Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Bhí sise, a fear céile, Justin McCarthy, agus an t-ochtar clainne a bhí orthu ina gconaí i gCnocán Anna, buailte ar Shiúlán na mBráthar i gceartlár na cathrach, a col ceathracha cuid mhaith níos sine ná Máire. Bhí muintir Mhic Cárthaigh ar fad sáite sa ghluaiseacht Phoblachtach, na cailíní, fiú, i gCumann na mBan agus ní foláir nó gur ghlac sé tamall ar an ógbhean a raibh tuin Shasana ar a canúint cur fúithi ina measc ··· Ach ba ghearr go raibh tréith an Phoblachtachais go láidir i Máire í féin agus í níos líofa i dteanga na nGael agus níos dúlaí sa traidisiún a théann léi ná iad siúd a bhí i gCnocán Anna roimpi. D’fhreastail sí ar Scoil Náisiúnta Shráid na Mainistreach agus ina dhiaidh sin ar Mheánscoil na Toirbhirte ó Dheas ar Shráid Dhúglais. Agus an Ardteistiméireacht déanta aici fuair Máire post sa státseirbhís ag obair leis an Roinn Iompair agus Tráchtála ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath