Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
George agus ina dhiaidh sin go dtí paróiste Chill Rónáin i Ros Comáin mar a raibh gnó iarainn ag muintir Mhic Dhiarmada Rua i mBaile Átha Fearnáin ··· Is é a deir an Súilleabhánach; ‘Amid such a tangle of testimony any positive opinion is worthless.’ Deir Breathnach: ‘Is léir ar a chuid ceoil gur tháinig sé faoi anáil cheol na hIodáile, ach más é go bhfuil blas na hIodáile le sonrú ar chuid dá cheol, ní fhágann sin go raibh aon mhórchumas aige ar an gceol sin.’ Tá ‘Coinséarto Chearbhalláin’ ar cheann de na píosaí leis a sheinntear go minic agus deir Breathnach ina thaobh: ‘Ní anuas chugainn i dtíolacadh na sean ach as cnuasach clóbhuailte a tháinig an “Concerto” agus na plancstaithe a bhíonn á spreagadh ag ceoltóirí anois.’ Meabhraíonn Ó Muraile dúinn nach bhfuil fianaise ar bith ann gur spéis le Cearbhallán cruachás na cosmhuintire, in ainneoin a chúlra féin. Nuair a bhraith Cearbhallán an bás chuige rinne sé a bhealach go dtí Baile Átha Fearnáin mar a ndearna a sheanchara Bean Mhic Dhiarmada Rua ardchúram de