Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Seo iad na scéalta de chuid Tom atá ar an gcaiséad: ‘An t-am a raibh Fionn Mac Cumhaill ina pháiste’, ‘An Gobán’, ‘An craiceann agus a luach’, ‘Ruaidhrí Caoir Ó Flatharta’, ‘Triúr clainne na barrscolóige’ agus, an scéal ab ansa leis féin, ‘Donnchadha Mór,’ an ceann a d’aithris sé do Mháirtín Tom Sheáinín ar an gclár Comhrá ar TG4 in Aibreán na bliana 2007. Scéalta fada Fiannaíochta ba ea cuid de na scéalta ab fhearr a bhí ag Tom Bheartla Tom, cuid acu os cionn uair an chloig ar fhad, ach iad a insint ó thús go deireadh, leithéidí ‘Triúr clainne na barrscolóige’ agus ‘Céatach Mac Fhinn Mhic Cumhaill.’ Ar na cinn eile a d’insíodh sé bhí ‘Glóir mhac rí in Éirinn,’ ‘An t-am ar tháinig Oisín as Tír na nÓg,’ ‘An Chailleach Bhéarra agus an bhó,’ agus ‘Alastar mac an Impreora.’ I dteannta na scéalta, bhí seanchas go leor aige freisin a bhain leis na seanfhéilte, Lá Bealtaine agus Oíche Fhéile Mártan, cuir i gcás. Bhí Tom Bheartla Tom páirteach freisin i gcláir a craoladh ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4 faoina sheanuncail Larry Saile Ó Flaithbheartaigh, a thug a bhean agus a chlann as an Lochán Beag chuig Minnesotana Stát Aontaithe in 1880, le héalú ón nGorta Beag
D’eachtraigh sí scéal a saoil do Mháirtín Tom Sheáinín Mac Donncha ar an gclár Comhrá ar TG4 in 2006. Faoin am ar bhásaigh Dóirín Mhic Mhurchú ar 28 Samhain 2014 bhí an ceathrú glúin dá sliocht agus de shliocht Éamoinn saolaithe