Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 7
Fuair an t-athair post mar chléireach oibreacha nuair a bhí Eaglais Naomh Peadar á tógáil i mBaile Phib ··· Faoi 1911 bhí cónaí ar an gclann i Sráid na Mumhan, Baile Phib, agus is mar seo a bhí an scéal sa Daonáireamh: Laurence (75), siúinéir dífhostaithe; Margaret (73); Mary (40) agus gan aon slí bheatha aici; Laurence (38), cúntóir táilliúra; Brigid (26), múinteoir náisiúnta
Bhí cáil air mar sheanmóirí. Ó 1875 go 1884 is sa mhainistir i mBaile Phib a bhí sé, thall i Lanark in 1884–5, agus is in 1885 a chuaigh sé go dtí mainistir Thobar Rí an Domhnaigh i gCorcaigh ··· Is mar gheall ar an ngéardhíospóireacht sin a aistríodh Breathnach go Baile Phib i 1906. Bhí sé ina bhall de Chraobh an Phléimionnaigh i gCorcaigh. Bhí suim aige sa cheol óna óige
Ag 42 Sráid Goldsmith, Cé na nÓstaí, Baile Phib, a bhí cónaí air
D’oscail sé siopa dá chuid féin i mBaile Phib i 1909 agus taispeánann Daonáireamh 1911 go raibh cónaí air ag 37 Ardán Thuamhan sa Chuarbhóthar Thuaidh, go raibh Gaeilge aige agus gur rugadh triúr leanaí don lánúin agus gur mhair siad
A mac, John FitzHenry, 34 Arranmore Terrace, Baile Phib, Baile Átha Cliath, a thug eolas an bháis don chláraitheoir
Ba é John Keenan, Baile Phib, agus a bhean Mary Sherlock a thuismitheoirí
Chuir sí fúithi i gceantar Bhaile Phib agus ghlac ballraíocht i gCraobh Moibhí de Chonradh na Gaeilge. Ba an tráth sin agus gan í ach 23 bliain d’aois a chéadléirigh sí a cumas liteartha nuair a d’fhoilsigh an Talbot PressThe green eagle, úrscéal Béarla a scríobh sí agus a bhain le ré Chromail. Thug a cumas mar cheoltóir isteach sa City of Dublin Girls’ Pipe Band í agus a grá don stáitse in Aisteoirí Moibhí. Ba ag cleachtadh do dhráma, Laom-luisne fómhair, a scríobh Micheál Ó Siochfhradha, a chas Máire ar Sheán Stafford, ábhar oide óg as Baile Mhic Andáin i gCo