Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 18
Féachfar go háirithe ar an gcaoi ar mhúnlaigh a thaithí saoil a fhorbairt mar scríbhneoir agus scrúdófar an gaol idir cúinsí a bheatha agus ábhar, cineál agus stíl an tsaothair féin. I mBéal Átha na Sluaighe ar 3 Aibreán 1919 a rugadh é (Eugene Rutherford Watters) ··· Bhí deartháir agus beirt deirfiúracha ag Eoghan agus bhí an teaghlach ina gcónaí ar dtús i seanteach ar Chnoc Dhún Leodha i mbaile Bhéal Átha na Sluaighe agus ansin i dteach cabhnsail i mBreacarnach sa bhaile céanna ··· Cuireadh í i gCríoch i mBéal Átha na Sluaighe ··· Is ar ais i mBéal Átha na Sluaighe a bhí sé an chuid ba mhó de 1971-72 ··· Tá sé curtha i mBéal Átha na Sluaighe
In Sinn Féin 1 Meitheamh 1907 bhí an píosa seo: ‘Tomás Ó Míodhcháin is at present working in Béal Átha na Sluaighe district, Co ··· He visited the following schools last week: Béal Átha na Sluaighe, Dún an Ochta (Eyrecourt), Baile Labhráis, Áth Eascrach, Ceap an tSeagail, Baile Átha an Rí, Cluain Fearta, Fuarchoille agus scoil na hEaglaise ··· In all of these, with the exception of the Áth Eascrach and Eaglais schools and the boys’ school in Béal Átha na Sluaighe, he found no Irish being taught ··· The timthire is endeavouring to remedy this state of affairs and has started a class for school teachers in Béal Átha na Sluaighe
Tar éis bunoideachais i gCill Íomair cuireadh é go Gearrbhaile, Béal Átha na Sluaighe ··· Bhí spéis ar leith aige in William James MacNeven (1763-1841) [B6], an tÉireannach Aontaithe ar tugadh ‘The Father of American Chemistry’ air, agus d’fhéach sé chuige go n-ainmneofaí bóthar ina dhiaidh i mBéal Átha na Sluaighe, agus scríobh an cuntas is cuimsithí dá bhfuil ar fáil air in Éireannaigh san Eolaíocht; tá sa leabhar sin freisin cuntas ar mhuintir Mhic Cnáimhín in oirthear na Gaillimhe ó timpeall 1150
Tugadh beathúnas cille na Críche dó, is é sin Béal Átha na Sluaighe agus a thimpeallacht, agus an bhliain dár gcionn fuair sé beathúnas Bhaile Uí Rodáin i gContae na Mí ··· Bhunaigh sé coláiste agus thóg foirgneamh costasúil i mBéal Átha na Sluaighe chun go bhfoghlaimeodh ábhair sagairt an teanga; chuig an foirgneamh sin a aistríodh coláiste deoiseach Caitliceach Chluain Fearta i 1901
Kelly, fear a bhí ina chónaí gar do Bhéal Átha na Sluaighe agus a raibh baint aige le hiompúchán creidimh agus spéis sa Ghaeilge aige. In ‘Lámhscríbhinn eile ó Chontae an Chláir’ (Ómós do Eoghan Ó Comhraí), 1995 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta) sa tuairisc a dhéanann Ó Fiannachta ar lámhscríbhinn a fuair sé i nDún Beag gheofar léargas ar eolas Uí Annracháin ar fhilíocht na Gaeilge agus ar a chumas mar aistritheoir; tagraíonn sé do ‘peannaireacht shlachtmhar ornáideach’ Uí Annracháin. Bhí chomhfhreagras aige le Maurice Lenihan, staraí Luimnigh, in 1876
D’éag sé 9 Aibreán 1991 in Ospidéal Portiuncula i mBéal Átha na Sluaighe
I bhforlíonadh le liosta Leslie i leabharlann an Representative Church Body deirtear gur chuir sé tús le scoil mhisinéireachta i mBéal Átha na Sluaighe in 1846
Bhí sé i scoil scairte ar dtús in Urrach Réidh agus i scoileanna i mBéal Átha na Sluaighe
An Fómhar sin fuair sé post i gColáiste Sheosaimh i mBéal Átha na Sluaighe
Tar éis bunscolaíochta chaith sé trí bliana i gColáiste Naomh Seosamh i mBéal Átha na Sluaighe roimh dhul go Maigh Nuad i 1910
Idir 1912 agus 1920 chaith sé tréimhsí gairide ag múineadh sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh, i gColáiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí, i gColáiste Sheosaimh i mBéal Átha na Sluaighe, i gColáiste na Toirbhearta i gCorcaigh, agus i gcoláiste in Greenock i nGlaschú
The timire is visiting Uíbh Maine and Gort districts after which he will visit Ballinasloe, Loughrea and other portions of East Galway’
na Gaillimhe, agus na blianta deireanacha in Ospidéal Portiuncula i mBéal Átha na Sluaighe
Phós sé Nellie Naughton ó cheantar Bhéal Átha na Sluaighe i 1943 agus bhí beirt mhac acu.
I 1943 bhí post sealadach mar phríomhoide aige i gCill Liatháin, An Droichead Nua, Béal Átha na Sluaighe
Sin a chuir ar a chumas scoláireacht a bhuachan go Coláiste Iarlatha, Tuaim, agus ina dhiaidh sin go Coláiste Sheosaimh, Béal Átha na Sluaighe (‘Garbally’)
Tar éis bunscolaíochta i nGairfean d’fhreastail sé ar Choláiste Sheosaimh (Gearrbhaile), Béal Átha na Sluaighe
Chaith sé tréimhse ag múineadh i gColáiste Sheosaimh, Béal Átha na Sluaighe, agus d’fhill ar an timireacht