Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
In alt a scríobh sé in Capuchin Annual 1937, ‘Cuimhne is Comparáid’, tráchtann sé ar an nGaeilge agus an Béarla a bheith measctha le chéile i gcúrsaí an lae. D’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge as leabhair Uí Ghramhnaigh[B4] agus ó mháistir scoile sa chomharsanacht agus chuir sé rang Gaeilge ar bun tuairim 1903 i dteach Mháire Hussey ar an gCuas Mór agus é d’aidhm aige léamh agus scríobh na Gaeilge a mhúineadh do chomharsana ar Ghaeilgeoirí iad