Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 44
Sin é Séamus agus sin é mise,’ a dúirt sé. I mBéal an Daingin i gConamara a saolaíodh Diarmuid Mac an Adhastair ar an 9 Nollaig, 1943 ··· Phós sise Deáirbí Mac an Adhastair a tháinig ag obair go Conamara as Ros Cam ar imeall thoir chathair na Gaillimhe nuair a tosaíodh ar tharra a chur ar na bóithre ··· Ba iad scannáin na mbuachaillí bó, scannáin chogaidh agus scannáin ghrinn Laurel and Hardy agus Abbot agus Costello ab ansa leis. Tosaíodh ag reáchtáil damhsaí ansin Tigh Deáirbí agus cé is moite d’achar gairid a chaith sé i Sasana, ba ina bhfeighil siúd agus i bhfeighil an tí ósta a chaith Diarmuid Mac an Adhastair an chéad leath dá shaol oibre, agus é críochnaithe lena chuid scolaíochta i Scoil Náisiúnta an Tuairín, i nGairmscoileanna na Ceathrún Rua agus Bhóthar an Athar Uí Ghríofa i gcathair na Gaillimhe. Ba faoi smacht na sagart a bhí na hallaí pobail a bhí i gConamara ag an am agus cosc dá réir iontu ar ‘dhamhsaí Gallda’, ar jeighbheáil agus ar válsáil ··· Bhí sé ar fhoireann na bPiarsach a bhuaigh Craobh Shóisear Peile Iarthar na Gaillimhe agus ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Naomh Anna nuair a shocraigh muintir Leitir Móir agus Leitir Mealláin foireann dá gcuid féin a chur chun páirce in 1964. Níor mhaolaigh sin uilig a ghrá don aisteoireacht ag tráth den saol ina raibh cúrsaí drámaíochta thar a bheith láidir i gConamara agus cumainn i dTír an Fhia, Leitir Móir, Carna, Cois Fharraige, ar an gCeathrú Rua agus ar an Spidéal. Ba dlúthchara de chuid Dhiarmada an t-údar, an file agus an t-aisteoir Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha agus ba mhinic ar an stáitse le chéile iad – Pionta amháin uisce, Ortha na seirce, Mar a chéile muid agus An tincéara buí ar na drámaí ab fhearr le Diarmuid. Tar éis dó a ghnó a dhíol i dtús na 1990idí, thug Mac an Adhastair an chuid eile dá shaol ag plé leis an aisteoireacht go gairmiúil
Ba i dTamhnach in Eanach Mheáin i gConamara a rugadh a seanathair, Tomás Ó Tuathail, freisin agus ba chol ceathracha eisean agus Sean-Phádraic Ó Conaire. Beirt deirfiúracha, Fionnuala agus Sheila a bhí ag Máire mar aon le ceathrar deartháireacha, Caoimhín, Peadar, Dónal agus Conor ··· I measc na gclár eile a rinne Eo Teilifís bhí Concerto Caitlín Maude, clár faisnéise suaithinseach faoin bhfile as Conamara, a ghnóthaigh duais IFTA in 2005. Ar na cláir agus ar na sraitheanna eile a léirigh sí bhí Heaicní cois cuain agus Deception ··· Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Ghréasán na Meán, ionad traenála ar an Spidéal ina bhfuil oiliúint ar fáil i scileanna na cumarsáide scríofa, labhartha agus físe agus béim faoi leith ar ilmheáin. I Seanadh Gharráin ó thuaidh de shráidbhaile an Spidéil a chuir Máire fúithi nuair a d’aistrigh sí go Conamara
