Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 14
D’aistrigh sé William Tell Schiller in An Claidheamh Soluis – (Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1931). Is spéisiúil gur sheas a dheartháir Fionán do Chlann na Poblachta i mBaile Átha Cliath (Thuaidh Láir) i dtoghcháin 1948, 1951 agus 1954. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
I rith a shaoil iriseoireachta scríobh sé eagarfhocail in The Irish Times, bhí sé ina léirmheastóir litríochta, ina eagarthóir tamall ar Commonweal agus ar an Standard agus ó 1931 go 1948 ba é Roddy the Rover in Scéala Éireann é. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Fhianna Fáil ach i 1947 cheangail sé le Clann na Poblachta
Bhí baint aige le Cairde na Gaeilge ó 1948 ar aghaidh agus chabhraigh sé le Clann na Poblachta in olltoghchán na bliana sin, cé gur ghairid ina dhiaidh a nocht sé gur le Sinn Féin a bhí bá aige
Ach deirtear freisin go raibh sí an-chúthaileach agus gurbh amhlaidh gur chabhraigh Lady Lavery go mór léi chun dualgais shóisialta na hoifige a chomhlíonadh. Nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht 1932 thosaigh de Valera agus a airí rialtais ag caitheamh go tarcaisneach leis an oifig agus briseadh Mac Néill as a phost nuair a d’fhoilsigh sé an comhfhreagras a bhí aige le de Valera. Cheangail sí le Clann na Poblachta sna 1940idí agus ceapadh í mar Aire na hÉireann sa Háig Feabhra 1950
Faoi 1947 bhí sé ina bhall de Chlann na Poblachta
Toghadh é ina Theachta Dála thar ceann Chlann na Poblachta i 1948
Bhí siopa agus teach tábhairne ag an nGaeilgeoir seo sa tsráid­bhaile sin nuair a toghadh ina Theachta Dála é thar ceann Chlann na Poblachta i bhfothoghchán 29 Deireadh Fómhair 1947
Sheas sé do Chlann na Poblachta i mBaile Átha Cliath Láir Thuaidh in olltoghchán 1948 agus ghnóthaigh an vóta ab airde (2708) de na hiarrthóirí nár toghadh; faoi 1951 bhí a vóta laghdaithe go mór
Bhí a dheartháir Fursa gníomhach i gConradh na Gaeilge i nGaillimh, i gCumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus i gClann na Poblachta.
Bhí sé ar bhunaitheoirí Chóras na Poblachta i 1940 agus Chlann na Poblachta i 1946
Thacaigh sé go gníomhach le Clann na Poblachta in olltoghchán 1948; d’éirigh sé cairdiúil leis an Dr Nollaig de Brún dá bharr agus bhí ag múineadh Gaeilge dó
Is ar son Chlann na Poblachta a sheas sé i ndáilcheantar Mhaigh Eo Thuaidh i 1954
I rith éigeandáil 1939-45 bhí sé ina oifigeach ceannais ar Chathlán Mhaigh Eo Thiar den Fhórsa Cosanta Áitiúil. Le Fianna Fáil a bhí a bhá ar dtús ach thug sé a thacaíocht do Chlann na Poblachta a luaithe a bunaíodh an páirtí sin i 1946 agus is thar a gceann a toghadh é ina chomhairleoir contae i 1950
Bhí baint aige ina dhiaidh sin le Clann na Poblachta agus ar ball le Páirtí an Lucht Oibre. Is do Ghlúin na Buaidhe (1943–1984), eagraíocht Ghaeilge, a rinne sé a chéad scannáin