Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Tá fianaise ann gur toisc gur do Phádraig Ó Dálaigh a tugadh post an Ard-Rúnaí i 1901 a d’fhág sé a phost rúnaíochta sa Chonradh. In 1901 fuair sé obair mar eagarthóir Gaeilge in Freeman’s Journal agus bhíodh an cúinne Gaeilge á sholáthar aige ann ··· Dúirt an Dr Micheál Ó hIceadha[B1], Leas-Uachtarán an Chonartha, i litir in Freeman’s Journal 25 Márta 1903 go gcuirfeadh iompar na gCéitinneach náire ar ‘footpads or South Sea islanders’ ··· B’fhéidir gur chuir ceapacháin Eoghain Uí Neachtain[q.v.] in 1901 agus an Phiarsaigh in 1903 mar eagarthóir ar An Claidheamh Soluis, de rogha ar Thorna agus ar Sceilg, leis an drochmhéin go léir. Ach ba é an peaca ba mhó dá ndearna bainistíocht an Chonartha, dar leis na Céitinnigh, gur áitíodar ar eagarthóir an Freeman in 1905, más fíor, gur cheart dó post an eagarthóra Gaeilge a thabhairt do Chonnachtach agus gur ar an gcuma sin a chaill Sceilg a shlí bheatha ··· B’fhéidir gur chun díoltas a agairt ar a chomharba sa Freeman, Tomás Ó Máille[q.v.], a scríobh Sceilg léirmheas an-ghéar in Irish People, Aibreán 1906, ar Amhráin Chlainne Gaedheal (1905) arbh iad Tomás agus a dheartháir Micheál[q.v.] a chruinnigh agus a chuir síos iad