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. I Ros Dúgáin, gar do Chill Chiaráin i gConamara, a rugadh Seosamh Mac an Iomaire nó Joe John Pháidín sa bhliain 1934, duine de cheathrar clainne ··· Ó hIarnáin agus Dearbhal Standún. Sa bhliain 1947 a d’oscail an mhonarcha Arramara Teoranta le leas a bhaint as acmhainn nádúrtha na feamainne a bhí ag fás chomh flúirseach sin ar chladaí Chonamara
‘Níorbh fhada do bhí sé ann [i gConamara] nuair a thuig sé nár mhaith leis bheith iontu ··· Is cinnte go raibh deis aige anois chun a bheith ina scríbhneoir lánaimseartha. ‘Do phós sé cailín álainn as an gCeathrú Rua gurbh ainm di Cáit Ní Chatháin, cailín cliste stuama, ionnas go bhfuilid ag maireachtaint anois i measc na nGael i gConamara, an áit is ansa lena gcroí, Muiris ag brath ar an bpeann agus a mhnaoi ag friotháilt na lóistéirí ina bhfuil a cáil go hard mar chócaire
Bhailigh sé ábhar ar thrí oileán Árann agus i gConamara ··· Chuir sé réamhrá i nGaeilge le Deutsche Lieder aus 7 Jahrhunderten: German Songs of seven centuries (1943) agus deir: ‘Ba mhinic dom ag éisteacht le hamhráin Ghaeilge cois tine in Árainn is i gConamara agus i measc cuideachtan Ghaelach i nGaillimh is i mBaile Átha Cliath, agus is mé a bhaineadh taitneamh astu
Agus é ina Ardmháistir ar Choláiste Mhic Dara ar an Cheathrú Rua, Conamara, cheap sé córas smachta a bhí bunaithe ar a thaithí sa Chéad Chathlán ··· Nuair a chuala bean chéile Uí Lubhlaí, Caitlín, seo scar sí uaidh (Caitlín Ní Dhonnchadha ó cheart, as Cois Fharraige, Conamara, a bhásaigh in 2003)
(Leo) Henry in 1955 agus chónaigh sí i mBaile Átha Cliath go dtí 1960; i mBéal Feirste idir 1960 agus 1965; i gConamara ó 1965 go 1966; agus ar feadh corradh le 46 bliana i nGaillimh gur bhásaigh sí ar 21 Bealtaine 2013 ··· Scríobh sí ocht ndráma do chumainn amaitéaracha in Áras an Chomhlachais i gCamas, Conamara
Phós sé Neain Seoighe as Seanachoimheas, Conamara, i 1948 agus bhí mac agus triúr iníonacha acu ··· Ghlacadh sé páirt i Scoileanna Éigse ar fud Chonamara
na Gaillimhe, a rugadh é, agus gur mhairnéalach a thaistil an domhan ba ea a athair ach a bhí anois ag tráchtáil ar bhád mór idir Gaillimh agus Conamara ··· Tar éis do Cholm bheith ag gabháil don chrua-obair sa Chlochán ar feadh tamaill de 1911 b’éigean dó cúig sheachtain a chaitheamh in ospidéal i mBaile Átha Cliath. Ag Oireachtas 1913 i nGaillimh thug Seán Mac Diarmada mionn Bhráithreachas na Poblachta dó, chomh maith le húdarás chun an ghluaiseacht a bhunú i gConamara
I mBaile Átha Cliath bhí sé ina bhall den ghrúpa beag ar a raibh Sean O’Casey, an Blaghdach agus Anraí Mac Niocaill, grúpa a bhí ag iarraidh go mbeadh seirbhísí i nGaeilge ar fáil do Phrotastúnaigh. Bhí sé tamall i nGaillimh ag obair don Connacht Tribune agus bhí dúil ar leith aige i gConamara riamh ina dhiaidh sin ··· Thug Coláiste na Tríonóide agus Ollscoil na hÉireann dochtúireachtaí oinigh dó. Chaith sé a raibh fágtha dá shaol ag cur faoi i dTeach an Stáisiúin sa tSraith Salach i gConamara agus an iascaireacht agus an gharraíodóireacht mar chaithimh aimsire aige
