Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 32
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí cáil air i ngeall ar ar bhailigh sé de bhéaloideas, ar a ndearna sé ar son oideachais trí Ghaeilge sa Daingean agus i scoileanna na mBráithre Críostaí anseo is ansiúd ··· Bhí cáilíocht bainte amach aige i dteagasc adhmadóireachta, eolaíochta agus líníochta agus ba leor sin i 1923 chun go gclárófaí é mar mheánmhúinteoir. Aistríodh go dtí an Daingean é i 1925 agus bhí ann go 1934 ··· Scríobh duine dá chomh-mhúinteoirí: ‘Ré órga scoile an Daingin ba ea an tréimhse sin ··· Ní raibh bliain ann nár ghnóthaigh scoláirí na Gaeltachta agus an Daingin féin breis is a gcion d’áiteanna ins na Coláistí Ullmhúcháin gan trácht ar scoláireachtaí Teistiméireachta, scoláireachtaí Chomhairle Chontae agus torthaí nárbh iad’ ··· Deir an fear céanna gur faoi thionchar Uí Riain a imríodh i bpáirc an Daingin ‘an chéad chluiche iomána riamh a himríodh sa taobh sin tíre’
I bhFionntrá, sa Daingean, Co ··· Toisc aighneas a bheith sa teach idir bean an mhic ba shine agus an chuid eile den chlann chuaigh sí ar aimsir sa Daingean go luath ina saol ··· Bhí ar intinn aici dul go Meiriceá agus chuaigh sí ag obair arís, i gCnoc an Bhróigín an babhta seo, taobh thoir den Daingean ach níor caitheadh go maith léi ann ··· Rinne Seán a thuilleadh a thaifeadadh nuair a bhí sí in ospidéal sa Daingean mar a bhfuair sí bás 8 Nollaig 1958
I mBaile an Ghóilín, trí mhíle siar ón Daingean i gContae Chiarraí agus cois na farraige a rugadh Pádraig ar 10 Márta 1883 ··· B’fhéidir a rá gur cheantar breac-Ghaeltachta ba ea Baile an Ghóilín agus gur ‘breac-chainteoir’ é Pádraig. D’fhreastail sé ar bhunscoil na mBráithre sa Daingean go raibh sé 16 bliana d’aois ··· Bhí an chéad rud i gcló aige in Banba, Bealtaine 1902, aiste ar Stad na nGaeilgeoirí ar Shráid Fhreidric Thuaidh i mBaile Átha Cliath. Casadh Tomás Bán Ó Concheanainn[B2] air sa Daingean in 1905 ··· Tionóladh siompóisiam ar Phádraig i gColáiste Íde, an Daingean, Co
Feirmeoir i gceantar an Daingin ba ea a athair Denis ··· Ní raibh sé ach sé bliana déag d’aois nuair a thug beirt mhinistrí ón Irish Home Mission cuairt ar an Daingean ··· Nuair a d’fhill sé ar an Daingean bhunaigh sé coláiste ann chun Gaeilgeoirí a ullmhú le bheith ina ministrí ··· Deir Ó Mainín gur tháinig meath ar an ngluaiseacht in 1846 nuair a d’eagraigh Ord Naomh Uinseann misean seacht seachtaine sa Daingean, ceann de na céad mhisin dár thug aon ord rialta in Éirinn
Phós an t-athair bean de mhuintir Chárthaigh agus ba cheann de choiníollacha an chleamhnais go n-aistreodh an teaghlach go dtí Baile an Ghóilín in aice leis an Daingean: ‘B’in é an briseadh ba mhó d’imigh riamh ormsa mar bhíos cúig bliana déag ag an am, díreach agus mé chun coinbhleachta’ (idem) ··· Tar éis tamaill i Scoil na mBráithre Críostaí sa Daingean cuireadh é go Coláiste Bhréanainn, Cill Airne, le súil go mbeadh sé ina shagart ··· Deir sé: ‘Tá an cuntas seo bunaithe ar “inside file” a fuaireas ar iasacht ón gCeannphort Seán Ó Colmáin G.S., a thug seal ina oifigeach sa Daingean, Co
