Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Ba gheall le sruth dá chuid filíochta aon chur síos a dhéanadh sé ar chósta a cheantair dúchais mar is léir ó cheann den iliomad píosaí cainte a rinne sé le Helen Ní Shé ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: ‘Is ceantar faoi leith é seo ina bhfuil oileáin, carraigreacha, stocáin, bulláin, fochaisí, clocha tráite, scairbheacha, rífeanna, faillteacha, cuasanna, cladacha, comaracha, tráite, roinnte, speireacha talún, bainc éisc, poill sliogéisc, góilíní, taoidí agus bealaí farraige.’ Ba as an mbaile inar saolaíodh é dá athair, Jeaic a’ tSíthigh, agus ba as Baile an Lochaigh i bParóiste Mórdhach a mháthair, Máire Ní Scannláin