Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 28
(2000:93) In Imileá, Baile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, a rugadh Siobhán Ní Shúilleabháin ar 31 Lúnasa 1928 ··· Bhí tionchar ag Donncha Ó Céileachair (1918–1960) agus Máire Mhac an tSaoi uirthi nuair a bhí sí ag obair leo ar an fhoclóir, ach bhí sí faoi anáil scríbhneoirí Chorca Dhuibhne riamh anall, agus thug sí suntas do shaothar a dearthár, Mícheál Ó Súilleabháin, (1917–2004) a scríobh An fear aduaidh agus eile. Scríbhneoir bisiúil a bhí inti a chleacht mórán cineálacha scríbhneoireachta, orthu sin, an drámaíocht, an úrscéalaíocht, an ghearrscéalaíocht, an fhilíocht agus ficsean do dhaoine óga ··· Thug sí léargas ar an tuiscint a bhí aici ar an oidhreacht Dhuibhneach sin in alt dar teideal ‘Baintear leas as fómhar na fairrge thart ar Corca Dhuibhne’ (Comhar, Aibreán 1954): Daoine iad go bhfuil meas riamh acu ar léann ··· Ba chúis mhór imní aici fosta an bhagairt a bhí ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne ó leathadh an Bhéarla, go háirithe i measc daoine a bhí ag filleadh ar a n-áit dúchais ó thíortha iasachta ··· Ní deontais a bhí de dhíth ar mhuintir Chorca Dhuibhne, dar léi, ach ‘cóir agus slí mhaireachtaint aige baile dá gclann…níl uathu a bheith mar chóilíneacht Inniach Dearg ina dtír féin – teastaíonn uathu bheith chomh maith leis an bhfear thall.’ Luaitear roinnt sonraí beathaisnéise roimh an alt: An-shuim aici i gcúrsaí péintéireachta: d’fhreastail sí ar chúrsa sa Scoil Ealaíon
Thug sé a chéad chuairt ar Chorca Dhuibhne in 1967 ··· Agus b’fhéidir gurbh fhorleithne fós a thionchar; ag tagairt d’INNTI deir Dorgan: ‘The vanguard poets of our generation were first and foremost these poets in the Irish language, and in their own offhand ways they opened the vistas for us all, in English as well as in Irish.’ Tá scéal INNTI inste ag Davitt féin in Comhar, Nollaig 1984. Bhí tionchar mór ag Gaeltacht Chorca Dhuibhne ar fhorleathnú an duine agus an fhile ··· In ainneoin a ardmheas ar Sheán Ó Tuama, dúirt sé san alt sin in Comhar: ‘Ba mhó go mór fada a bhí gnáthmhuintir Chorca Dhuibhne ina bhfoinse léinn, oiliúna agus inspioráide againn ná na cúrsaí léinn a bhí idir lámha againn sa Choláiste ··· Bhí Corca Dhuibhne ina scoil scairte againn’
Tá léirmheas ag Pearse Hutchinson in RTE Guide 5 Feabhra 2002 ina gcuirtear síos air mar nóibhille nó úrscéal gairid faoi Phiaras Feiritéar. De shliocht Normannach na Feiritéaraigh (Le Fureteur) agus lonnaigh siad i gCorca Dhuibhne roimh dheireadh an 13ú haois ··· Phós sé Ellen Trant a raibh fearann dílis ag a muintir i gCorca Dhuibhne ··· Cheap sé Piaras, a bhí anois ina cheann fine, mar chaptaen ar cibé slua a bhaileodh sé le chéile i gCorca Dhuibhne le troid in aghaidh lucht an éirí amach
Thuairiscigh sé d’Ard-Fheis 1917 agus é ag cur síos ar a thimireacht i gCorca Dhuibhne go gceannaítí 25 dosaen den Lóchrann sa cheantar sin gach mí ··· Ag Oireachtas 1918 ghlac sé páirt sa chomórtas veidhleadóireachta agus bronnadh duais speisialta air. Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh nuair a bunaíodh iad agus bhí sé ina oifigeach ceannais ar Óglaigh Chorca Dhuibhne
Ba é an seachtú mac é a rugadh i mBaile an Bhiocáire, Dún Chaoin, Corca Dhuibhne, Co ··· Ina aitheasc luaigh Éamonn Ó hÓgáin, foclóirí, gur chabhraigh sé leis féin ar feadh na mblianta fada ina chuid iarrachtaí chun focail agus a mbríonna i gCorca Dhuibhne a bhailiú agus a dheimhniú; bhí cabhair tugtha aige breis is caoga bliain roimhe sin do Phádraig Ó Siochfhradha[B5] agus Triocha-chéad Chorca Dhuibhne ..
