Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Ag tagairt don difríocht idir clann agus cluain i logainmneacha, scríobh Seán Ó Donnabháin [q.v.]: ‘This is ascertained from the living voice of People who speak Irish at the present day (which is more authority than O’Reilly who could not pronounce Irish at all)’ (‘Seán Ó Donnabháin agus a lucht cúnta’ le Ruaidhrí de Valera in Journal of the Royal Society of Antiquaries, 1949). I dtuairisc a bháis in The National Magazine, Deireadh Fómhair 1830, dúradh gur ‘in the drudgery of a merchant’s office, and subsequently in a retail business for the support of a numerous family’ a bhí sé ag saothrú a choda i dtosach báire