Deir O’Donoghue: ‘In the 1930s Hartmann was at his happiest wandering the remote boreens of Connemara and Donegal ··· D’fhill sé ar Éirinn sna 1960idí agus chruinnigh ábhar i gConamara, i gCiarraí agus i gCo
Is ina theach saoire in Eanach Mheáin, Conamara, a d’éag sé ar 29 Meitheamh 1993. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Sa tuairisc seo ag Domhnall Mac Amhlaigh ar a shaol i measc navvies Chonamara, éiríonn leis an údar eachtraí agus comhráití ar láithreacha tógála i Sasana a chur ina mbeatha dúinn go slán ceardúil’; deir an t-údar céanna in Repossessions
Phós sé Mairéad de Lappe, banaltra, i 1930 agus rugadh ceathrar clainne dóibh, ar duine díobh Proinsias Mac Aonghusa, iriseoir, scríbhneoir, craoltóir, a bhí ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge agus ina bhall den Chomhairle Ealaíon. Deir Proinsias faoina mháthair (Feasta, Bealtaine 2000): ‘B’as Anach Mheáin i gConamara mo mháthair
I rith an ama seo bhí sé ina Rí-Chomhairleoir agus ina Thiarna Giúistís. Pearsa imeallach nó ábhar fonóta é maidir le saothrú na Gaeilge, é ina shampla ar chineálacha neamhdhóchúla a bhí i bhfabhar na hathbheochana. Dóbair gur bádh é uair ina óige nuair a bhí sé ar a laethanta saoire i gConamara
Mura raibh ardchlú air mar riarthóir is cinnte go raibh cion mór agus ardmheas air agus gurbh fhéidir teacht timpeall ar cibé fadhbanna a d’éiríodh. Dúirt sé féin in Inniu 30 Eanáir 1953 gur fhoghlaim sé an Ghaeilge i gConamara agus in Árainn
I 1907 bhí sé ina bhall den choiste a bunaíodh chun dul i ngleic le fadhb mhór na heitinne i gConamara
Fear as Conamara a bhí ag obair sna mianaigh a spreag a spéis inti
Cháiligh sé mar aturnae 1920 agus thosaigh ag cleachtadh na ceirde seo i mBaile Átha an Rí. Tá cuntas ag Criostóir Mac Aonghusa in Scéala Éireann 28 Feabhra 1970 ar an gcaoi ar roghnaíodh é mar bhreitheamh sna cúirteanna poblachtacha i gConamara ··· Pearse, a sketch of his life, c.1917 – bhí tamall caite aige ag múineadh i Scoil Éanna – agus Conamara (1954), leabhrán do Chomhar Chultúra Éireann
Bhí téacsleabhar, Leabhar ar áireamh 1, scríofa aige cheana féin. Phós sé Nóra Ní Chonaire as an gCladach Dubh, Conamara (bhí a deartháir ina uachtarán ar Choláiste Iarlatha, Tuaim, ag an am), 26 Meán Fómhair 1911
B’éigean dó dul ar a choimeád i nDúiche Sheoigheach agus in lar Umhaill 1920–21 agus bhí tamall i gcomh luadar an cholúin reatha i gConamara
Bhí scéim ag an Roinn Oideachais chun focail a bhailiú agus iarradh ar Mháirtín cúram a dhéanamh de Ghaeilge Chonamara
An bhliain chéanna bhí sí ar dhuine den triúr a scríobh tuarascáil i dtaobh úsáid na teanga sna heaglaisí in oileáin Chonamara (ibid 21 Meitheamh 1913)
In Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, 1992 déanann Risteárd Ó Glaisne an cur síos seo uirthi: ‘I 1941 ceapadh bean óg chiardhubh álainn aniar as Carna ar chósta Chonamara, Sorcha Ní Ghuairim, mar léachtóir ar an nGaeilge labhartha sa Choláiste; i 1947 bronnadh uirthi an chéim M.A
