Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 30
Múinteoirí náisiúnta i gCill Rónáin, Árainn, a thuismitheoirí, Pádraig Ó hEithir (d’éag 10 Meán Fómhair 2001) ó cheantar Shráid na Cathrach, Co ··· an Chláir, agus Bríd (Delia) Ní Fhlatharta (d’éag Eanáir 1973) de bhunadh Ghort na gCapall, Árainn; ‘Cúlra Bhreandáin’ is teideal don chéad chaibidil i leabhar Mhic Con Iomaire agus is leor a lua anseo go mba dheirfiúr í a mháthair leis na scríbhneoirí Liam Ó Flaithearta[q.v.] agus Tomás Ó Flaithearta[B5] ··· Chaith sé cuid de 1987-88 ag obair ar scannán Mhuiris Mhic Conghail faoi Árainn, Mórchuid Cloch, Gannchuid Cré; i bhfad roimhe sin, i 1975, bhí an scannán My Own Place déanta aige ··· Scaipeadh a luaithreach ar an bhfarraige in Árainn agus ar uaigh a mhic Rónáin i nGráinseach an Déin
Chaitheadh an teaghlach saoire in Ó Méith, mar a raibh Mac Néill i mbun coláiste Gaeilge, agus in Árainn ··· Nuair a daoradh Mac Néill chun báis in 1916 chuaigh Máire agus deifiúr óg léi go hÁrainn agus bhí ar scoil i bhFearann an Choirce ··· Mhaigh Eo agus in Árainn agus chaith tamall in Lund ag freastal ar léachtaí Carl von Sydow[B7: 201] agus tamall in Uppsala
Tháinig Micheál Ó Maoláin, de bhunadh Árainn, ar ais go hInis Meáin agus thug iarraidh a athair a ghríosú chun scríbhneoireachta in 1932, nuair a bhí Dara aon bhliain déag ··· D’imir sé peil chomh maith agus d’eagraigh sé cluiche idir a oileán féin agus a dhá chomharsa bhéal dorais - Árainn agus Inis Oírr, cluiche a bhuaigh Inis Meáin ··· Rinne a fhear gaoil, Macdara Ó Conaola as Inis Oírr, cóiriú nua-aimseartha ar cheann díobh, ‘Slán leis an Dún Aengus’ – dán faoi dheireadh ré an bháid cháiliúil a théadh as Gaillimh go hÁrainn roimh ré an ‘Naomh Éanna’ agus na seirbhísí nua-aimseartha a théann anois as Ros an Mhíl, Co
Phósadar in 1960 agus an bhliain dár gcionn bhogadar go hÁrainn, áit ar chaith Nóirín cúpla bliain ag múineadh i mBunscoil Eoghanachta. Ós rud é nach raibh aon mhuirín ar a aintín ná ar a uncail, ba ag Seán a fágadh an fheirm a bhí acusan i Ré na gCiseach agus d’fhill sé féin agus Nóirín as Árainn ar an áit sin in 1963
Chuir sé eagar ar ocht n-imleabhar de Celtica agus bhí ina stiúrthóir ar an Medieval and Modern Irish series. Scríobh Tomás Ó Concheanainn aiste air in Comhar, Samhain 1972, agus, i gcomhthéacs an dearcaidh choitianta gur dhuine é de na scoláirí Ceilteacha nach raibh bá acu le hathbheochan na Gaeilge, thagair do na gnéithe ‘maithe’: a bhinne a labhraíodh an Ghaeilge a d’fhoghlaim sé in Árainn; gur i nGaeilge a dhéanadh sé cuid dá chomhfhreagras: an tsamhlaíocht agus an cumas teoiricíochta a bhí go láidir ann agus é ag scríobh ar an seanlitríocht: agus nach raibh sé sásta le saothar tur ná le foilsiú téacsanna ··· In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 17 Samhain 1961, deirtear gurbh i mBéal Átha an Ghaorthaidh a d’fhoglaim sé an teanga i dtosach ‘cé gur i dTuar Mhic Éide agus in Árainn a chuir sé bail ar a fhoghlaim’
Aistríodh an coláiste sin ar ball go Cill Éinne, Árainn, agus ansin go dtí na Forbacha (Fuaim na mara: irisleabhar Choláiste Mhic Phiarais Uimhir I 1925)
Ach deir Caitlín Uí Thallamhain go raibh roinnt Gaeilge foghlamtha aici as leabhair Eoghain Uí Ghramhnaigh[B4] agus tá an abairt seo ag Proinsias Mac Aonghusa in Éamon de Valera: na blianta réabhlóideacha, 1982: ‘Bunmhúinteoir í a tógadh i dtuaisceart Chontae Átha Cliath agus a thug a cuid Gaeilge léi ó phílear as Árainn a bhí ag obair sa gceantar’
Toghadh ina bhall de Chraobh Londan é 3 Samhain na bliana céanna (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 le Donncha Ó Súilleabháin) agus thug sé síntiús le haghaidh leabharlann Árann (Fáinne an Lae 3 Nollaig 1898)
In Comhar, Márta 1979 dúirt sé: ‘Nuair a bhíodh an ceacht ceoil agus an ceacht Gaeilge agus gach uile shórt críochnaithe, shuíodh Colm isteach ag an bpianó a bhí sa bhaile agus bhíodh na seanamhráin ar bun aige agus sin mar a músclaíodh mo spéis sna seanamhráin’. Deir Breathnach gur mhol Ó Lochlainn do Shéamus Ó Duilearga[q.v.] go bhfostódh an Coimisiún Béaloideasa Séamus chun leanúint d’obair bhailiú an cheoil a raibh tús curtha léi ag Liam de Noraidh[B3] ach gurbh i gConamara agus in Árainn a dhéanfadh sé é
