Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 34
Sa Ráth Dubh, Impir, dhá mhíle déag siar ó thuaidh ón Muileann gCearr agus i bparóiste Bhaile an Mhuilinn, Co. na hIarmhí, a rugadh é ar 31 Lúnasa 1907; tá trácht aige ar shuíomh na háite sin agus ar bhrí an ainm san aiste ‘Imper unde nominatur?’ (Dinnseanchas 2, 1965) ··· Mhaíodh sé go raibh lua ar a mhuintir i ndaonáireamh 1659 i mbarúntacht Ráth Conarta san Iarmhí faoin gcruth ‘Knally’ ··· (3) agus Michael (mí d’aois); san Iarmhí a rugadh idir thuismitheoirí agus leanaí agus ní raibh Gaeilge acu. Tar éis bunscolaíochta in Impir cuireadh go dtí Scoil Éanna, Ráth Fearnáin, é nuair a bhí sé 14 bliain d’aois ··· na hIarmhí, a bhuanseoladh ar feadh an ama sin go léir agus is ann, lena dheartháir, feirmeoir ar bhaitsiléir é, a chaith sé a bhlianta deiridh ··· Bhí spéis mhór aige sna focail Ghaeilge a bhí le cloisteáil i mBéarla na hIarmhí lena linn agus in 1971, faoin ainm E.V
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I gCluanach, Béal Átha na nGabhar, Co. na hIarmhí, a rugadh an cartlannaí, iriseoir, údar, leabharbhách, focleolaí seo ar 13 Eanáir 1927 ··· Bhí scoláireacht buaite aige a thabharfadh mar scoláire cónaithe é go dtí Coláiste Fhinín sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí, ach níor leor é chun an costas iomlán a íoc agus ina áit sin chaith sé tamall i meánscoil lán-Ghaelach na mBráithre Críostaí sa bhaile sin agus rothaíodh ann sé lá na seachtaine, 144 míle sa tseachtain ··· Go luath ina shaol bhí spéis sa Ghaeilge múscailte ann ag a mháthair agus ag a seanmháthair, rud a d’fhág go raibh ríspéis aige ar feadh a shaoil i nGaeilge agus i mBéarla na hIarmhí
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I gCill Bheagáin san Iarmhí mar a raibh a hathair Patrick Mulchrone ina bhall den Chonstáblacht Ríoga a rugadh í ar 22 Samhain 1895 ··· Mhaigh Eo dó, ag feidhmiú mar sháirsint i mBaile Fhobhair san Iarmhí ··· Foilsíodh mar leabhar é i 1939 faoin teideal Betha Phátraic, the tripartite life of St Patrick. Ar ais in Éirinn 1925 bhí sí ag obair mar “Vocational Instructor in Irish” le Comhairle Contae na hIarmhí 1925-7.’ Is ó 1928 go 1938 a bhí sí ag obair i gColáiste Gairmoideachais Ráth Maonais, ó 1931 go 1938 ina Léachtóir Cúnta sa Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ó 1927 go 1938 ina heagarthóir cúnta ag obair ar chlár lámhscríbhinní Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann
Dúirt sé gur scríbhneoir é agus gurbh i gContae na hIarmhí a rugadh é ··· Dúirt sé gur scríbhneoir é agus gurbh i gContae na hIarmhí a rugadh é
Ba é a athair Séamus Óg, ar leis dúiche Chionn Chora in Uíbh Fhailí / Iarmhí ··· Baile an Chaonóraigh, Co. na hIarmhí, agus baintreach Edmund Dillon
Nuair a d’aistrigh Edmond, mac le Fearganainm, go dtí Cill Liúcainne, Co. na hIarmhí, gach seans gur tháinig cuid eile de Dhomhnallánaigh Bhaile Uí Dhomhnalláin, Co ··· An t-aistriú sin an fáth, is dóigh, a bhfuil Ó Domhnalláin coitianta go leor mar shloinne san Iarmhí
