Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 39
D’aistrigh an chlann go Cluain Meala nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois ··· Chuir siad tús lena ngnó féin, James Drohan & Sons, i 1900 ag 86-87 An Baile Gaelach, Cluain Meala ··· Ach níor thosaigh an Conradh i gceart i gCluain Meala go 1903 nó 1904 ··· Ba é a thug Proinsias isteach i mBráithreachas na Poblachta agus a chuir de chúram air ciorcal a eagrú i gCluain Meala ··· Bhaineadh sé úsáid go háirithe as craobhacha an Chonartha san obair sin. Fuair sé ordú ón mBráithreachas i 1913 na hÓglaigh a bhunú i gCluain Meala
Aistríodh an t-athair go Cluain Meala in 1898 agus d'éirigh sé as a phost in 1903 ··· Bhí Séamus ag Scoil na mBráithre Críostaí i gCluain Meala agus cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Oiliúna De La Salle, An Baile Nua, Co ··· Bhí sé ina cheannaire ar ghasra Chluain Meala d'Fhianna Éireann
Ar 10 Deireadh Fómhair 1919 a rugadh é i Lios Ruanach i gceantar Chluain Meala, Co ··· Bhí fear dá mhuintir, an Captaen Seán Ó Néill, ina bhall de reisimint Eoghain Rua Uí Néill sa Spáinn agus bhí seisean páirteach sa chosaint a rinne Aodh Dubh Ó Néill (c.1605–c.1660), fear ceannais Chluain Meala, in aghaidh Chromail i 1650
I Réidh na dTiompán, i bparóiste Shliabh gCua, leath bealaigh idir Dún Garbhán agus Cluain Meala, a rugadh é 17 Márta 1914 ··· Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge i gCluain Meala, le Feis Cheapach Chuinn, leis an bhféile drámaíochta san áit sin agus le Craobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge
D’fhill sé ar Éirinn agus chaith tamall ag múineadh Gréigise agus Laidine i gCluain Meala (1643–9) ··· Tuairimíonn Andrew Breeze (Éigse XXVIII, 1994–5 agus XXIX, 1996): ‘He may well have gone there because of anxiety caused by his cousin’s failings in poverty and religious obedience.’ I 1675 chuir cúirt i gCluain Meala ar ionnarbadh é, ach tharla é a bheith i ndrochshláinte, tugadh cead dó fanacht sa tír
Bailíodh cuid dár scríobh sé ar a chontae dúchais in The Cistercian abbeys of Tipperary, 1999 in eagar ag Finbarr Donovan. Ag 53 Sráid Gladstone, Cluain Meala, mar a raibh siopa nuachtán ag a mhuintir, a rugadh é ar 26 Meán Fómhair 1909 ··· Bhí sé i láthair i gCluain Meala ar 22 Aibreán 1989 nuair a bronnadh saoirse an bhaile air
Ag 112, an Baile Gaelach, Cluain Meala, Co ··· Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí san Ardscoil i gCluain Meala agus tar éis na hArdteistiméireachta fuair sé post cléireachais sa bhaile sin
Clóbhuaileadh Leavar Beag No Rosaries, mar aon leis na Liodáin agus le Toirvirt Suas an Anma Aig Dul Deag, etc., etc..Sgriovha le Padruig Din a Gceapachuinn, 1818 (i gCluain Meala a cuireadh i gcló é—féach nóta le Séamus Ó Casaide[B2] in Irish Book Lover, Deireadh Fómhair-Samhain 1920) ··· Faoin teideal Machtnuig go maith air, 1819 (Cluain Meala) chuir sé leagan de Think well on it leis an Dr Challoner ar fáil