I nDún Síon, taobh thoir den Daingean, Co ··· Cuireadh oideachas air i Scoil na mBráithre Críostaí sa Daingean agus d’éirigh leis post cléirigh a fháil i mBord Soláthair an Leictreachais i 1945; d’fhan sé sa Bhord go ndeachaigh sé ar pinsean ··· Bhí sé ina chathaoirleach ar Fhundúireacht an Bhlascaoid agus ina chathaoirleach ar Chairde Choláiste Íde Teoranta, a bunaíodh chun go leanfadh coláiste sin an Daingin ina institiúid oideachais lán-Ghaelach
I mBaile an Ghóilín, gar don Daingean i gContae Chiarraí, a rugadh é 16 Meitheamh 1900 ··· Bhí sé tamall i Scoil na mBráithre sa Daingean sular thosaigh bráthair as na Déise ar mhúineadh léamh agus scríobh na Gaeilge
Fuair siad teach i mBaile an tSagairt míle ón Daingean ar bhóthar Thrá Lí ar dtús sular éirigh leo léas a fháil ar chuid de stáisiún an gharda cósta i gCeann Trá ··· Um Shamhain 1913, thosaigh sé féin agus Deasún ag earcú agus ag oiliúint na nÓglach; ceapadh Deasún ina chathaoirleach ar Choiste na nÓglach sa Daingean
I lár na 1950idí chuaigh siad chun cónaithe sa Daingean ··· D’éag Seán in ospidéal an Daingin 29 Márta 1997
Ar Shráid Eoin sa Daingean, Co ··· Sa Daingean d’fhanfadh cuimhne air mar gurbh é an chéad duine é a ghlac ról chaiptín an ‘Sráid Eoin Wren’ ann in 1959, ról a bhí aige go dtí gur éirigh sé tinn i Meán Fómhair 2010
Scríobh Maidhc os cionn scór leabhar eile ina dhiaidh sin, úrscéalta, gearrscéalta, leabhar filíochta agus leabhair don óige, chomh maith leis an dara cuid de scéal a shaoil, Mura mbuafam – suathfam, ina bhfuil cur síos ar a raibh i ndán dó agus é fillte as na Stáit. Iascaire agus tiománaí hacnaí as an mBaile Loiscthe, Baile na nGall, ab ea a athair, Dainín Dan Ó Sé, agus ba as Baile na Buaile, an Daingean, dá mháthair, Máire ‘Minnie’ Ní Chinnéide ··· Ní caitheadh díol as aon ticéad dó!’ Ba in Éirinn a saolaíodh an triúr deireanach clainne a bhí acu, Danny, Daithí agus Marianne. Ar fhilleadh abhaile dó in 1969 agus aon bhliain déag caite ar imirce aige, fuair Maidhc Dainín amach go raibh neart oibre ar fáil ina cheantar dúchais ar an scannán Ryan’s Daughter, a bhí á dhéanamh i nDún Chaoin, ach shantaigh sé obair níos buaine ná sin agus fuair a leithéid in Uachtarlann an Daingin
Cailleadh an mháthair ar 2 Márta 1905 agus cuireadh Muiris chuig dílleachtlann sa Daingean ··· Ach dúirt George Thomson (19 Lúnasa 1903-3 Feabhra 1987) san aiste ‘Fiche bliain ag fás’ in Comhar, Samhain 1958: ‘Tá cur síos ins an leabhar ar na blianta san [sa Daingean], ach más ea is beag atá sa méid sin ach cumadóireacht, óir bhíodar imithe as a chuimhne ar fad nach mór’
In 1890 ceapadh é ina mháistir stáisiúin sa Daingean ··· Osclaíodh Iarnród an Daingin ar 31 Márta 1891
D’aistrigh sé ansin go Scoil Náisiúnta Naomh Bréanainn sa Daingean agus bhí ann go 14 Aibreán 1919 ··· In Misneach 12 Meitheamh 1920 tuairimíodh go mbeadh sé ina chathaoirleach ar bhaile-chomhairle an Daingin go luath
Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí, sa Daingean, is dóigh, agus lean sé air ag staidéar