Deir Pádraig Standún in Anois 28/29 Bealtaine, 1994: ‘Tugtar creidiúnt i gConamara don Athair Uaitéar gurb é a d’eagraigh na droichid ó oileáin go hoileáin i mBéal an Daingin, Leitir Móir, as sin go Máimín agus arís thiar ó Gharmna go Leitir Mealláin
Thaithíodh sé muintir na Gaeltachta thall, go háirithe muintir Chonamara, agus bhíodh a theach féin ina ionad caidrimh acu
Bhí tuairisc in Fáinne an Lae 22 Aibreán 1899 gur aistrigh sé go Conamara agus dúradh in An Claidheamh Soluis 11 Samhain go raibh sé i láthair ag Feis Eanach Dhúin agus gur bhronn sé duaiseanna ar na daltaí scoile ba mhinice a labhraíodh Gaeilge taobh amuigh den scoil
In Comhar, Márta 1979 dúirt sé: ‘Nuair a bhíodh an ceacht ceoil agus an ceacht Gaeilge agus gach uile shórt críochnaithe, shuíodh Colm isteach ag an bpianó a bhí sa bhaile agus bhíodh na seanamhráin ar bun aige agus sin mar a músclaíodh mo spéis sna seanamhráin’. Deir Breathnach gur mhol Ó Lochlainn do Shéamus Ó Duilearga[q.v.] go bhfostódh an Coimisiún Béaloideasa Séamus chun leanúint d’obair bhailiú an cheoil a raibh tús curtha léi ag Liam de Noraidh[B3] ach gurbh i gConamara agus in Árainn a dhéanfadh sé é
Miss Scarlett had been an Exhibitioner and Gold Medallist in the Intermediate Examinations and later had a brilliant career at the Royal University where she took her BA degree [in 1889] with 3rd place and Second Class Honours in Experimental Science and some years later the degree of M.A.’. ‘Mary Scarlett speaks Irish fluently’, a scríobh Ella Young [B4] fúithi in The Flowering Dusk agus í ag cur síos ar thuras a thug sí féin, Maud Joynt agus Máire ar Chonamara
Tar éis tamaill bhí sé ina eagarthóir air agus lean air sa phost gur cuireadh deireadh leis an iris i 1970; cuireann Ó Gadhra béim ar an tionchar a bhí ag an iris sin ar Chonamara
Múinteoir náisiúnta ba ea a athair agus tamall caite aige in ord de La Salle; bhain tábhacht leis i gConamara agus bhí a ainm in airde in Éirinn mar scríbhneoir Gaeilge
Keane) in 1991; bhí sé ina bhall de Shaor-Aisteoirí Chonamara ag an am agus thaistil siad ar fud Chonamara, go Lios Tuathail agus go Londain féin
Chun go bhfoghlaimeodh sé Gaeilge cuireadh Peter ar scoil i gConamara
Bhí sí ar na daoine a chuir fáilte roimh mhuintir Chonamara nuair a tháinig siad aniar go Co
I gcuntas san an Irish Times deirtear: In the summer of 1968 he first taught his dianchúrsa Gaeilge to a group of six US women graduates, and a school inspector who heard them conversing on tape positively indentified Maya Tsuzi, a 19-year old Japanese-American from San Francisco, as a native speaker from Conamara. Aon mhúinteoir Gaeilge a bhí ag lorg fostaíochta san Fhoras b’éigean dó freastal ar chúrsa ceithre lá a bhí á stiúradh ag Diarmuid féin
Gairid ina dhiaidh sin a thug sé a chéad chuairt ar Chonamara
