Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 9
Tá cónaí ar Úna Darmody, aois 93, i dTeach Mealóg, ar an Monsignor Pádraig Ó Dochartaigh, aois 87, in Fresno i gCalifornia agus ar mo mháthair, Caitlín, aois 89, sna Dúnaibh in iarthuaisceart Thír Chonaill.’ Uair éigin roimh 1911 chuir sé faoi i bhFál Carrach. Amhránaí aitheantúil ba ea é ag an Oireachtas timpeall 1911 ··· Nuair a maraíodh duine de Chonstáblaí Ríoga na hÉireann sa bhFál Carrach i rith Chogadh na Saoirse is beag duine a chuaigh go dtí an tórramh
Fuair Liaimín teach ar cíos i gCill Ulta, an Fál Carrach, leathmhíle ó theach a bhí ar cíos ag an am sin ag Aodh de Blacam agus ansin ag Úna Ní Fhaircheallaigh, agus ar feadh a saoil ina dhiaidh sin chaitheadh sí féin agus P.S
Bhí fear céile a iníne ag gabháil don obair chéanna sa cheantar in aice leis an bhFál Carrach
Deir Ó Catháin: ‘Suas le 10,000 leathanach lámhscríbhinne a tháinig óna pheann agus ní bréag ar bith a rá gur éirigh le Liam Mac Meanman sciar mór den dúchas s’aige féin, an dúchas Conallach, a shábháil agus é sin uilig in achar gearr chúpla bliain.’ Chaith sé an chuid eile dá shaol oibre ag múineadh i bhFánaid, i nGleann Daoile, i nDroim Eochaille agus ar deireadh san Fhál Carrach
Chuaigh sé féin agus a bhean Bríd a chónaí i bhFál Carrach ansin agus bhí gníomhach i nGlór na nGael
Bhí sé tamall ina uachtarán ar Choláiste Cholm Cille, an coláiste samhraidh i nGaoth Dobhair, agus bhí baint aige leis na coláistí tánaisteacha i mBun an Inbhir agus sa bhFál Carrach
Thug sí léi a col ceathrair agus cara May Gonne, agus a madra ollmhór Dagda in 1890 go Dún na nGall chuig eastát Olphert ar an Fhál Carrach, áit a raibh dinnéar aici leis an easpag agus leis na sagairt pharóiste, agus neartaigh sí an comhbhá leis an bhfeachtas san áit sin
Idir 1974 agus 1980, cuir i gcás, tugadh iomlán mhuintir Inis Bó Finne amach go tír mór agus d’imigh 50% de bhunadh Thoraí go tithe Comhairle Contae ar an Fhál Charrach
Nuair a bhí sé ina chléireach cúirte ar an bhFál Carrach ligeadh an Breitheamh Breathnach dó an chúirt ar fad a chur sna trithí dubha gáire d’fhonn síocháin a dhéanamh idir lucht spairne