Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I gcuntas iarbháis in Foinse, 27 Eanáir 2002 i dtaobh an bhéaloideasaí seo scríobh Lillis Ó Laoire: ‘Is leacht é a bhailiúchán, an ceann is mó dá ndearna aon bhailitheoir aonair a d’oibir don Choimisiún, do thréimhse áirithe i saol an réigiúin, do na daoine a ghlac páirt ann (1,400 acu), do na glúnta Conallach agus Éireannach go deimhin, nach dtáinig chun tsaoil go fóill, agus i ndeireadh báire dó féin.’ In Oidhreacht Ghleann Cholm Cille, 1989 in eagar ag Seosamh Watson tá an t-alt ‘Printíseacht Phroifisiúnta Sheáin Uí Eochaidh Lúnasa 1935-Eanáir 1936’ ag Séamas Ó Catháin agus in Béaloideas, 2002 tá cuntas iarbháis ag an scoláire céanna (san uimhir sin freisin tá ‘Adhmholadh an Athar Sheáin Uí Ghallchóir ··· Is lena shaothar a bhaineann an gnéchlár teilifíse Béaloideas a léirigh Joe Mulholland agus a craoladh ar dtús i 1977 agus an gnéchlár An Scéalaí Deireanach