ghlac sé Tábhairne Kruger i nDún Chaoin ar cíos
Ní caitheadh díol as aon ticéad dó!’ Ba in Éirinn a saolaíodh an triúr deireanach clainne a bhí acu, Danny, Daithí agus Marianne. Ar fhilleadh abhaile dó in 1969 agus aon bhliain déag caite ar imirce aige, fuair Maidhc Dainín amach go raibh neart oibre ar fáil ina cheantar dúchais ar an scannán Ryan’s Daughter, a bhí á dhéanamh i nDún Chaoin, ach shantaigh sé obair níos buaine ná sin agus fuair a leithéid in Uachtarlann an Daingin
Labhair máthair Mhuiris Gaeilge lena clann agus i nDún Chaoin dó, bliain i ndiaidh bliana, bhíodh Muiris ag cur barr feabhais ar a chuid Gaeilge