Scríobh Breandán Ó Beacháin dán molta an bhreithimh, Barra Ó Briain, cúpla lá ina dhiaidhsean. Is fuath le daoine bheith ag briseadh na dlí Ach is fuath leo fós bheith ag dul gan braon dí Is geal linn an scéal is déanai ó Dhún Chaoin Agus caithfimid siar é le Kruger. I gCorca Dhuibhne beidh rince’s greann Ó Dhaingean Uí Chúise go Baile na nGall Is bagairt na nGárdaí ní fiú faic an deamhain Nuair a chaithfimid siar é le Kruger. Sláinte an Bhreithimh, síol uasal Bhorumha, Agus sláinte an Chaomhánaigh, cia ’cu ariú? Ach Muirisín fhéin’s an Phoblacht abú! Nuair a chaithfimid siar é le Kruger. (Irish Times, 30 Meitheamh 1956) Dá mb’fhéidir suim aicearrach a thréithe dúchais a scríobh chaithfí na rudaí seo a lua: fear mór cuideachta a bhí ann; níorbh fhéidir neamhshuim a dhéanamh de in aon tionól daoine; bhí aithne aige ar an bhfear saibhir agus ar an bhfear bocht; bhí cion ar leith ag páistí agus seandaoine air agus aigesean orthu; bhí sé in ann comhrá a dhéanamh leis an mórscoláire agus leis an ngnáthdhuine
Chonaic sé fíor-ghéarghá a bheith lena leithéid uair dá raibh sé i mbun cúrsa spioradálta i gColáiste Íde sa Daingean
Chaith sé cúpla bliain sa Daingean agus bhí cleachtas aige ina bhaile dúchais ar feadh 60 bliain
Bhí sé ar choiste bainistíochta Choláiste Gaeilge an Daingin ó 1910 amach. Glaodh chun an bharra é i 1905. Bhí an t-atmaisféar ag athrú
Cheannaigh sí seál mór dubh chun bheith ar aon dul le cailíní agus mná an oileáin, mar is seál a bhídís ag caitheamh an uair sin ag dul go dtí an tAifreann agus ag dul go baile mór an Daingin
Cuireann Earnán de Blaghd síos in Slán le hUltaibh ar an gcaoi ar chabhraigh sí leis Eanáir 1914 chun cumann drámaíochta a bhunú agus drámaí a léiriú in ainneoin neamhthoil shagart paróiste an Daingin
Ba é an chéad séiplíneach é i gColáiste Íde sa Daingean
Bhí teach agus gairdín ag Dáibhí sa Daingean agus ní cosúil go raibh sé féin ná Muiris go maith as sa saol riamh
Bhí sé ina léachtóir i gColáiste na Mumhan i 1923 agus ina ollamh i gColáiste Samhraidh an Daingin an bhliain dár gcionn
Mar bhráthair chaith sé tamaill ghairide ag múineadh i Scoil na mBráithre, Rae an Iarthair (1929-30), agus sa Daingean (1930-32)
Oíche úd an Daonáirimh i 1911 bhí cúigear oibrithe ag cur fúthu sa teach: beirt chléireach, beirt chailíní aimsire, agus gréasaí agus bhí Gaeilge ag triúr díobh. Síltear go ndeachaigh Maoghnas ar scoil chuig na Bráithre Críostaí i dTrá Lí; bhí traein an Daingin áisúil
Bhíodh doras an tí ar oscailt aige agus uaireanta d’fhanaimis tamall maith taobh amuigh den doras sin—ag gliúcaíl ar an bhFile agus ag éisteacht lena “chrónán” agus é ag scríbhneoireacht ar a shocracht!’ Cailleadh in Ospidéal an Daingin é ar 27 Aibreán 1974
Eagraíocht í seo a bhunaigh bean chéile Uachtarán SAM, Jimmy Carter, Rosalind, chun cultúir an domhain a thabhairt le chéile. Tar éis a saol a chaitheamh i mbun chur chun cinn an cheoil Ghaelaigh agus na Gaeilge i measc an aosa óig, thiontaigh Caitlín ar a dúil féin san amhránaíocht sean-nóis agus bhain sí corn in Oireachtas 1992 sa Daingean, Co
D’oibrigh uncail eile le hEibhlín, Seán Ruiséal, sna mianaigh in Butte, Montana, Meiriceá, agus ba é a chum ‘Amhrán na Mianach’ úd a chloistí go minic ag amhránaithe Chorca Dhuibhne. I scoil náisiúnta Naomh Bríde ar an gCarraig agus i Meánscoil Chlochar na Toirbhearta sa Daingean, Co
Tuairimítear go raibh sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa Daingean, Co
I 1933 bhailigh buachaillí ón Daingean dhá scéal uaidh don Bhráthair Pádraig Ó Riain [q.v.]