Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
I lár na 1980idí chuaigh sí ag obair mar thaighdeoir le Coco, comhlacht neamhspleách léirithe teilifíse a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath, agus in 1988 bhunaigh sí a comhlacht féin, Eo Teilifís, a raibh a cheanncheathrú ar an Spidéal agus a léirigh cláir i nGaeilge do pháistí, ina measc Kitty Crash, Mise agus Pangur bán agus Mire mara, clár puipéad a bhuaigh an gradam don chlár ab fhearr do dhaoine óga ag Féile na Meán Ceilteach in 1996. Bhí an-chreidiúint aici i dtábhacht na puipéadóireachta i gcláir Ghaeilge do dhaoine óga agus chruthaigh sí caidreamh le cuid acu siúd a bhí i mbun an chláir cháiliúil Mheiriceánaigh, Sesame Street, a d’fhág gur tháinig siad go hÉirinn lena gcuid scileanna a roinnt léi