Ainmneacha eile sa chrann sin is ea Liféar Grás, Seán Mac Uaitéir Breathnach agus Aodh Buí Ó Néill a throid faoi Aodh Dubh Ó Néill chun Cluain Meala a chosaint ar Chromail i 1650 ··· I gCluain Meala freisin, i 1796, d’fhoilsigh sé Oific na hÓighe Naomhtha Muire, leabhar crábhaidh nach bhfuil cóip di ar marthain inniu. In 1819 a chuir Sheffield Grace aithne air agus a d’iarr air cibé dánta molta i dtaobh na nGrásach a bhí fós i mbéal na ndaoine i ndeisceart Chill Chainnigh a bhailiú dó
Dar le Georges-Denis Zimmerman (Songs of Irish rebellion, 1967) gur fhoilsigh Henry Hudson leagan den amhrán in Dublin Monthly Magazine, Samhain 1842: ‘According to Hudson this satire on the police force introduced to Ireland by Sir Robert Peel “spread like wildfire throughout the length and breath of the land and there was scarcely a village in the whole country where the itinerant ballad singer did not reap a rich harvest by shouting forth the popular song”.’ Deirtear gur le fonn díoltais a scríobh sé é tar éis do phílir é a chur i bpríosún Chluain Meala i ngeall ar a bheith i láthair ag crúinniú in aghaidh na ndeachúna a raibh toirmeasc air
Thugadh sé turais go minic ar Chluain Meala agus ar Bhaile Átha Cliath
Ag obair sa pharóiste sin ag an am bhí an tAthair Piaras de Paor; seacht mbliana tar éis bhás an fhile mhol seisean, agus é anois ag obair i gCluain Meala, go gcuirfí dánta diaga Thaidhg i gcló
as an gcomhcheangal síthe agus cabhrach agus comhail do rinneadar Éireannaigh eatarthu féin faoi mhóidibh Bíobla Dé um cogadh do dhéanamh ag cosnamh an chreidimh fhírinnigh in Éirinn’ (an litriú leasaithe ag na húdair). Timpeall 1647 chuir Comhairle Chluain Meala i leith an Haicéadaigh agus beirt Doiminiceach eile go raibh siad ‘ag iarraidh dochar a dhéanamh, ag cothú achrainn i measc na saighdiúirí le cruinnithe poiblí agus le conbharsáid phríomháideach, agus go mórmhór leis an drochshampla a thugann a ndrochbheatha neamhchráifeach do gach aon duine’ (Ní Cheallacháin)
Palliser R.N., Cnoc Lochta, Cluain Meala. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Deir Ó Foghludha: ‘Ar a shon san, ba bhréagach an diúltú a thug sé féin agus na céadta eile don eaglais agus ba neamhchroíúil an t-aontú a thugadar do chreideamh na nGall.’ Nuair a chas Tomás de Barra i gCluain Meala an beart sin leis d’fhreagair Piaras é: ‘Is doilbh liom ceangal le Calvin is Luther claon, / Ach golfhairt mo leanbh ’s a gcreachadh gan triúch, gan tréad / Thug sruthanna óm’ dhearcaibh ’na gcaisibh, is túirlingt déar’
Luimnigh, in 1809; tar éis ceithre bliana gur bhog sé go Cathair Ailí sa cheantar céanna; as sin go ndeachaigh sé go dtí an Cluainín in aice le Sliabh na mBan agus go ceantar Chluain Meala
Chaith sé na blianta 1903–5 ag múineadh sa Cheardscoil i gCluain Meala agus ó 1905 go 1912 i Scoil na Talmhaíochta i gCloich na Coillte
Tá fianaise air sin in The Nationalist (Cluain Meala) 27 Iúil 1892
B’as Cluain Meala dá hathair Tomás Ó Muiríosa
Is inspéise go raibh cáil na hamhránaíochta air, ag cuimhneamh dúinn ar a ghariníon Fionnuala Bean Mhic Lochlainn (Liam Ó Duibhir, Cluain Meala)
Scríobhadh sin i Scéala Éireann i ndiaidh a bháis. Rugadh Micheál Alphonsus Ó Briain ar 30 Iúil 1896 i gCluain Meala
