Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 28
Is cinnte go raibh deis aige anois chun a bheith ina scríbhneoir lánaimseartha. ‘Do phós sé cailín álainn as an gCeathrú Rua gurbh ainm di Cáit Ní Chatháin, cailín cliste stuama, ionnas go bhfuilid ag maireachtaint anois i measc na nGael i gConamara, an áit is ansa lena gcroí, Muiris ag brath ar an bpeann agus a mhnaoi ag friotháilt na lóistéirí ina bhfuil a cáil go hard mar chócaire ··· B’as Doire Fhatharta sa Cheathrú Rua do Cháit ··· Bhí i gceist aige ar dtús talamh a cheannach i gCorca Dhuibhne ach b’fhearr go mór le Cáit bheith sa Cheathrú Rua. Ní raibh aon rath i ndán dó mar scríbhneoir lánaimseartha sa mhéid nár éirigh leis rud a bhí in aon ghar do bheith chomh fiúntach le Fiche bliain ag fás a scríobh. Ní raibh foilsitheoirí Gaeilge ná Béarla sásta Fiche bhliain fé bhláth a fhoilsiú ··· D’fhan Cáit agus an leanbh ab óige sa Cheathrú Rua; bhí scoláireacht samhraidh i gceardscoil Ros Muc faighte ag Eoin ··· Tá sé curtha i mBarr an Doire sa Cheathrú Rua. Drámadóir agus aisteoir ba ea a mhac Eoin (1935-1989)
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Mac ba ea é le Paitsín Mhicil Thaidhg Ó Catháin, an tógálaí a thóg cé Chaladh Thaidhg ar an gCeathrú Rua, Co ··· Bhí a ainm ar an bpáipéar vótála agus thug 2,146 duine a gcéad vóta dó, le méid a ngeana air a léiriú, ní foláir. Bhí teach tábhairne/siopa aige ar an gCeathrú Rua ··· Phós sé Brigid Burke ón Turlach Mór 1939 agus ní raibh aon chlann acu. Sna cuntais a scríobhadh air sna páipéir i ndiaidh a bháis luadh lena ainm an dul chun cinn a rinneadh sa cheantar: monarchana bréagán sa Spidéal agus i gCasla: meadú ar na deontais tithíochta Ghaeltachta; scéim na dtithe gloine; na ceardscoileanna a tógadh i Ros Muc agus ar an gCeathrú Rua agus na cinn a bhí le tógáil ar an gCnoc agus in Árainn. Ag a dheartháir Micheál a bhí an teach tábhairne ina dhiaidh ··· Bhí sé páirteach i gCogadh na Saoirse, é ina chaptaen ar chomplacht na Ceathrún Rua, agus chaith tuairim bliain go leith i bhFrongoch
Bhí Cáit Bhreathnach, ar chara le hÉamon a deartháir Diarmuid, tar éis saoire sa Cheathrú Rua agus bhí aithne curtha aici ar Laillí, rud a d’éascaigh ag Éamon aithne a chur uirthi ··· Bhí an cailín seo tagtha ón gCeathrú Rua chun bainistíocht óstáin a fhoghlaim ar Shráid Chathail Bhrugha. Tuairim an ama sin d’aistrigh Éamon ó Garnett agus Keegans, siopa a thaithíodh iascairí slaite, go dtí Kevin Hilton agus a Chomhlacht, ach ba ghairid gur tuigeadh dó nach mbeadh aon bhaint ag an bpost seo le haon ní a raibh taithí aige air ··· Bhí sé ina bhall tamall de bhanna céilí Loch Gamhna. Bhí Éamon ábhairín faiteach nuair a thug Laillí cuireadh dó chun bualadh lena tuismitheoirí sa Cheathrú Rua ··· Ábhar comhrá aici féin agus ag Éamon an oíche sin ab ea an grúpa ceoil a bhí bunaithe aici d’óige na Ceathrún Rua
Aistríodh go dtí an Cheathrú Rua é i ndiaidh dhá bhliain eile agus bhí sé ann go 1896. Mhair cuimhne a ghníomhartha i measc an phobail ansin ··· Deirtear gur thug sé cuireadh d’Fhear Ionaid an Rí, Balfour (sílim), don Cheathrú Rua, áit ar thug sé béile breá agus neart poitín dó ··· Bhí sé ina bhall de chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1891 le linn dó bheith sa Cheathrú Rua
