Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 50
Deirtear san aiste seo gur fhreastail Risteard ansin ar Ollscoil Sydney agus gur bhuaigh sé boinn ann ar Laidin, Gréigis, Béarla, Fraincis, agus Gearmáinis ach ní dócha go raibh sé riamh san Ollscoil sin, dar le Brian Maher P.P., staraí na Deoise. Diagacht agus fealsúnacht a bhí ar siúl aige sa Róimh ach arís luaitear gur bhuaigh sé boinn ar Eabhrais agus ar Arabais ··· Ghnóthaigh sé dochtúireachtaí sa bhfealsúnacht agus sa diagacht. Dar le Brian Maher go bhfuair sé post múinteora i gColáiste Phádraig nuair a d’fhill sé ón Róimh agus ina dhiaidh sin go raibh poist aige i bparóistí Goulburn, Yass agus Balldale ··· Bhí drochshláinte air agus chuaigh sé chun na Róimhe ··· Sa chéad mhír luaitear go ndeachaigh sé as a mheabhair (“deranged”) in Eaglais Naomh Peadar sa Róimh agus gur de dheasca dianstaidéir é ··· Both Joseph Dwyer (later Bishop of Wagga Wagga) and Daly set out for Rome to study at Propaganda
Bhí sé mar chompánach ag Aodh Mac Aingil[q.v.] ar a bhealach chun na Róimhe i 1623; ba é a scríobhfadh beatha Aoidh agus a chumfadh an inscríbhinn ar a thuama ··· Lean Mac Aingil agus an Pléimeannach dá dturas chun na Róimhe agus ó Clairvaux, Lyon agus ón Róimh chuireadh an Pléimeannach litreacha chuig Mac an Bhaird i bPáras agus i Lováin ··· Sa Róimh féin, le cabhair Lúcáis Wadding[q.v.], chuardaigh sé leabharlanna agus chóipeáil oiread is a b'fhéidir ··· Oirníodh ina shagart é sa Róimh tar éis tamaill eile staidéir i gColáiste Naomh Isadóir
Chuaigh sé as sin go dtí an Róimh agus thug Rí na Spáinne pinsean 25 choróin dó i 1612 agus ‘cuireadh dualgas éigin air a bhain le hArm na Spáinne’ (de Barra agus Ó Fiaich) ··· D’fhill sé ar an Róimh roimh Lúnasa 1613 ··· Is dóigh gur sa Róimh a cailleadh é. Scríobh Eoghan dán d’Aodh Ruadh Ó Domhnaill ar a imeacht chun na Spáinne (‘Rob soraidh t’eachtra a Aoidh Ruaidh’)
Tuairim 1676 d’imigh sé go dti an Róimh ··· Coisreacadh é in Eaglais San Isadóir sa Róimh in Aibreán 1693
Timpeall an ama sin freisin a bhuaigh sé duais Oireachtais lena aiste ‘Scrúdú ar theagasc Descartes’ (i gcló in Gaethe Gréine, 1920) agus a d’fhoilsigh sé ‘Éire—náisiún céasta’ in An Síoladóir. Chuaigh sé a dhéanamh staidéir sa Róimh i 1920 ··· Oirníodh sa Róimh é i 1922 agus d’fhill sé ar Éirinn. Níor scríobh sé aon leabhar nach í an bheatha chrábhaidh nó gné den chreideamh is ábhar di
Tugadh sparán dó i gColáiste na nGael sa Róimh ··· Thug sagart paróiste a bhí sa Róimh leis post dó i séipéal Naomh Proinnsias, Baile Átha Cliath
Chaith sé thart ar bhliain ansin sula ndeachaigh sé isteach sna Froinsiasaigh.’ Tar éis sé mhí a chaitheamh i gColáiste San Isadóir sa Róimh cuireadh é go paróiste Shráid na gCócairí, Baile Átha Cliath ··· Bhí sé ina ghairdian i mBaile Átha Cliath idir 1717 agus 1719. D’aistrigh sé teagasc críostaí Montpellier go Béarla ach fuair an Róimh de locht air go raibh iarracht den Seansanachas ann
Bhí drochshláinte ag bagairt air le fada ach in 1623 tugadh chun na Róimhe é chun cabhrú leis an Ord Proinsiasach a rialú ··· Bhí sé ar tí an turas go hÉirinn a dhéanamh nuair a bhuail taom fiabhrais é gur éag sa Róimh 22 Meán Fómhair 1626
