Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Is é a deir muintir Uí Chadhain: (1) gur chreid Máirtín féin agus a dheartháireacha agus a dheirfiúracha gurbh in Eanáir 1906 a rugadh é agus gur cinnte gurbh acusan is fearr a bheadh an t-eolas (2) gur léir ar Leabhar na mBaistí sa Spidéal gurbh ar 4 Eanáir i mbliain 1906 a rugadh é (3) gur saolaíodh an chéad leanbh a bhí ag tuismitheoirí Mháirtín ar 25 Feabhra 1905 (Cáit a fuair bás go hóg), rud a fhágann soiléir nach in Eanáir 1905 a rugadh Máirtín (litir ó nia Mháirtín, Seán Ó Cadhain, thar ceann a mhuintire, 21 Samhain 2004). Ba é Máirtín an duine ba shine dár mhair de thrí dhuine déag a rugadh do Sheán Ó Cadhain, talmhaí ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal, Co
Bhí an t-ádh orm agus freagra ar an gceist sin d’aimsiú tá mí ó shin ann.’ Ba í Mairéad Ní Chearna a mháthair; b’as an mBaile Beag dá hathair agus b’as an gCnocán Glas ina aice le Fiodh Ard dá máthair, ar Chearnach í freisin, agus bhí gaol cleamhnais ag a muintir le craobh de Bhuitléaraigh Dhún Búinne