D’fhill an teaghlach ar a mbaile dúchais, an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí, sa bhliain chéanna agus b’ann a tógadh é féin agus a dheirfiúr, mar a bhfuair sé scolaíocht i Scoil Mhuire na mBráithre Críostaí ··· Maíodh fosta gur ceithre chuid a bheadh sa suíomh deich n-acra seo ar an Chúil, Co. na hIarmhí, mar atá, brú na n-óg do pháistí faoi bhun dhá bhliain déag d’aois, coláiste ar leith do dhéagóirí idir dhá bhliain déag agus ocht mbliana déag d’aois, aonad do dhaoine fásta agus brú d’iarscoláirí Choláiste na bhFiann. Ní le hoideachas amháin a bhí Ó Lubhlaí ag plé ach le polaitíocht
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Mídín in aice le Bealach an Tirialaigh san Iarmhí, mar a raibh feirm an-bheag ag a athair Liam, a rugadh é ar 19 Nollaig 1893 ··· Ní raibh san Iarmhí ach an t-aon scoil amháin, Scoil na gCailíní i mBealach an Tirialaigh, agus ba í Mary Malone an múinteoir a bhí ag teagasc na teanga ann
Bhí sé ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1975, de bhord Scoil an Léinn Cheiltigh ó 1976 go 1995 agus de Chomhairle an Stáit ó 1991 go 1998. I Ros Treabhair, ar thaobh an Dúin de Loch Cairlinn, ar an 8 Nollaig 1916, a rugadh Thomas Kenneth Whitaker, mac le Edward Whitaker, bainisteoir cúnta i muileann beag línéadaigh, ó Chill Liúcainne, Co. na hIarmhí, ó dhúchas, agus Jane O’Connor, banaltra ó Chúil Mhín, Leaba Shíoda, Co
Ó Caithnia[B8] 18 cuntais a rinne sé a thaifeadadh i Ros Comáin, Uíbh Fhailí, an Longfort, an Iarmhí agus Liatroim
Sa Mhí, san Iarmhí, sa Longfort agus sa Chabhán a bhíodh sé ag timireacht
Tar éis bunoideachais i g cuireadh meánoideachas air i gColáiste na bhFroinsiasach i Muilte Farannáin, Co. na hIarmhí, agus chuaigh isteach in Ord San Froinsias ar 16 Meán Fómhair 1916
I bhFearann Coillín , Tigh Munna, Co. na hIarmhí, a rugadh é ar 22 Márta 1922
B’as Muilte Farannáin, Co. na hIarmhí, dá athair agus b’as Corcaigh dá mháthair
all went into smoke in the Cromwellian regime.’ I Lios Maighne, Co. na hIarmhí, a bhí cónaí ar Chonall
San iris Eighteenth-Century Ireland, tá trí haiste ina thaobh: ‘A Jacobite History: The Abbé MacGeoghegan’s History of Ireland’ le Vincent Geoghegan (6, 1991); ‘An Early work by James MacGeoghegan ...’ le Vincent Geoghegan agus Yves Le Juen (8, 1993): ‘The Abbé MacGeoghegan dies’ le Yves Le Juen (13, 1998). In Uisneach, Co. na hlarmhí, a rugadh é
Teaghlach Normannach i nDealbhna, Co. na hIarmhí, ba ea na Nuinseannaigh
Deir Cathal Ó Háinle (‘Seán agus Tadhg Ó Neachtain: Cleamhnas agus Gaol’ in Éigse, XXXV, 2005) go bhfuair Máire bás 11 Aibreán 1733 agus gurbh í Bett/ Betty/ Bess Meares ón Muileann gCearr, Co. na hIarmhí an ceathrú bean a phós sé
Phós sé Áine Loddick ón Móta, Co. na hIarmhí, céimí sa tráchtáil de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1932 agus bhí ceathrar iníonacha acu; ba í an Ghaeilge príomhtheanga an teaghlaigh
Chaith sé tamall de bhlianta ag múineadh i Scoil na mBráithre sa Mhuileann gCearr agus bhí ar fhoireann na hIarmhí a bhuaigh craobhchomórtas sóisearach iomána na hÉireann i 1936; go ceann i bhfad ina dhiaidh sin d’imríodh sé leis na Ciceamaigh, foireann Chnoc an Bhile agus Dhún na Sgiath
Thug an scoláire Paul Grosjean “Princeps historicorum Hiberniae” air. I mBéal an Átha, sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí, a rugadh é ar 19 Meitheamh 1885