Chaith sé ceithre mhí in 1894-5 in Árainn
Chaith sé an tréimhse 31 Lúnasa 1895 go 11 Eanáir 1896 ag foghlaim Gaeilge ón seanchaí Máirtín Ó Conghaile i mBaile na Creige in Árainn
In consequence, he often wrote Irish words phonetically or, as it would appear at times, in whatever way the spirit moved him.’ Agus deir sé arís: ‘Wilde who was a fluent Irish speaker mixed freely with his fellow-countrymen and delighted in the picturesque and somewhat turbulent life of the peasantry.’ Deirtear gur labhair sé i nGaeilge le muintir Árann le linn don Acadamh agus an British Association a bheith ann in 1857
Chuir sé réamhrá i nGaeilge le Deutsche Lieder aus 7 Jahrhunderten: German Songs of seven centuries (1943) agus deir: ‘Ba mhinic dom ag éisteacht le hamhráin Ghaeilge cois tine in Árainn is i gConamara agus i measc cuideachtan Ghaelach i nGaillimh is i mBaile Átha Cliath, agus is mé a bhaineadh taitneamh astu
Ceapadh é ina bhreitheamh dúiche i 1968, post a bhí aige go ceann 31 bliain; i rith an 17 bliain tosaigh bhíodh cúirt aige i mórán áiteanna: Árainn, Gaillimh, Ros Mhic Thriúin
Deir Brian freisin gur ar chomhairle Eoin a chuaigh Úna go hÁrainn. E
Chaith sé sé mhí in Árainn, Inis Meáin agus Inis Oírr agus sé mhí eile ag obair ar láithreacha tógála i mBirmingham le hoileánaigh
Is minic a thugadh sé cuairt ar Ghaillimh is ar Árainn mar is í Gaeilge Chonnachta ab fhearr leis labhairt
He speaks with wonderful passion and earnestness, and is complete master of the whole oratoric art”. In Inis Meáin in Árainn a rugadh é ar 16 Samhain 1870
Scríobh sé litir in Fáinne an Lae 26 Samhain 1898 ag cur in aghaidh an bhailiúcháin airgid a bhí á dhéanamh chun leabharlann a bhunú in Árainn
Mura raibh ardchlú air mar riarthóir is cinnte go raibh cion mór agus ardmheas air agus gurbh fhéidir teacht timpeall ar cibé fadhbanna a d’éiríodh. Dúirt sé féin in Inniu 30 Eanáir 1953 gur fhoghlaim sé an Ghaeilge i gConamara agus in Árainn
Ar 29 Márta 1896, léigh sé páipéar ar an gcogadh i Matabeleland ag cruinniú den Ard-Chraobh. I gcraoladh de chuid Radio Éireann, dúirt Micheál Ó Maoláin (as Árainn): ‘Ba é an chéad duine i mBaile Átha Cliath ba tsiocair le Gaeilge a chur dá múineadh mar theanga bheo’ (Irish Independent 24 Eanáir 1940)
B’as an Droim, Leitir Móir, dá athair Tomás agus b’as Árainn dá mháthair
Ba ghá eolas ar an nGaeilge, ar ndóigh, agus bhí cuairteanna tugtha aige ar Árainn agus ar an mBlascaod
Chaith sé trí sheachtain in Árainn in 1903
Ba as Port an Dúnáin i gContae Ard Mhacha dá athair, Charles, ealaíontóir a tháinig go Conamara ar mholadh Phádraic Uí Chonaire agus a bhfuil cáil mhór ar a shaothar, go háirithe na pictiúir ina bhfeictear gnáthmhuintir Chonamara agus Árann. B’iníon le Ford Madox Ford, úrscéalaí agus file Sasanach, ar de bhunadh na Gearmáine í, máthair Pheadair, Katharine
Ag Brian Ó Catháin tá i gcló in Bliainiris 7, 2007 ‘Litir: Liam Ó Flaithearta chuig Seosamh Daibhéid’. Ba é an naoú duine clainne agus an dara mac é a rugadh do Mhicheál Ó Flaithearta, talmhaí i nGort na gCapall, Árainn, agus dá bhean Margaret Ganly ar 28 Lúnasa 1896
an Chláir, go hÁrainn agus go Gaillimh le ceithre ghlúin ar a laghad
Phós sé féin agus Bríd Ní Chonghaile ón Sruthán, Árainn, in 1981 agus bhí triúr mac acu
I measc na múinteoirí a fuair sí ann roimpi bhí Máire Ní Chathaláin, a bheadh ina príomhoide i Scoil Lorcáin, agus Máire Ní Cheallacháin, iníon le David O’Callaghan [B4], múinteoir cáiliúil Árann, a bheadh ina príomhoide sa scoil ar feadh 1944-50
In An Claidheamh Soluis 25 Samhain 1988 tá 'the veteran in the fight' mar chur síos air: b'amhlaidh a thug Éamonn Ó Néill (1876-1946) [q.v.] mar shainmhíniú ar Éireannach 'one who Irish or is sorry he doesn't' agus chuir an Gordúnach mar eireaball leis 'that the sorrow should bear fruits of repentance'. Chuir Micheál Ó Maoláin [q.v.] as Árainn aithne air san Ard-Chraobh