Ag labhairt ag a shochraid, dúirt an craoltóir, a chara agus a chomharsa bhéal dorais Mícheál Ó Sé, go raibh ceantar Chorca Dhuibhne chomh suaite agus dá mbeadh ‘scamh curtha ar Shliabh an Iolair, nó Ceann Slé féin tite le haill isteach sa bhfarraige.’ Go fiú agus gur thagair an BBC dá bhás ar an gclár BBC Sports Personality of the Year, a craoladh dhá lá tar éis dó dul ar shlí na fírinne. Ba i Sasana a chas a mháthair, Beatrice Lavin as Baile an Mhóta, Co ··· Shligigh, agus a athair Tommy Ó Sé, as Ceann Trá, Corca Dhuibhne, Co
Thugadh sé tamaill freisin ag obair le hOidhreacht Chorca Dhuibhne ag tabhairt léachtaí agus siúlóidí treoraithe do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge. Teach mór airneáin ab ea an ceann inar tógadh é agus thosaigh Mac Síthigh ag bailiú scéalta agus seanchais, é go mór faoi thionchar ag uncail dá chuid, Tomás, a raibh cónaí air i mBaile Átha Cliath ··· Allagar na gcloch (2006) an chéad leabhar eile a tháinig uaidh, dianmhachnamh ar bhalla cloiche ar Shliabh an Iolair i gCorca Dhuibhne a thug samhlaíocht an údair agus an ealaíontóra Dominique Lieb chun cinn, gach uile leathanach i nGaeilge agus i mBéarla
I bpáirtíocht le Niall Ó Dónaill [q.v.] d’ullmhaigh sé ina dhiaidh sin sraith d’fhoclóirí aonteangacha Gaeilge agus chuir sé cnuasach d’fhocail Chorca Dhuibhne ar fáil do chartlann na gcanúintí Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ··· Ba é a d’aistrigh leabhar do dhéagóirí óga le Vincent Segrelles faoin teideal Longa (1980) agus leabhar den chineál céanna le Ingemar Leijonborg faoin teideal Aililiú pililiú (1982), agus a chóirigh eagrán nua de leabhar Pheig Sayers Machnamh Seanmhná (1992.) Saothair eile leis is ea Na Blascaodaí (1994), Macadúna, 2000, ar saothar dírbheathaisneach i dtaobh a óige é, agus an leabhrán Dúlra Duibhneach, 2000 (‘Cnuasach é seo de na focail áitiúla i gCorca Dhuibhne le mo linnse ar gach ní a ritheann agus a léimeann’)
Tá Aodh ar na scríbhneoirí sa leabhar Portráidí na scríbhneoirí Gaeilge (2016) agus ar an suíomh chomh maith anseo. Ar dhul ar scor dó chuir Aodh agus Mairéad fúthu i mBaile Eaglaise, i bparóiste Bhaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne
Cé go dtaithíodh sé na Gaeltachtaí ar fad, thug sé gean ar leith do Chorca Dhuibhne, mar a rinne go leor Lochlannach eile roimhe
Beirt chlainne a bhí orthu: an tOllamh Luke O’Connor Drury, a ceapadh mar uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann in 2011, agus Paul a saolaíodh in 1957.Ba nuair a bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Wesley a chuir Paul Drury suim cheart sa Ghaeilge den chéad uair agus ba ar Chorca Dhuibhne a thug sé a aghaidh ar dtús
In Coláiste Moibhí, 2002, deir Risteárd Ó Glaisne: ‘Duine Máire Ní Ghuithín, Bean Labhráis Uí Chíobháin, a d’aithneodh an fhíor-uaisleacht seachas an uaisleacht thacair, agus is cosúil gur aithin Máire de Rút, gur mhór aici tíolacaí flaithiúlachta agus éirime an chailín óig ón mBlascaod Mór freisin.’ Thugadh scoláirí an choláiste cuairt ar Chorca Dhuibhne agus bhuaileadh siad le Máire
Bhí i gceist aige ar dtús talamh a cheannach i gCorca Dhuibhne ach b’fhearr go mór le Cáit bheith sa Cheathrú Rua. Ní raibh aon rath i ndán dó mar scríbhneoir lánaimseartha sa mhéid nár éirigh leis rud a bhí in aon ghar do bheith chomh fiúntach le Fiche bliain ag fás a scríobh. Ní raibh foilsitheoirí Gaeilge ná Béarla sásta Fiche bhliain fé bhláth a fhoilsiú
