Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Ach ní mór cuimhneamh ar a ndúirt Carsuel féin: ‘Agus ar an ábhar sin, dá bhfaigheadh saoi ré healaín locht scríofa nó deachtaidh sa leabhar beag seo, gabhadh sé mo leithscéalsa, óir ní dhearna mé saothar ná foghlaim sa nGaeilge ach amháin mar gach nduine don phobal choiteann.’ Ba mhian le Carsuel go mbainfí leas as a leabhar in Éirinn freisin agus sa litir chun an léitheora luann sé Éire go minic agus tá an cheathrú seo aige: ‘Dá éis sin taistil gach tond / Go crích Éireand na bhfond bhfial; / Gé beag ar na bráithribh thú, / Gluais ar amharc a súl siar’. B’as paróiste Chill Mhártain in Earra Gael in Albain dó agus bhí a mhuintir ina gconstáblaí ar Chaisleán Charn Ásaraidh dhá mhíle lastuaidh de shráidbhaile Chill Mhártain ··· Faoi 1551 bhí sé ina chisteoir ag Ardeaglais Leasa Móire agus ó 1553 go 1562 bhí ina reachtaire ar Chill Mhártain