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Scríobh sé cuntas laethúil ar thuras Aodha Uí Néill, Ruairí Uí Dhomhnaill, Chúchonnacht Mhig Uidhir agus a gcomhluadair, ar dhuine díobh é féin, chun na Róimhe in 1607 ··· Deirtear in ‘The Flight of the Earls: new light from a Roman necrology’ le Fearghus Ó Fearghail agus Kieran Troy (Ossory, Laois and Leinster, Uimhir 4, 2010) gur éag Tadhg in Ospidéal Sancto Spirito sa Róimh ar 24 Meán Fómhair 1610 agus gur cuireadh é in Eaglais Santo Pietro Montorio
Michél féin a scríobh na hiontrálacha do na blianta ó 1600 amach agus is le bás Aodha Uí Néill sa Róimh 1616 a bhaineann an iontráil deiridh
Shroich Ó Fearghail an Róimh um Márta 1649 chun a thaispeáint gur ag Rinucciní a bhí an ceart, agus is fearr ná ionadaí an taoibh eile, John Rowe, Cairmilíteach, a d’éirigh leis dul i gcion ar an bPápa, Ceapadh é láithreach mar chomhairleoir ag an gComhthionól um Ghnóthaí na hÉireann sa Róimh agus bhí post den chineál céanna aige ar ball in Congregatio de Propaganda Fide
Fuair sé oideachas i gColáiste na nGael i bPáras agus i gColáiste an Phropaganda sa Róimh
Mhuineacháin agus Conamara. Is é an t-eolas a d’aimsigh Ó Fiaich i gCartlann Choláiste na nGael sa Róimh ina thaobh go ndearna sé staidéar ar an litríocht agus ar an reitric in Éirinn, gur chaith sé trí mhí déag i gColáiste Seville ach, ar mhaithe lena shláinte, gur aistrigh sé go dtí an Róimh
Is sa Róimh a bhí sé go fóill ar 30 Márta 1609 nuair a ceapadh é ina Ardeaspag ar Thuaim
Chuaigh sé isteach sna Froinsiasaigh i gColáiste San Isadóir sa Róimh 2 Lúnasa 1632
Is dóigh le Mac Cana gurb amhlaidh nár múineadh scríobh na teanga dó. Níl d’eolas ina thaobh ach a bhfuil scríofa aige féin sa lámhscríbhinn úd; tháinig sí i seilbh sagairt Fhroinsiasaigh i 1774, bhí tamall i Lováin, ansin i gColáiste Isadóir sa Róimh agus ar deireadh i Leabharlann na bhFroinsiasach i mBaile Átha Cliath
Cuireadh chun na Róimhe é i 1947 d’fhonn go mbaileodh sé taifid agus go bhfoghlaimeodh sé ceird na leabharlannaíochta
Bhain sé amach céim MA sa bhfealsúnacht agus i 1915 chuaigh sé chun na Róimhe a dhéanamh staidéir le haghaidh céim dochtúra ··· Bhí sé ina eagarthóir ar an iris bhliantúil An Róimh agus d’fhaigheadh fógraí ó Iodáiligh le cur i nGaeilge san iris
Chaith sé tamall sa Róimh ag staidéar ar an Dlí Canónta
Cuireadh go dtí an Róimh é i 1945
Rinne sé staidéar san Ollscoil Ghréagóireach agus i gColáiste Idirnáisiúnta an Antonianum sa Róimh fad a bhí cónaí air i gColáiste San Isadóir sa chathair sin
Ar feadh ceithre bliana bhí staidéar ar an diagacht ar siúl aige i gColáiste San Isadóir sa Róimh agus oirníodh ina shagart é i 1941
Chuir Raidió na Gaeltachta agallamh air sa Róimh agus luaigh sé gach paróiste Gaeltachta in Éirinn sna beannachtaí a chuir sé abhaile. Meastar nach rómhaith a réitigh uachtar­ánacht Mhaigh Nuad leis, ach anois in Ard Mhacha bhí sé gafa idir thine an dá arm, é ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an dá thaobh, an IRA agus rialtas na Breataine agus Aontachtaithe Uladh
Chaith sé blianta an chogaidh i gColáiste San Isadóir sa Róimh agus oirníodh ann é 16 Meitheamh 1941
Thug sé cuairt ar an Róimh agus ar Éirinn in 1858-9 agus rinne a dhícheall sagairt Éireannacha a thabhairt go Sydney
Chaith sé breis agus sé bliana sa Róimh ag iarraidh a chás a chur chun cinn
Baineadh na cumhachtaí sagairt de dá bharr. Chaith sé tréimhsí sa Róimh, i gCorcaigh agus i nGaillimh
Ceapadh é ina ollamh le diagacht i bhFómhar na bliana sin, post a bhí aige go ceann ocht mbliana. Ba é a chéad ghníomh polaitiúil, b’fhéidir, go raibh sé ar an gcúigear ollúna sa choláiste a chuir síntiúis go dtí ciste Pharnell in 1883 in ainneoin an Róimh bheith ag cáineadh Parnell
