Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Ba mhinic páirt aige sa chlár ‘Fios Farraige’ ar Raidió na Gaeltachta agus shíl an Ríordánach gur chainteoir álainn é agus cainteoir cruinn
Ba é freisin a leag bunchloch na seirbhíse spóirt a chuir an raidió ar fáil dá chuid éisteoirí in iarthuaisceart na tíre. Ach ní le cúrsaí polaitíochta agus spóirt amháin a bhaineann an chraoltóireacht raidió atá fágtha ina dhiaidh ag Feardorcha Ó Colla agus a chruthúnas sin le fáil sna cláir Conallaigh chonallacha, Stair paróistí, Deis a labhartha, Bunscoileanna na Gaeltachta, Tuairisc phearsanta, Teaghlaigh cheolmhara Chúige Uladh, Díospóireacht na seachtaine, Dúchas & cinniúint, Ón tsean-am anall, Fios farraige, Na hUltaigh ag gabháil cheoil, Tamall comhrá agus go leor eile. Lean sé leis ag obair le Raidió na Gaeltachta gur aistrigh sé chuig Seomra Nuachta RTÉ i nDomhnach Broc in 1987, áit ar chaith sé tréimhse ghairid. Thug sé tamall gearr eile don mhúinteoireacht ansin i bPobalscoil Chloich Chionnaola, ach d’fhill sé ar ghnóthaí pobail nuair a fuair sé post le Meitheal Forbartha na Gaeltachta i nGaoth Dobhair