Deir garchlann Chonchubhair gur le linn do Edward bheith ina dhochtúir íoclainne ar an gCeathrú Rua, Co ··· Phós an t-athair faoi dhó agus d’fhág sin go raibh leasdeartháireacha aige, ar dhuine díobh Edward a bhí tráth ina eagarthóir ar an Irish Independent. Ní raibh toradh ar chuardach a rinneadh i dtaifid bheireatais na Ceathrún Rua agus pharóistí chathair na Gaillimhe
a bhí ag Cóil Choilm Deáirbe agus ag Nan Mharcuisín (Ní Chualáin) as Inis Oirc, ar Inis Mhic Cionnaith (An tOileán Mór), sular athraíodar amach go Doire Fhátharta [an Cheathrú Rua, Co ··· na Gaillimhe] i 1969.’ Tar éis bunscolaíochta agus meánoideachais ar an gCeathrú Rua chaith sé tamall i Sasana sula ndeachaigh sé go Bostún mar ar chaith sé tuairim is deich mbliana
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. Oíche Nollag 1929 a saolaíodh Peadar Lamb ar an mBóthar Buí in aice na Ceathrún Rua ··· Bhí sé rannpháirteach sa tsraith a scríobh Eoin Ó Súilleabháin, Colm i Sasana agus Colm sa bhaile. Sa bhliain 2012 bhí Peadar, Geraldine agus a mac Marcus páirteach i leagan Gaeilge de dhráma Beckett Come and go, a d’aistrigh Gabriel Rosenstock agus a léiríodh sa leabharlann i mbaile dúchais an aisteora, an Cheathrú Rua
Nuair a d’aistrigh Nuala siar go dtí an Cheathrú Rua, Co ··· D’éirigh sí as a cuid oibre leis an mBéal Binn in 2006 agus d’aistrigh sí féin, Pádraic agus Iseult, siar go dtí an Cheathrú Rua i gConamara ag deireadh na bliana sin
Post é a bunaíodh in Acht Teaghlachais an Uachtaráin (1938) agus post é a bhí ar chomhleibhéal le Rúnaí Roinne sa chuid eile den státseirbhís. Sa Chaorán Mór, An Cheathrú Rua, Co ··· Dúirt sé leis an Uiginneach gur mhó an luí a bhí aige le stair ná le cúrsaí teanga agus litríochta; rinne sé cuid mhór saothair ar stair na Ceathrún Rua agus ar stair pharóiste an Chillín i rith a bhlianta deireanacha. D’éag a bhean Máire 22 Aibreán 1985 agus d’éag sé féin 13 Márta 2005
Agus é ina Ardmháistir ar Choláiste Mhic Dara ar an Cheathrú Rua, Conamara, cheap sé córas smachta a bhí bunaithe ar a thaithí sa Chéad Chathlán
Bhí sé ar fhoireann na bPiarsach a bhuaigh Craobh Shóisear Peile Iarthar na Gaillimhe agus ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Naomh Anna nuair a shocraigh muintir Leitir Móir agus Leitir Mealláin foireann dá gcuid féin a chur chun páirce in 1964. Níor mhaolaigh sin uilig a ghrá don aisteoireacht ag tráth den saol ina raibh cúrsaí drámaíochta thar a bheith láidir i gConamara agus cumainn i dTír an Fhia, Leitir Móir, Carna, Cois Fharraige, ar an gCeathrú Rua agus ar an Spidéal. Ba dlúthchara de chuid Dhiarmada an t-údar, an file agus an t-aisteoir Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha agus ba mhinic ar an stáitse le chéile iad – Pionta amháin uisce, Ortha na seirce, Mar a chéile muid agus An tincéara buí ar na drámaí ab fhearr le Diarmuid. Tar éis dó a ghnó a dhíol i dtús na 1990idí, thug Mac an Adhastair an chuid eile dá shaol ag plé leis an aisteoireacht go gairmiúil
Chaith sé ceithre bliana is daichead san áit nó gur éirigh sé as sa bhliain 1999 agus níorbh aon ionadh gur Joe na Feamainne a thugtaí go ceanúil ar fud Chonamara air. San am a raibh Joe John ina fhear óg bhíodh ócáidí móra ceoil Tigh Sé ar an gCeathrú Rua
In 1934, tar éis na hArdteistiméireachta, chaith sé mí ar an gCeathrú Rua, i nGaeltacht na Gaillimhe, ach in 1935 bhí sé ar ais arís i Rann na Feirste
I 1950 phós sé Máire Ní Mhuirí, múinteoir ón gCeathrú Rua, Co
‘Ag dul chuig an scoil ar an gCeathrú Rua as Doire Fhátharta ar an mbus a bhí Baba maidin nuair a d’íoc Johnny táille an bhus di ...