I gcoláistí Naomh Antaine agus Naomh Isadóir sa Róimh bhí sé ag gabháil don diagacht agus is sa chathair sin a oirníodh ina shagart é ar 8 Iúil 1934. Chaith sé na blianta 1935–1941 i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus an léann Ceilteach ar siúl aige
Caitliceach Rómhánach ba ea é. Ní thugann na leabhair thagartha d’eolas ach go ndearna sé staidéar ar cheol sa Róimh, agus faoi Stanford agus Parratt i Londain
Fuair sé dochtúireacht sa diagacht ón Róimh in 1898, agus tar éis staidéir in Griefswald agus Bonn bronnadh dochtúireacht eile air in 1900
Ainmníodh é féin mar bhall den toscaireacht sin agus chaith sé ó 4 Feabhra go dtí an Sos Cogaidh in Iúil 1921 i bPáras agus sa Róimh
Iarradh air faoi dhó seanmóir na hAidbhinte a thabhairt in Ardeaglais San Silvestro sa Róimh
Chaith sé tamaill ina dhiaidh sin san Eilbhéis agus sa Róimh sular fhill sé ar Chorcaigh
Tá tagairt san uacht do chíosanna talún i nDroichead Átha agus seans go raibh baint ag a mhuintir leis an mbaile sin. Oirníodh é sa Róimh i ndiaidh dó a bheith i gColáiste Chluain Life agus i gColáiste an Phropaganda sa Róimh
Deir Kotsonouris: ‘Although he was a respected legal scholar and a staunch republican he would hardly have made an effective president’. Chuaigh sé go dtí an Róimh in éineacht leis an Dr Con Murphy mar ionadaí dlíthiúil na bPoblachtach chun gearán a dhéanamh leis an bPápa gur eisigh cliarlathas na hÉireann ráitis fhrith-Phoblachtacha
D’fhág sé Coláiste na nGael sa Róimh sé mhí sula rabhthas lena oirniú
Scríobh sé chuig na húdaráis sa Róimh ag tathant orthu Gaeilgeoir a cheapadh mar reachtaire ar Choláiste na nGael ansin i gcaoi go bhfaigheadh na mic léinn oiliúint sa Ghaeilge
Le cabhair ó Thoirealach Luineach d’éirigh leis dul go hAlbain agus as sin go dtí an Róimh
Bhí sé ina ollamh le diagacht sa Róimh agus ina rúnaí ann ag Peter Lombard, Ardeaspag Ard Mhacha
Bhí de cháil air mar scoláire gur ceapadh é i 1618 mar dhiagaire oifigiúil i dtoscaireacht Rí na Spáinne a cuireadh ar bun sa Róimh d’fhonn Giniúint Mhuire gan Smál a chur chun cinn mar dhogma
Cuireadh go dtí an Róimh é i 1754 chun a bheith ina phrócadóir ginearálta ag na Beinidictigh
D’éag sé i Londain 15 Márta 1688; beagán laetha roimhe sin, i scríbhinn a shínigh sé agus a cuireadh chun na Róimhe, tharraing sé siar cibé rudaí a shíl an Róimh a bhí earráideach
I nDeireadh Fómhair na bliana 1607 bhí Roibeard agus Flaithrí Ó Maoil Chonaire[q.v.] in Douai chun fáilte a chur roimh larlaí Thír Eoghain agus Thír Chonaill agus b’fhéidir go ndeachaigh sé leo go dtí an Róimh
I 1643, chuaigh sé a dhéanamh staidéir faoi Luke Wadding [q.v.] i gColáiste San Isadóir sa Róimh
Ceithre bliana ina dhiaidh sin, ar eagla go n-athcheapfaí é, scríobh siad arís ina aghaidh gan fáth a míshásaimh a lua. D’fhág sé slán leis an Róimh roimh dheireadh 1685 le dul go Sasana
Bhí sé sa Róimh i 1626: tá a ainm agus an dáta 19 Feabhra 1626 ar lss i gColáiste San Isadóir
Chill Dara; Port Láirge; Corcaigh agus an Róimh
Ó 1968 d’oibrigh sé sa Ghúm, mar eagarthóir cúnta i dtosach agus mar eagarthóir ó 1973. In 1986 ar fhéile an Chroí Ró-Naofa, 6 Meitheamh, phós sé Róisín Ní Thuama sa Róimh
Thug an chlann a gcéad chuairt ar an bhFrainc in 1946 agus d’fhill siad go rialta, ag campáil, uaireanta ag dul chomh fada le Oberammergau nó an Róimh