Ar feadh deich mbliana bhí sé ag soláthar don New Statesman (Gaillimh agus aistí eile). Tuairim 1957 bhunaigh sé féin agus an Chuntaois Patrizie Giri de Teramala, Iodáileach tarraingteach a raibh Gaeilge foghlamtha aici i gCorca Dhuibhne, An Comhlacht Taifeadta (ACT) chun cláir agus fógraí raidió a dhéanamh agus a dhíol
Bhochtaigh crith talún 1906 é ach is lena linn a thug sé slán beirt deirfiúracha ó Chorca Dhuibhne dar sloinne Hussey
Gheofar tuairim dá mhinicí a thugadh sé cuairt ar Chorca Dhuibhne sa rud a dúirt a mhac Finín le Risteárd Ó Glaisne: ‘Bhíos i gCorca Dhuibhne sarar rugadh mé, agus táim ag dul ann riamh ó shin, idir Samhradh, Cáisc, Nollaig agus eile ...' (Inniu 9 Márta 1973). Ní foláir nó bhí cuid sin na hathbheochana dá shaol ag baint dá sholáthar scríbhneora
Chaith sé tamall i gCorca Dhuibhne faoi scéim Choiste na bPáistí, thug cuairt ar an mBlascaod Mór, áit ar réitigh Peig Sayers cáca gridille agus tae dó. Tar éis na bunscoile, i bhfómhar na bliana 1936, thug Seán Óg Ó Ceallacháin aghaidh ar Choláiste Mhuire i gCearnóg Parnell
Is ansin a bhí a chroí, ach is léiriú ar thionchar an fhir seo ar a chuid mac léinn agus ar litríocht na hÉireann go raibh teanga ‘Shelley, Keats agus Shakespeare’, chomh sáite go smior ann agus a bhí teanga Chorca Dhuibhne
Ba mhinic a thugadh sé cuairt ar an Rinn agus ar cheantair máguaird ar dhóigh seanchainteoirí Gaeilge a bheith iontu; chuirfeadh sé ardspéis ar ball i nGaeilge Dhún na nGall agus bheadh bá ar leith aige le Gaeilge Chorca Dhuibhne
Má bhí meas amhránaí air ina pharóiste féin agus i measc na ndaoine a chaitheadh tamaill saoire i gceantar Bhaile an Fheirtéaraigh, níor chuir pobal na Gaeilge i gcoitinne aithne air gur bhuaigh sé Corn Chomhlacht an Oideachais ag Oireachtas 1970 agus go dtí gur chuir sé amhráin ar cheirnín do Ghael Linn 27 Eanáir 1977 [CEF 063]. Gheofar tuairim dá thábhacht sa nóta a scríobh Seán Ó Tuama ar chlúdach an cheirnín sin: ‘An té a rachadh ag triall ar cheol i gCorca Dhuibhne is é is dóichí ar fad gur ag triall ar Sheán de hÓra is túisce a rachadh sé
Ach ba mhinic i gCorca Dhuibhne freisin é
Deir Earnán de Blaghd go raibh sé i mBráithreacht na Poblachta seal, ach faoin am a raibh sé ag cabhrú leis an mBlaghdach agus Deasún Mac Gearailt chun na hÓglaigh a eagrú i gCorca Dhuibhne bhí an cumann sin i ndiaidh ceiliúradh dó
Mar cheannaire áitiúil i gCogadh na Talún bhí cáil air ar fud Chorca Dhuibhne
Chuaigh sé as sin go Corca Dhuibhne
“Indeed one of his gifts was to be able to link the past with the present and to show thereby the tenacity of Irish tradition”, dar le Brian Ó Cuív (Éigse, Geimhreadh 1959–60). Bhí dúil ar leith aige sa bhéaloideas agus i rith a chuairteanna minice ar Chúil Aodha agus ar Chorca Dhuibhne bhíodh sé ag bailiú na bpaidreacha dúchais
Is le clóscríobhán a d’éirigh leis cuimhní ar a óige i gCorca Dhuibhne a bhreacadh – Ag tagairt don scéal, 1973
Dar le Máire Mhac an tSaoi agus le Liam Ó Briain gurbh é uafás na hoidhe a rug ar cheannairí 1916, agus go háirithe ar a chara Seán Mac Diarmada — bhí sé in éineacht leis an dá oíche sular cuireadh chun báis é — a thug air sólás agus suaimhneas a lorg i measc mhuintir Chorca Dhuibhne
Bhain an chuid is mó de cholún Irish Times Sheáin Uí Ríordáin an mhaidin Sathairn sin leis: lena phictiúr a tógadh ag Féile Scríbhneoirí Chorca Dhuibhne tamall gairid roimhe sin agus lena dhealraithí a bhí sé ann le Don Quijote, agus le dán a bhí aige in uimhir na Márta de Agus, ‘Na Speabhraídí Saolta’, arb ionsaí é ar bhearbóirí Chorca Dhuibhne