Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Bhí sé orthu sin ba mhó ba bhunúdar le ról tábhachtach na státseirbhíseach sin in obair na hathbheochana: ba é a tharraing a chomhghleacaithe Seán Ó Catháin [B1] agus Seán Ó Ciarghusa [B2] isteach i gConradh na Gaeilge (Seán Ó Ciarghusa faoin ainm ‘Leac Logha’ in The Leader 13 Feabhra 1937 agus faoin ainm ‘Marbhán’ in Feasta, Meán Fómhair, 1950) I nDrom Cara, Cill Barra, paróiste Uíbh Laoghaire, a rugadh é ar 13 Aibreán 1869 ··· Is cuid de sheanchas na clainne é gurbh é Dónall a cheannaigh an fheirm i gCnoc an Mhullaigh tar éis gur cuireadh as seilbh iad i gCill Barra. Ba é an duine ab óige sa chlann Micheál, a rugadh ar 27 Iúil 1873, de réir thaifid pharóiste Uíbh Laoghaire