Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 4
I mBaile an Ghóilín, trí mhíle siar ón Daingean i gContae Chiarraí agus cois na farraige a rugadh Pádraig ar 10 Márta 1883 ··· Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1901 in Burnham East nó Baile an Ghóilín: Patrick Sugrue (47), maor seilge; Ellen (40), a bhean; Patrick (18), maor seilge ··· B’fhéidir a rá gur cheantar breac-Ghaeltachta ba ea Baile an Ghóilín agus gur ‘breac-chainteoir’ é Pádraig. D’fhreastail sé ar bhunscoil na mBráithre sa Daingean go raibh sé 16 bliana d’aois ··· I mBaile an Ghóilín i bhFeabhra 1927 a osclaíodh an dara ceann dóibh, Coláiste Íde, sa teach mór ‘Burnham’ ina mbíodh cónaí ar an Tiarna Fionntrá
B’fhile agus scoláire é, a bhí ina eagarthóir ar feadh breis agus daichead bliain ar Léachtaí Cholm Chille agus Irisleabhar Mhá Nuad mar aon le hirisí agus leabhair eile, ach thar aon ní eile is é An Bíobla Naofa (1981), a raibh Pádraig mar eagarthóir air agus mar aistritheoir ar chuid mhór de, a bhuanaíonn a chuimhne. Sa Phaideac, Baile Móir, buailte ar Bhaile an Ghóilín, taobh thiar den Daingean, a rugadh Pádraig Ó Fiannachta, ar an 15 Feabhra 1927, an ceathrú duine d’ochtar clainne a bhí ar Sheán Ó Fiannachta agus Nóra ‘Nean’ Ní Uallacháin ó Leataoibh Meánach, i bparóiste an Fheirtéaraigh ··· Sagart óg sna fichidí ab ea Pádraig ag an am agus ba é a léigh an tAifreann don dá shochraid. Sa scoil shealadach i dteach cóiste Thiarna Fionntrá, i mBaile an Ghóilín, a chuaigh Pádraig ar scoil i dtosach
Bhí aithne aige ar Phádraig Ó Siochfhradha (An Seabhac) [q.v.] céad eagarthóir Allagar na hinise agus An tOileánach, ó bhí sé an-óg i mBaile an Ghóilín agus chuir seisean a chuid ábhair i gcló in An Lóchrann
Phós an t-athair bean de mhuintir Chárthaigh agus ba cheann de choiníollacha an chleamhnais go n-aistreodh an teaghlach go dtí Baile an Ghóilín in aice leis an Daingean: ‘B’in é an briseadh ba mhó d’imigh riamh ormsa mar bhíos cúig bliana déag ag an am, díreach agus mé chun coinbhleachta’ (idem)