Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 11
Tá tuairiscí nach bhfuil ag teacht le chéile faoin áit a rugadh an file agus tugann Ó Fiaich an breithiúnas seo: gurbh i bparóiste an Chreagáin a rugadh é, gurbh i mBaile an Achaidh, baile fearainn atá i gcuid Ard Mhacha den Chreagán ach ar an teorainn le Co ··· Glactar leis gur i gceann de na scoileanna ‘pápúla’ sa Chreagán nó i nDún Gall a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh an Bhéarla, áireamh, agus an t-eolas a bhí aige ar scéalta agus litríocht na Gréige agus na Róimhe ··· In Irish Book Lover, Eanáir/Feabhra 1930, tá cuntas ag Séamus Ó Casaide [B2] ar an gcaoi ar loiteadh bailiúchán lámhscríbhinní a bhí ag máistir scoile i gceantar Bhaile na Lorgan i dTír Eoghain tuairim 1921; ba de dhéantús Mhic Cumhaigh cuid éigin díobh. D’fhostaigh an tUrramach Hugh Hill, reachtaire pharóiste an Chreagáin, é mar gharraíodóir ··· Fear saibhir ba ea é siúd, eastát aige arbh ionann é agus ceithre bhaile fearainn sa Chreagán ar chuid é den dúiche a bhí ag muintir Uí Néill an Fheadha go dtí aimsir Chromail ··· Bhí a dheirfiúr mar bhean tí aigesean agus é ina shagart paróiste sa Chreagán agus cibé caoi ar chaith sí le hArt uair scríobh sé an aoir ‘Máire Chaoch’ uirthi, rud, b’fhéidir, nár mhéadaigh ar ghnaoi Uí Choinne air. Phós Art col seisir leis féin, Mary Lamb, san eaglais Phrotastúnach; shíl sé, is dóigh, nach dtabharfadh Ó Coinne cead pósta dóibh toisc an ghaoil sin agus gan an dispeansáid chuí aige
Ba iad John Crehan agus Mary Farrell a thuismitheoirí, Rushestown, an Creagán, Co ··· Níl an Droichead Nua ach ceithre mhíle go leith ón gCreagán. Bhí sé i gColáiste Chnoc an tSamhraidh i Sligeach sular oirníodh é i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, 1900
In Seanchas Ard Mhacha, 1978 ag Seosamh Ó Dufaigh tá liosta dá ailt, leabhair, agus léachtanna 1944-78. In Áth na Marbh, míle ó Choilleach Eanach i bparóiste an Chreagáin Íochtair, Co ··· Is as an gCreagán dá chara Réamonn Ó Muirí agus dúirt seisean: ‘Ba é an Creagán a chéadsearc
Sa Chreagán, an Baile Nua, in aice leis an Aonach, Co
Rinne sé taifid de chaint agus d’amhráin cuid de na cainteoirí dúchais a bhí thuas go fóill i nDromainn Tí agus sa Chreagán
Thaistil siad le chéile go deisceart Ard Mhacha, go hÚrchill an Chreagáin agus go hÚrchnoc Chéin Mhic Cáinte, ag déanamh cláracha faoi fhilí Oirialla, Peadar Ó Doirnín, Art Mac Cumhaidh agus Cathal Buí
Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais an bhliain sin (idem 27 Lúnasa 1909) agus arís i 1911. Tá mórchuid tagairtí dó sa Claidheamh i rith 1909-11: é ina mholtóir agus ina scrúdaitheoir ag feiseanna ar fud na hÉireann; é ag seinm an veidhlín ag aeraíocht i mBaile na Carraige san Iarmhí; ag seinm i gceolchoirm sa Chreagán i nGaillimh; ina rúnaí ar an bhfochoiste le breathnú isteach i meastacháin an Chonartha; dráma nua a bheith scríofa aige, Áine Ní Ruairc, a léireofaí ag an Oireachtas (4 Meitheamh 1910); é ina Ollamh Cúnta i gColáiste Chonnacht sa Spidéal; é a bheith ag breacadh síos cuid de na foinn a bhí á seinm ag Feis Chonnacht i 1910; comhfhreagras le Tomás Ó Máille[B3] ar siúl aige i dtaobh staid na teanga i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; gur aistrigh sé ‘The Wreath’ le Sir Julius Benedict ar mhaithe le ceolchoirm ag an Ard-Chraobh (17 Feabhra 1912); gur léiríodh dráma beag a scríobh sé i gcomhair Fleadh na Nollag—staicín áiféise a dhéanamh de dhream an Litrithe Shimplí fáth a scríofa (14 Eanáir 1911). In alt ar Scoil Éanna in Irish Independent 2 Aibreán 1938 scríobh Jerome F
D’éag sé ar 6 Eanáir 1828 agus cuireadh é sa Chreagán
Fuair Seón bás tuairim 1759 agus cuireadh é sa Chreagán; ba mhinic a cheaptaí ina bhardach teampaill sa pharóiste sin é
I 1900 chaith Micheál bliain i gColáiste Iognáid mar dhalta lae, ansin bliain eile mar mhac léinn cónaithe i gColáiste na bProinsiasach sa Chreagán, agus bliain eile fós i gColáiste Sheosaimh i nGaillimh
Ag múineadh sa scoil sin freisin bhí a bhean Bríd Ní Eidhin arbh as an Droichead Nua, an Creagán, Co