With him contradiction is a kingly art with the grand manner and the pleasant savour of the heroic ages’. Cé go bhfuil sé deacair a rá anois cad é go díreach a chuir an Ruiséalach i gcrích chun go mbeadh aird chomh mór sin air, níl amhras ach gur dhuine de charachtair na hathbheochana é, agus gur cheannródaí é sa mhéid go raibh baint ó thosach aige le gach cumann Gaeilge dá raibh ann idir 1876 agus 1893. I Lios an Fhóid in aice leis an Móta san Iarmhí a rugadh é i mBealtaine 1828 agus ba é an duine ab óige é de naonúr, cúigear cailiní agus ceathrar buachaillí
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Sráid an Iarla, an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí, a rugadh an scoláire Gaeilge seo ar 26 Márta 1907
Chaith sé 1895–1904 ag múineadh i gCill Bheagáin, Co. na hIarmhí
Ach b’éigean dó glacadh le printíseacht i siopa grósaera i Ráistín san Iarmhí
Oirníodh é 24 Meitheamh 1889 agus bhí sé tamall ag obair sa Mhuileann Cearr sular ceapadh é ina shagart cúnta i mBaile na Carraige san larmhí
Bhí Joseph gan a bheith pósta go fóill i 1911 agus in aontíos leis bhí: baintreach William, Annie (42), a rugadh i gContae na hIarmhí, agus a hiníon Aileen (11); Francis arís; a dheirfiúr Mary (33)
Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais an bhliain sin (idem 27 Lúnasa 1909) agus arís i 1911. Tá mórchuid tagairtí dó sa Claidheamh i rith 1909-11: é ina mholtóir agus ina scrúdaitheoir ag feiseanna ar fud na hÉireann; é ag seinm an veidhlín ag aeraíocht i mBaile na Carraige san Iarmhí; ag seinm i gceolchoirm sa Chreagán i nGaillimh; ina rúnaí ar an bhfochoiste le breathnú isteach i meastacháin an Chonartha; dráma nua a bheith scríofa aige, Áine Ní Ruairc, a léireofaí ag an Oireachtas (4 Meitheamh 1910); é ina Ollamh Cúnta i gColáiste Chonnacht sa Spidéal; é a bheith ag breacadh síos cuid de na foinn a bhí á seinm ag Feis Chonnacht i 1910; comhfhreagras le Tomás Ó Máille[B3] ar siúl aige i dtaobh staid na teanga i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; gur aistrigh sé ‘The Wreath’ le Sir Julius Benedict ar mhaithe le ceolchoirm ag an Ard-Chraobh (17 Feabhra 1912); gur léiríodh dráma beag a scríobh sé i gcomhair Fleadh na Nollag—staicín áiféise a dhéanamh de dhream an Litrithe Shimplí fáth a scríofa (14 Eanáir 1911). In alt ar Scoil Éanna in Irish Independent 2 Aibreán 1938 scríobh Jerome F
Phós sé Ailsa Ní Ruairc, deirfiúr le banchéile Bulfin agus an iníon ab óige le Pádraig Ó Ruairc, Baile an Chorraigh, an Iarmhí, i dTeampall Bhanríon na mBua, Buenos Aires, ar 11 Meán Fómhair 1907 (An Claidheamh Soluis 26 Meán Fómhair 1907)
I mBaile Átha Cliath a rugadh í agus b’as ceantar Bhéal an Mhuirthead dá máthair agus b’as an Iarmhí dá hathair
‘Oide re h-éigse’ an cur síos a rinne Seán sa taifead ar a shlí bheatha agus dúirt go raibh cónaí air i gColáiste Naomh Lughbhaidh; b’in í an mheánscoil a bhí tráth ag na Proinsiasaigh i Muilte Farannáin, Co. na hIarmhí
Trí bliana ina dhiaidh sin thosaigh sé ag múineadh faoin gConradh san Iarmhí (An Claidheamh Soluis 20 Meán Fómhair 1913)
Tuairiscíodh in Misneach 20 Samhain 1920 gur gabhadh é i stáisiún an Mhóta san Iarmhí
I dteach a athar, William, Bessville, Co. na hIarmhí, 20 Meitheamh 1792, a rugadh é