Is iad na drámaí leis a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta: An cruastóir agus An mhéar fhada (1995); Mar a chéile muid sa chnuasach Gearrdhrámaí an chéid (2000) in eagar ag Pádraig Ó Siadhail, ar dhúirt sé leis an nGlaisneach ina thaobh gurbh é an dráma ba fhearr leis féin é de na drámaí aonmhíre a bhí scríofa aige. Dar leis an agallamh sin in Inniu gurbh ó thosach deireadh an Charghais a bhíodh na drámaí á léiriú aige sa Spidéal, An Cheathrú Rua, Carna, Cill Rónain, Inis Oírr agus Inis Meáin, agus ba mhinic 400 duine sa láthair
Chaitheadh sé tamall go minic ar an gCeathrú Rua d’fhonn cur lena eolas ar an nGaeilge
Ábhar i mBéarla is mó a bhailíodh Séamas ach bhailigh sé ábhar i nGaeilge freisin ar an gCeathrú Rua, Co
Bhí buime acu ón gCeathrú Rua, Gaeilge a labhraítí sa teach agus cuireadh Donnacha go dtí Scoil Lorcáin
Chaith sé tamall timpeall 1981-82 in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua, Co
Chaith sé mí i bhfochair Mhuiris Uí Shúilleabháin[B5] ar an gCeathrú Rua
Go luath ina saol bhí sí ina ball den Réalt i nDún Laoghaire agus ba bheag samhradh nach raibh sí ag foghlaim Gaeilge sa choláiste samhraidh ar an gCeathrú Rua, Co
Thosaigh an obair i Scoil an Tuairín ar an gCeathrú Rua ar 16 Feabhra 1908
‘Tha sgeul ort an Coise-Fhairge/ Ann an Éirinn thall;/ Eadar an Cheathramh Ruadh is Spidéal/ Dh’fhág tú iomadh snaim./ Bha thú ag Gàidheil Éireann/ Mar fhear dhuibh féin is de’n dream/ Dh’aithnich iad annad-sa an fhéile/ Nach do reub an cuan/ Nach do mhill míle bliadhna:/ Buaidh a’ Ghàidheil buan’. In Osgaig i Rathasair, oileán atá in aice leis an gClár Sgithe nó an tOileán Sciathanach, a rugadh é ar 6 Meán Fómhair 1915
Ceapadh é ina shagart paróiste i gCillín (an Cheathrú Rua) tuairim 1929
Chaitheadh sé a laethanta saoire i dTír Chonaill agus ar an gCeathrú Rua. Aistríodh é go Béal Feirste i 1935 nuair a d’iarr sé sin agus dhá bhliain ina dhiaidh sin chuir sé rang Gaeilge ar bun sa Clarence Place Hall ann agus ina dhiaidh sin sa N.S.P.C.C
I 1954 freisin chaith sé tamaill in Árainn agus ar an gCeathrú Rua
Tuairiscíodh 10 Feabhra 1906 gur chuir sé agallamh ar an gCanónach Ó Maicín i dTuaim agus ar 31 Márta 1906 gur bhunaigh sé craobh ar an gCeathrú Rua