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In Aill an Phréacháin, na Forbacha, i gConamara, a saolaíodh Diarmaid Ó Gráinne ar 10 Bealtaine 1950 agus cé go mba i mBaile Átha Cliath agus ina dhiaidh sin i gContae Ros Comáin a chaith sé bunáite a shaoil mar dhuine fásta, d’fhág a thógáil agus an ceantar as ar fáisceadh é rian láidir ar a chuid scríbhneoireachta, a bhí breactha leis an gcaint shaibhir, nádúrtha a bhí cloiste aige óna mhuintir agus óna chuid comharsan. Ba é Diarmaid an dara duine ab óige de sheachtar clainne, ceathrar mac (Pádraig, Stiofán, Diarmaid, Máirtín) agus triúr iníonacha (Máire, Nuala, Sorcha), a bhí ag a thuismitheoirí – Diarmaid (Dairbe) Ó Gráinne, feirmeoir beag as Aill an Phréacháin agus ag a bhean, Siobhán (Júidín Steif) Breathnach as an mBaile Ard ar an Spidéal. D’fhreastail Diarmaid ar Scoil Náisiúnta na bhForbacha
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Donncha Mór Cló Iar-Chonnacht Eisithe ar Blaiseadh (1995). Ag tráth den saol ina ndeachaigh os cionn milliún duine ar imirce, bhain an seanchaí agus an scéalaí as Cois Fharraige, Tom Bheartla Tom Ó Flaithbheartaigh, leis an nglúin dheireanach a mhair, a shaothraigh agus a thóg a gclann agus iad ag brath go hiomlán ar an ngabháltas beag talún a bhí acu féin agus ag a muintir rompu – ina chás siúd ar an Tulach Rua i mbaile an Locháin Bhig, i gCois Fharraige, Conamara. B’ansiúd a rugadh Tom Bheartla Tom ar 15 Lúnasa 1926, an cúigiú duine de naonúr clainne a bhí ar Bheartla Ó Flaithbheartaigh, feirmeoir beag as an mbaile sin, agus ar a bhean Máire Ní Chonghaile arbh as an Trá Bháin di
Cúis bhróid dó ab ea é gur cuireadh an dlí go minic air agus d’fhéach sé ar na cásanna cúirte a tógadh ina aghaidh mar fhianaise go raibh a dhualgaisí mar iriseoir á gcomhlíonadh aige.Go gairid tar éis dó a chéim iriseoireachta a bhaint amach i gColáiste na Tráchtála i Ráth Maonais i dtús na 1980idí, chaith Drury tamall gairid ag obair le gníomhaireacht nuachta sa Bhruiséil sular ceapadh é ina eagarthóir ar an nuachtán Gaeilge, Amárach, a bhí á fhoilsiú i gConamara
Ba iad Micheál Breathnach agus Agnes Cotter, arb as Bántrá, an Tulaigh, Conamara di, a thuismitheoirí agus bhí deirfiúr agus seisear deartháireacha aige
Gaeilge scoile a bhí ag Margaret freisin, a d’fhreastail ar Chnoc Síon, ach arís, le deis cleachtaidh le pobal na scoile, chuir sí barr feabhais uirthi agus ba mhinic í á labhairt. Théadh an chlann ar saoire go Conamara go minic, ach sna 1960idí théidís go Baile an Fheirtéaraigh
Tar éis dó bunchéim agus Ardteastas san Oideachas a bhaint amach, chaith sé tamall san ollscoil in Aberystwyth i mbun máistreachta, as ar fhill sé ina chainteoir líofa Breatnaise. Ba san ollscoil i nGaillimh a chas Peig Ní Chéidigh as an Leic i Leitir Móir, Conamara, dó
I gConamara a rugadh iad ar fad, ach in 1956 d'aistrigh an teaghlach go Doire Longáin in aice le Baile Átha Buí i gCo
Níorbh fhurasta macasamhail na hócáide sin a aimsiú i stair na foilsitheoireachta! Cé go raibh amhráin Choilm agus scéalta faoi i mbéal an phobail ar fud Chonamara is cosúil nárbh eol an file bheith fós ina bheatha gur nochtadh in Celtica i nDeireadh Fómhair 1902 go raibh sé i dTeach na mBocht in Uachtar Ard