Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Blianta ina dhiaidh sin bhí an Gachánach agus de Bhaldraithe mar chomhghleacaithe arís ag déanamh na hoibre sin i gContae Ros Comáin. D’fhill Mártan Ó Gacháin ar thuaisceart Ros Comáin in 1908 agus thug sé faoi mhúineadh na Gaeilge sa cheantar sin agus freisin i gColáiste Naithí, an áit a bhfuair sé a chuid meánscolaíochta agus áit ar theagasc sé go rialta go ceann dhá bhliain is fiche eile. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis go raibh sé ag saothrú go dian dícheallach i mBealach an Doirín, i gCeathrú an Chaisil agus i nGoirtín