Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 4
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. Ón am a chonacthas é ar an gcéad chlár den sobaldráma Ros na Rún a chraol TG4 i mí na Samhna 1996 nó go bhfuair sé bás i mí Iúil na bliana 2015, bhí Diarmuid Mac an Adhastair ar dhuine de na haisteoirí ba mhó a raibh aithne agus gean air ar scáileáin teilifíse na hÉireann ··· I bpíosa scannánaíochta a rinne aisteoirí Ros na Rún faoina bpáirteanna roinnt blianta sular bhásaigh sé, dúirt Diarmuid go raibh go leor de thréithe Shéamuis Mhicil Tom ag baint leis féin ··· Chomh maith leis an scór séasúr a chaith sé i Ros na Rún, bhí sé páirteach sa scannán lánfhada Cré na cille a rinneadh in 2006 mar cheiliúradh 100 bliain ar bhreith an údair, Máirtín Ó Cadhain. Ghlac sé páirt sna gearrscannáin Cosa nite (1998), Dillusc (1999) agus An leabhar (2000) agus bhí sé sna drámaí stáitse Ní maith liom do thrioblóid agus Faoi dheireadh thiar, a scríobh a dhlúthchara Joe Steve Ó Neachtain ··· Is iomaí sin eagraíocht a rinne coimisiúnú ar phíosaí dá chuid oibre le bronnadh ar dhaoine cáiliúla, mar a rinneadh ar an tráchtaire spóirt Micheál Ó Muircheartaigh agus ar Caroline Kennedy, iníon iar-uachtarán na Stát Aontaithe. Bhronn Oireachtas na Gaeilge Buanghradam Cumarsáide ar Dhiarmuid Mac an Adhastair in 2005 as feabhas a chuid saothair ar Ros na Rún. Nuair a tháinig scéala a bháis ar an 10 Iúil 2015 bhí lucht leanta an tsobaldráma sin croíbhriste, mar a bhí na haisteoirí ar fad a d’oibrigh leis ó léiríodh den chéad uair é. Seo cúpla sliocht as an dán a chum Joe Steve Ó Neachtain ina ómós agus a léigh sé ag aifreann sochraide Dhiarmada: “How is the oul lad that wipes his mouth with his cap or with his sleeve?” sin í an cheist a chuirtear ormsa ins chuile choirnéal den tír dá gcastar mé
Dá bharr siúd agus i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, RTÉ, FÁS, TnaG agus Eo Teilifís, múineadh scileanna léirithe agus teicniúla na teilifíse do ghlúin óg nach raibh a leithéid de sheans acu roimhe: bainisteoirí agus cúntóirí léirithe, ceamaradóirí, oibrithe fuaime, lucht measctha físe agus eagarthóirí. Le bunú TnaG, ba iad Eo Teilifís i gcomhar le comhlacht eile, Tyrone Productions, a fuair an conradh le sobaldráma a sholáthar don stáisiún agus bhí Máire mar léiritheoir feidhmeach ar Ros na Rún ón gcéad lá go dtí gur buaileadh tinn í in 2016. I dTuar Mhic Éadaigh i ndeisceart Cho ··· Ina dhiaidh sin bhí sí fostaithe ag Bord na Gaeilge mar fheidhmeannach oideachais gur shocraigh sí a dhul ag plé le cúrsaí teilifíse, lenar chaith sí an chuid eile dá saol. Ba é Ros na Rún an coimisiún aonair ba mhó i stair na teilifíse in Éirinn nuair a bronnadh sin ar Eo Teilifís agus ar a bpáirtithe in 1995
Bhí baint aige le roinnt cláir faisnéise a chraol RTÉ agus sna 1990idí ghlac sé páirt Tommy Ridge, imirceach a bhí fillte ar an mbaile as Meiriceá, i sobaldráma TG4, Ros na Rún. Ba mhinic freisin a ghlór le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta
Sobalchláir eile a raibh páirteanna aige iontu is ea Ballykissangel agus Ros na Rún