Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Ar na drámaí a chuir sé ar stáitse fad agus a bhí sé ann, bhí An táilliúir, a scríobh a athair. Sna 1960idí, mar shaoririseoir agus mar léitheoir nuachta Gaeilge agus Béarla in RTÉ, scríobh Diarmaid scripteanna do chláir Ghaeilge agus Bhéarla, a chuir sé féin i láthair, ar a raibh Sing the peasantry (1970), sraith ar théamaí na himirce, na scoileanna scairte, an t-ionnarbadh, an imirce, Ó Conaill agus Reipéal, na tithe móra agus amhráin ón ochtú haois déag; Hands, clár ar cheirdeanna traidisiúnta na hÉireann; Voices from a hidden people, faoin Yólais, canúint Fhothart agus Ó Bairrche, Co