Phós sé Adelaide Mary Boland ó Chluain Meala agus bhí cúigear clainne acu
Fuair sé post múinteora náisiúnta nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois agus d’éirigh leis ar ball bheith ar fhoireann Mhodh-Scoil Chluain Meala. Faoi 1856 bhíothas ag athchóiriú an chórais náisiúnta oideachais agus bhí sé ar an 15 múinteoir náisiúnta a ceapadh don ghnó
Ba dhóigh lena mhuintir gurbh as Cluain Meala dá athair
Deirtí go bhféadfadh sé púcán a sheoladh go Meiriceá agus ar ais! Bhí baint aige freisin le Cumann Turasóireachta na hÉireann agus le Cumann Chapaillíní Chonamara. Phós sé Máirín Ní Néill ó Chluain Meala, deirfiúr leis an gCornal Eoghan Ó Néill, i 1941
D’fhan sé in Éirinn, agus nuair a rith sé gann fé airgead, fuair sé post i monarchain i gCluain Meala go ceann cúpla bliain
i bPollachliste?’ Phós Liam Moira Noonan ó Chluain Meala i 1926 agus bhí cúigear clainne acu
Tar éis bunscolaíochta d’fhreastail sé ar mheánscoil i gCluain Meala agus ansin chaith tamall in 1892 ag foghlaim garraíodóireachta i gColáiste Talmhaíochta Albert i nGlas Naíon
Bhí ‘strainséir’ sa teach, ‘dathadóir’ gan Gaeilge as Cluain Meala arbh ainm dó Séamus Ó Ceallaigh
Ach arís thug ardú céime an t-athair go Cluain Meala agus is ar scoil ag na Bráithre Críostaí a bhí Seán ansiúd; bhí sé riamh ina dhiaidh sin ceanúil ar an dúiche sin
‘Bhí mire meanman ealaíonach ag góilt leis, spreagadh agus spíonnadh, agus tar éis duit seanchas a dhéanamh leis ar chúis na Gaelainne, bheadh dhá chroí agat.’ I gCluain Meala a bhí cónaí air an chuid is mó dá shaol
/ I gCluain Meala bhí díbirt ar New Lights is ar Orangemen, / Is i mBaile Loch’ Riach is ea a léadh a mbeatha dóibh.’ Agus tá sé arís aige in ‘Bearnán Risteard’: ‘Tá súil agam le Críosta go bhfillfidh Bearnaí arís chugainn / Mar scríobh Pastoiríní, ní fada uainn an lá, / Go mbeidh Galla suaite suaite sínte gan duine lena gcaoineadh, / Ach tinte cnámh thíos againn ag lasadh suas go hard.’ Gan amhras is ag Máire Bhuí Ní Laoghaire[B6], in ‘Cath Chéim an Fhia’ (1822), atá an tagairt is aitheanta: ‘Is an bhliain seo anois atá againn beidh rás ar gach smíste, /..
In the seventeenth century his reputation for vast and varied erudition was European.’ I gCluain Meala a rugadh é
Ag 31 Sráid na Banríona, Cluain Meala, mar a raibh a athair John ina fhear poist, a rugadh é (John Gerald) 1 Samhain 1916
Bhí Séamus ag múineadh scoile i gCluain Meala ag an am
D’fhreastalaíodh sé ar rang oíche sa cheardscoil i gCluain Meala agus é sna fichidí
Ligeadh ar ais sa státseirbhís é i 1928 agus chaith tamall sa Chustam is Mál sa phríomhchathair agus i gCluain Meala sular aistríodh go dtí an Roinn Oideachais é
ach d’fhill a mhuintir ar cheantar Chluain Meala nuair a bhí sé cúpla bliain d’aois agus b’as Co
ó Chluain Meala, scoláire, a bhí ag teagasc staire agus tíreolaíochta dóibh. In 1943 thug scoláireacht Chomhairle Contae go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, é agus roghnaigh sé Gaeilge, Laidin agus Gréigis mar ábhair staidéir